Bhí mo dhóthain den dornálaíocht agam tar éis babhta speárála amháin le Mick Lally

Bhí contúirt ag baint leis an dornálaíocht riamh anall ach bhí uair ann go raibh contúirt ag baint freisin le bheith ag éisteacht le babhta dornálaíochta

Bhí mo dhóthain den dornálaíocht agam tar éis babhta speárála amháin le Mick Lally

Uair amháin i mo shaol a chuaigh mé trí na rópaí i gcró dornálaíochta le féachaint a chur orm féin.

Ba bhréag a rá go raibh mé feistithe amach chun troda. Bhí na miotóga orm ceart go leor, ach seachas sin ba ghnáthéadaí a bhí ag sábháil mo náire.

Cé nach bhfaighidh sibh freagra mo cheiste go mbeidh píosa léitheoireachta déanta agaibh, déarfainn go bhfuil barúil mhaith agaibh cheana féin.

Dá dhonacht sin, ba mheasa i bhfad an greadadh a fuair mé de bharr babhta eile dornálaíochta nach raibh baint ná páirt agam leis. Ní baileach gur ghéill mo chéile comhraic do Rialacha Queensberry ach an oiread. Go deimhin dá mba ag dul do na rásaí capall a bhí sé, seans go ndéanfaí é a chur ar fionraí siocair iomarca úsáide a bhaint as an bhfuip.

I lár na 1960idí, i suanlios i scoil chónaithe a tharla an luíochán – amach i lár an mheán oíche agus formhór an domhain ag baint macalla as na rataí le srannadh.

An oíche chéanna bhí na rataí á gcroitheadh freisin sna Maple Leaf Gardens in Toronto. Ní i mbun suain a bhí an dream ba chúis leis sin – scór míle duine bailithe isteach faoi chaolach an tí sin go bhfeicfeadh siad Muhammed Ali ag cosaint Coróin Trom-mheáchain an Domhain in aghaidh George Chuvalo.

Cosamar dhá bhliain roimhe a bhuaigh Ali an chraobh nuair a chuir sé Sonny Liston de dhroim seoil i Miami Beach.

Cé go raibh buaite ar Liston arís aige agus freisin ar Floyd Patterson, faoin am a dtáinig earrach na bliana 1965, persona non grata a bhí i Muhammad Ali in áiteacha go leor ina thír dhúchais.

Tugadh cúl dó agus cáineadh é siocair bá a bheith aige le Náisiún Ioslam. Bhí a sheasamh maidir le Cogadh Vítneam agus a dhiúltú dul isteach san arm ina chnámh spairne freisin agus níor thaitin a chosaint neamhbhalbh ar a chuid tuairimí le go leor.

Ní raibh aon stát i Meiriceá a thabharfadh ceadúnas troda dó agus dá bharr ní raibh aige ach a dhul go Ceanada, tír dhúchais Chuvalo. Fear crua ab ea é siúd. Ainneoin go raibh sé ag tarraingt ar 30 bliain d’aois agus é sáraithe i dtrian de na troideanna a bhí déanta aige, níor cuireadh ar a thóin riamh é.

Bhí oiread bíse orainne sa gcoláiste cónaithe agus a bhí orthu siúd a bhí i Toronto. Cé go raibh cosc glan ar a leithéid, bhí ceann de na gléasanna raidió ar a dtugtaí ‘transistor’ i ngan fhios ag duine de na buachaillí a bhí sa suanlios liom. Ag tuairim 3.00 am cuireadh ar bun é féachaint an bhfaigheadh muid tuairisc ar bith as Ceanada.

Bhí gach re sian agus scréach bheag ag an ngléas go mba dheacair tada a thuiscint, ach nuair a ceanglaíodh crochadán cótaí miotail den leaba iarainn agus nuair a cuireadh an cloigeann eile in aghaidh an raidió, bhí smut éicint le cloisteáil.

Bhí gach a raibh sa seomra bailithe ina thimpeall mar a bheadh ál sicíní.

