Bhí sé de phribhléid agam gur orm a chuir RnaG an cúram tuairisciú ó shochraid Eoin Pól II

Is léir, mar a tharla scór bliain ó shin, go mbeidh lá sochraide an Phápa Proinsias áirithe ar cheann d’ócáidí móra na linne

Bhí sé de phribhléid agam gur orm a chuir RnaG an cúram tuairisciú ó shochraid Eoin Pól II

Scór bliain go ham seo, beagnach go dtí an lá, a bhí sochraid mhór ar Phápa sa Róimh go deireanach nuair a adhlacadh an Pápa Eoin Pól II.

Cé gur bhásaigh a chomharba Benedict XV1 dhá bhliain ó shin níor tugadh sochraid iomlán pápa dósan. Ní raibh sé i gCathaoir Pheadair tráth a bháis mar gur éirigh sé as an gcúram in 2013. De bharr na heachtra stairiúla sin a roghnaíodh Proinsias -Jorge Mario Bergoglio as Buenos Aires na hAirgintíne.

Beidh sochraid an Phápa Proinsias sa Vatacáin an deireadh seachtaine seo agus is léir na cosúlachtaí le himeachtaí na seachtaine úd nuair a fágadh slán leis an bPápa Polannach.

Bhí sé de phribhléid agam gur orm a chuir RTÉ Raidió na Gaeltachta an cúram ag an am tuairisciú a dhéanamh ón Róimh ar bhás agus ar shochraid Eoin Pól. Ag breathnú ar na himeachtaí agus na searmanais sa Róimh na laethanta seo is iomaí cuimhne a thagann ar ais ón tseachtain sin ar bhásaigh Eoin Pól – óna bhás tráthnóna Sathairn, 2ra Aibreán go dtí lá a shochraide ar an Aoine dár gcionn.

Bhí beagán d’fhógra níos faide go raibh bás an Phápa ag teannadh linn in 2005 mar go raibh sé nach mór admhaithe ag an Vatacáin go raibh Eoin Pól ag saothrú an bháis. Cé go raibh sé soiléir le scaitheamh go raibh Proinsias ag tabhairt uaidh ní raibh súil lena bhás mar a tharla. Ach ó thaobh na sochraide de is léir gurb é an múnla céanna atá ag an Vatacáin arís cé’s moite de chorrleasú.

Bhí Cearnóg Pheadair sroichte agam luath sa lá sular bhásaigh Eoin Pól agus is ar éigean a d’fhág mé an Vatacáin arís go dtí go raibh an tsochraid thart sé lá dár gcionn. Thar aon chuimhne eile ar na laethanta sin tá cuimhne amháin – sin na sluaite ollmhóra ag triall ar Bhaisleac Pheadair lena n-ómós a ‘spáint is le radharc a fháil ar thaisí an Phápa is é os cionn cláir. Thosaigh na sluaite sin ag cruinniú fiú sular bhásaigh sé agus deirtear go raibh cúig mhilliún duine ann sa deireadh.

Bhí na scuainí ar na sráideanna dochreidte. Ní fhaca mé a leithéid riamh roimhe ná ó shin. Bhí sí ar an tsochraid ba mhó riamh ar dhroim na cruinne is cosúil agus an slua is mó ceannairí domhanda dá raibh ag aon ócáid taobh amuigh de chruinnithe na Náisiún Aontaithe.

Bhí mé i lár an tslua 70,000 duine sa gCearnóg an oíche ar fógraíodh bás Eoin Pól ag tríocha a seacht nóiméad théis an naoi a chlog. An ciúnas a thit ar an slua ag an nóiméad sin an chuimhne a fhanann buan is ansin na paidreacha agus na hiomainn. B’éigean domsa coirnéal cúlráideach a aimsiú le tuairisc bheo a thabhairt d’éisteoirí Raidió na Gaeltachta. Cé nach raibh cúrsaí teicneolaíochta chomh maith is atá siad inniu, bhí an fón póca tagtha ar an saol, rud a rinne cúrsaí i bhfad níos éasca. Rith sé liom ag an am nach bhféadfaí craoladh mar sin a dhéanamh an uair gur bhásaigh Pápa roimhe sin i 1978. Go deimhin tháinig sé chun solais níos deireanaí go raibh fógra faighte ag eagraíochtaí meán ón Vatacáin nóiméid sular tugadh an scéal don slua sa gCearnóg. Dul chun cinn na teicneolaíochta.

Ar ndóigh tá rudaí tagtha chun cinn ó shin ach ar bhealach is beag athrú bunúsach atá ar shochraid an Phápa.

D’iarr an Pápa Proinsias na searmanais a shimpliú ach níor cuireadh mórán de na deasghnátha i leataobh. Bhíodar leagtha amach le fada sa leabhar liotúirgeach – Ordo Exsequiarum Romani Pontificis – agus tá an t-eagrán nua a foilsíodh anuraidh cosúil go maith leis an leagan amach a bhí ann in 2005.

Tá athrú suntasach ar an mbealach a bhfuil corp an Phápa le feiceáil ag an bpobal. Cuireadh sa gcónra é roimh luí faoi ghradam an stáit. Cónra adhmaid atá aige mar a bhíodh ar Phápaí roimhe, cé nach mbeidh trí chónra á gcur air mar ba nós. Tá clúdach since nó luaidhe taobh istigh den adhmad.

An t-athrú is mó ar fad nach bhfuil Proinsias á adhlacadh sa Vatacáin ach ag láthair ar an taobh eile den Róimh i mBaisleac Santa Maria Maggiore. Bhí deabhóid aige don eaglais seo is d’iarr sé gur ann a bheadh a fhód deireanach.

Seans nach mbeidh an líon daoine a thiocfaidh ag sochraid an Phápa Proinsias chomh mór leis an slua a tháinig ag Eoin Pól ach beidh cruinniú mór ceannairí domhanda arís ann. Chuir na sluaite a tháinig ón bPolainn agus ó áiteacha eile leis na figiúirí freastail in 2005. Ach is léir go bhfuil na céadta míle ar a laghad ag triall ar an Vatacáin an iarraidh seo freisin. B’éigean Baisleac Pheadair a fhágáil oscailte ar feadh na hoíche mar a rinneadh in 2005.

Is léir, mar a tharla scór bliain ó shin, go mbeidh lá sochraide an Phápa Proinsias áirithe ar cheann d’ócáidí móra na linne. Nárbh amhlaidh do shochraidí na bPápaí leis an cianta.

Fág freagra ar 'Bhí sé de phribhléid agam gur orm a chuir RnaG an cúram tuairisciú ó shochraid Eoin Pól II'