Bhí fobhrístí faoi leith curtha i leataobh aige nach gcaithfeadh sé ach amháin ar a leithéid d’ócáidí…

‘Ná déan nós agus ná bris nós’ a deirtear agus is oth lenár gcolúnaí go gcaithfidh sé a chuairt ar Cheltenham a scaoileadh thairis i mbliana

Bhí fobhrístí faoi leith curtha i leataobh aige nach gcaithfeadh sé ach amháin ar a leithéid d’ócáidí…

‘Ná déan nós agus ná bris nós’ a deir siad. Is furasta é a rá ná cloí leis agus anois atá an t-aiféala do mo bhualadh go gcaithfidh mé mo chuairt ar Cheltenham a scaoileadh tharam i mbliana.

Tá a gcuid bealaí féin linn ar fad agus tá mé ag ceapadh go mbíonn níos mó doichill roimh an athrú againne ar ansa linn imeachtaí spóirt ná a bhíonn ag mianach ar bith eile.

Ní móide go bhfuil muid ar fad chomh dona le Páidí (Ó Sé), trócaire air, nach dtabharfadh aghaidh ar Bhleá Cliath mar imreoir nó mar bhainisteoir gan an chulaith éadaigh chéanna a bheith ar a dhroim, gan an traein a fháil ag an am céanna agus a fuair sé riamh agus nach bhféadfadh dul thar an séipéal ar Shiúlán Bhaitsiléir sa bpríomhchathair gan a dhul isteach ann.

Más fíor, bhí fobhrístí faoi leith curtha i leataobh aige nach gcaithfeadh sé ach amháin ar a leithéid d’ócáidí mar gur mheas sé go raibh an t-ádh ag baint leo. Tá mé ag ceapadh gurb é a chomrádaí mór Tomás Ó Flatharta a chuala mé ag rá go mba nós le Páidí cuairt a thabhairt ar fheirm peataí nuair a bhí an bheirt acu i mbun fhoirne na hIarmhí agus iad ag tabhairt aghaidh ar chluiche mór– gabhar an tsonóg a bhí ansiúd aige!

Tá a gcuid aistiúlachta féin linn ar fad mar sin. Níos minice ná a chéile is nós dá gcuid stopadh i gcónaí san áit chéanna ar an mbealach chuig an gcluiche go n-íosfaidh muid greim bricfeasta. B’fhéidir go mbeadh bráca éicint eile againn ar an mbealach abhaile leis an ocras a bhaint dínn agus cuid den Sunday Game a fheiceáil.

Tá daoine ar m’aithne a mb’éigean dóibh a dhul i dtuilleamaí dochtúirí, posóidí agus piollaí nuair a tógadh na mótarbhealaí idir Bleá Cliath, Luimneach agus Gaillimh cúpla bliain ó shin.

‘Dia dár sábháil’ mar a deir fear Dhún na nGall. An t-aistear ar fad go Bleá Cliath agus gan dé ná deatach ar an Prince of Wales in Áth Luain, Harry’s i gCionn Átha Gad, Mother Hubbard’s i Maigh Bhealaigh agus i gCaiseal Mumhan, Matt the Thresher’s i gCnocán an Éin Fhinn, Teach Ósta Morrissey’s i Mainistir Laoise ná na scórtha eile.

Cé a chreidfeadh go gcuirfeadh 200 míle de bhóthar dlúth agus inneach na beatha as a riocht go hiomlán agus go ndéanfaí easair chosáin den chreatlach shóisialta. Tá daoine fós nach bhfuil tagtha chucu féin.

Is maith ann é an GPS más é an cosán is giorra idir A agus B atá uait. Ach is fada a bheas tú ag fanacht le freagra má bhaineann do cheist le háit a aimsiú ina bhfaigheadh duine éisteacht thuisceanach ar maidin faoi sheansanna a fhoirne i bPáirc an Chrócaigh, nó tearmann ina bhféadfaí scrúdú iarbháis a dhéanamh tráthnóna sa gcás gur teip a bhí i ndán dóibh.

Is ar an gcuma sin a bheas mé as seo go ceann cúpla lá. Curtha as mo chleachtadh agus de mo bhuille . Ag cuimhneamh ar an áit ar mhinic liom a bheith agus a mbeinn anois freisin ann. Murach an Murach .

Ag cuimhneamh cé atá i mo leaba thuas staighre sa Clothier’s Arms i Stroud? An maireann seanfhear a bhíonn ansiúd cois cuntair agus cú leis i gcónaí ? An mbeidh an ceathrar as Newcastle Upon Tyne ag ithe bricfeasta sa gcúinne chuile mhaidin agus iad ag gáire anall liom – drogall ormsa a dhul chomh fada leo mar nár thuig mé leath dá raibh siad ag rá aréir ina gcanúint Geordie. An scéal céanna acusan fúmsa, seans.

Beidh suas le 50,000 ag na rásaí mórán chuile lá i Cheltenham. Fós, ach a bheith ann, ní thógfadh sé dhá mheandar orm an té a bheinn a iarraidh a fheiceáil a bhaint amach – iadsan freisin sna háiteacha céanna a chleachtann siad cos a leagan nó suí fúthu bliain i ndiaidh bliana.

Is cinnte gur in airde sa Centaur Bar agus a dhroim le balla aige a bheas an fear a rugadh agus a tógadh in aice liom ach atá anois in Iardheisceart na tíre. Beidh dhá bhliain imithe anois sula bhfeicfidh mé ansiúd arís é. Más ar chomrádaí eile liom as Londain atá mo thriall beidh seisean agus a bhuíon féin sa tábhairne atá ainmnithe in ómós do Arkle. Nuair is eolas faoi chapaill Willie Mullins atá uaim, is féidir leat a bheith siúráilte gur ina seasamh ag cúinne fháinne na paráide atá mo chara as Cill Chainnigh. Ní fhágann sé sin, fiú agus an rás á rith. Agus nuair a bhíonn an lá istigh cúpla duine a chuaigh ar scoil i mo theannta ach atá timpeall Kilburn ó shin ag fanacht liom thuas sa Queens Hotel.

Dá uireasa anois níl i ndán dom chuile mhaidin as seo go hAoine ach an baile a fhágáil go gceannóidh mé trí nó ceathair de pháipéir. Beidh taifeadadh déanta agam ar an Morning Line nó pé clár atá ina áit anois ós rud é go bhfuil na cearta craolacháin caillte ag Channel 4 agus caithfidh mé chuid eile den tráthnóna i mo scraiste os comhair an scáileáin.

Beidh mé sona go leor cois teallaigh is dóigh, ach is mó sásamh a gheobhainn ar bhuaiteoir amháin a phiocadh thall ná dosaen sa mbaile.

Inseoidh mé rud amháin eile duit agus coinnigh a’d féin é – ach mo shláinte a bheith agam, is fada an lá arís go dtarlóidh sé!