Agus naoi nó deich de bhabhtaí déanta, bhí toradh na troda fós idir dhá cheann na meá. Ansin a tharla an tubaiste. Torann doirse á n-oscailt agus á ndúnadh feadh an phasáiste agus na coiscéimeanna ag teacht níos gaire agus níos gaire dúinn faoi dheifir.

Déan na Smachta agus é ag baint torann as an gcasóg a bhíodh air lena mhaide – faisean a bhí aige agus troigh feirge air.

Ar an urlár fúinn a bhí a sheomra. Ní féidir ach gur chuala sé an trup os a chionn – ach nach raibh a fhios aige go baileach cén suanlios a bhí i gceist.

Riamh, níor tharraing John Wayne an gunna as an gcurra chomh scafánta agus a d’oscail sé an doras – an solas casta air aige leis an lámh eile aige ar an iompú céanna.

Seisear a bhí ar chuma na n-aingeal a bhí le feiceáil aige os a chomhair amach. A gcuid súile dúnta go docht agus duine nó beirt acu ag srannadh. Chuile dhuine acu chomh ciúin, suaimhneach le páiste i gcliabhán.

Chuir sé strainc air féin agus bhí leath-iompaithe le dul ar ais amach nuair a tháinig cineál scréach as an raidió – ní baileach gur éirigh lena úinéir é a chasadh as ar fad agus é á shá síos faoi na pluideanna.

Le camóg an chána a bhí ina lámh aige a tharraing an Déan anuas na héadaí leapan. Aniar ó na hUaimíní, tharraing sé aon iarraidh dhamanta amháin a rinne míle píosa den gceangal idir muid féin agus Muhammad Ali.

Taca an ama, bhí na heolaithe ab fhearr i Meiriceá ar a ndícheall i Cape Canaveral ag iarraidh a theacht ar bhealach faoina gcuirfidís fear ar an ngealach. Geallaim duit nach gcuirfeadh an té ab éirimiúla acu an Phillips beag le chéile arís faoin am a raibh an Déan réidh leis.

Fúinne a thug sé ansin. Áibhéil a bheadh ann a rá gur theastaigh cóir leighis a chur orainn. Níorbh aon cheapadh é nach raibh George Chuvalo leath chomh righin, stromptha de bharr Ali agus a bhí muide lá arna mhárach.

Dornán blianta dár gcionn a tháinig an chuairt aonair a thug mé féin ar an gcró dornálaíochta. Os mo chomhair amach bhí seaimpín de chuid na hÉireann agus na Breataine.

A chuid aisteoireachta ba mhó a thuill clú agus cáil do Mick Lally, trócaire air, ach nuair a bhí muid in Ollscoil na Gaillimhe le chéile fadó bhuaigh Mick Craobh Trom-Mheáchain Ollscoileanna na tíre seo agus ina dhiaidh ceann na Breataine.

I gClub na bhFear, ar bhruach na Coiribe agus trasna ó Ardeaglais na Gaillimhe a dhéanadh na dornálaithe a gcuid traenála an uair sin. Lá a raibh cúpla duine againn ag mháinneáil thart ansiúd d’iarr Mick isteach muid go ndéanfadh muid beagán speárála leis.

Thóg Mick go deas, réidh linn é. Fós chuir an iarraidh ab fhánaí dár thug sé sa tsrón dom uisce le mo chuid súile. Tháinig ré roithleagán orm de bharr buille éadrom sa ngiall. Gan caite ach dhá nóiméad ba dhona uaim an dá mhiotóg a choinneáil crochta de bharr chomh tuirseach agus a bhí mo chuid lámha.

Bhí mo dhóthain den dornálaíocht agam.

‘Mauled by Miley’, más uait é a chur ar an gcaoi sin!

Fág freagra ar 'Bhí mo dhóthain den dornálaíocht agam tar éis babhta speárála amháin le Mick Lally'

  • Colm

    An-phíosa mar is iondúil ó Mhártan