Ba dhóigh leat go raibh rith an ráis le Pádraig Ó Fiannachta sa bhliain 1939, tráth ar éirigh leis dhá scoláireacht a fháil. D’fhág an méid sin go raibh ar chumas a mhuintire íoc as áit dó i gColáiste Bhréanainn i gCill Airne. Bhí teist mhaith ar an gColáiste sin agus é an-oiriúnach dóibh siúd a bhí le dul sna sagairt.
Dá fheabhas é an méid sin mar scéal, dhéanfaí tástáil ar chreideamh Phádraig nuair a bhuail tragóid muintir Uí Fhiannachta amach sa bhliain chéanna úd.
Bhí a dheartháir beag, Micilín, amuigh ag spraoi sa ghort lá. Scríob sceach caol a láimhe. Níor tugadh mórán suntais dó ar dtús ach tuigeadh tar éis tamaill go raibh nimh ann.
B’éigean Micilín a thabhairt chuig an ospidéal i dTrá Lí. D’éirigh lena mháthair, Nóra, lóistín a fháil i gcomhair na hoíche. An lá dár gcionn, cuireadh in iúl do Nóra go raibh Micilín caillte.
An teiteanas a bhí air, tinneas a chuireann tart aisteach ar dhuine. Ní raibh focal Gaeilge i bplaic na n-altraí a bhí ag obair san ospidéal agus san áit a raibh “deoch ’en uisce” á hiarraidh ag Micilín bocht, is amhlaidh a ceapadh gur feoil lachan a bhí uaidh. “All night he was looking for his duck”, a dúirt an t-altra le Nóra.
Uisce a bhí uaidh; bia a fuair sé. Chaoin máthair bás a mic.
Dá mhéad callshaoth a bhain dó féin agus do chuid dá ghaolta, d’fhéach Pádraig le ceiliúradh a dhéanamh ar an dóchas agus ar an lúcháir ina shaol agus ina shaothar ina dhiaidh sin. San áit a mbíodh an bás á chaoineadh, bhí an bheatha anois á ceiliúradh, agus is mar seo a leanas a thug sé Micilín chun cuimhne amach sa tsaol agus é ag cur peann le pár:
An bhearna i mo chroí-se
Riamh ó shin níor líonadh
Go bhfeaca romham ar bhinse Máirín Óg Ní Fhiannachta
Den dara glúin im dhiaidhse
B’fhacthas do Phádraig go raibh an gaol idir é féin agus Máirín chomh sínte sin nach raibh aon seanchaí ann a ríomhfadh é, nó, faoi mar a scríobh sé féin:
Na glúinte trínar síoladh
An mianach ceannann céanna
Is an Ghaoluinn aici chomh líofa
Le Micilín i gclúid mo chroí-se.
Ag machnamh dó ar anbhroidí an tsaoil agus ar an gceangal gan choinne a bhíonn idir an méid sin agus an áilleacht uaireanta, scríobh Pádraig:
‘Ní dóigh liom gur san áilleacht féin – san áilleacht idéalach amháin – atá an áilleacht le fáil. Tá an áilleacht le fáil uaireanta i gcúinsí deacra agus gaibheann sé uaireanta leis an dtrioblóid agus leis an dua; agus go speisialta ansan, faighimid an áilleacht nuair a bhíonn an rud deacair seo á shárú againn.’
Bhíodh cóip de shaothar C.S. Lewis, The Problem of Pain, ag Pádraig agus ba nós leis é a choimeád ar na seilfeanna aige sa Díseart i nDaingean Uí Chúis, d’fhonn a bheith ag méaraíocht leis ó am go ham.
Ní foláir gur aithin sé a scéal féin sa sliocht is cumhachtaí agus is spioradálta dár scríobh Lewis riamh, sliocht atá beag beann ar cheist an chreidimh, ach sliocht ina léirítear sprid an chine dhaonna anuas trí na glúine. Is sa phíosa céanna a fhaighimid spléachadh ar streachailt uilíoch na nglúine, agus ar an áilleacht a bhaineann le sárú na streachailte sin, mar a dúirt an Fiannachtach féin.
Mar seo a leanas a rinne C.S. Lewis na gnéithe éagsúla den streachailt sin a shníomh le chéile agus é ag labhairt ar theacht aniar an duine atá in umar na haimléise:
‘Is lú comharthaí an suaitheadh intinne ná an phian chorpartha, ach is coitianta an suaitheadh intinne agus is troime d’ualach é. Is minic a dhéantar iarracht suaitheadh intinne a cheilt, rud a dhéanann an t-ualach níos troime fós: is fusa “Tá daitheacha fiacaile orm” a rá ná “Tá mo chroí briste”.
Mar sin féin, má ghlactar leis an méid ba chionsiocair leis an tinneas agus má thugtar aghaidh air, neartóidh sé an duine, agus déanfaidh íonghlanadh air i dtaobh meoin, agus imeoidh an phian le haimsir. Uaireanta, áfach, mairfidh an tinneas agus is uafásach an buille ar an duine é; mura dtugtar aghaidh ar an méid ba chionsiocair leis nó mura n-aithnítear é, néaróis ainsealach a thoradh.
Ach éiríonn le roinnt, le teann misnigh, an tinneas ainsealach féin a shárú. Is iomaí duine acu seo a dhéanann saothar den chéad scoth, agus a ndéantar iad a láidriú, a chruachan i dtaobh meoin, agus a fhaghairt, mar a dhéanfaí le cruach.’
Faghairt na cruaiche scéal Phádraig; a theachtaireacht do chách: go bhfuil an stuif sa duine teacht as an gcallshaoth, dá olcas a scéal ar uairibh, ach tuiscint a bheith aige ar a chumhacht féin agus ar chumhacht an dóchais laistigh ann.
Teachtaireacht é sin a b’fhiú a roinnt le haos óg na hÉireann, agus go háirithe lenár bhfir óga.
Learrai
Grmma a Kevin Hickey.
Jim Normoyle
A Chaoimhín
Ar fheabhas ar fad. Ceacht duinn go léir – óg agus sean.
Séamus Mac Confhormaoile