‘Ní raibh ann ach píosa spraoi’ arsa LeasChéad-Aire an Fheidhmeannais, Emma Little-Pengelly. Ag tagairt don rud is suntasaí a dúirt Uachtarán Mheiriceá, Donald Trump léi a bhí sí. Baineadh siar as daoine nuair a dúirt Trump, is é ag moladh chomh maith agus a bhí sí féin agus an Taoiseach ag réiteach le chéile, go mb’fhéidir gur cheart dóibh cumasc.
An raibh Éire aontaithe á mholadh aige? Cá bhfios le Trump. Gach seans go mbeadh a mhalairt de phort aige uair an chloig ina dhiaidh sin.
Mar sin féin d’airigh go leor a bhí sa tseomra gur chomhrá míchompordach é do na hAontachtaithe, idir an DUP agus UUP a bhí i láthair, údar aiféaltais. Rinne páirtithe eile an Tuaiscirt ar fad baghcat ar an Uachtarán Trump, ina measc Sinn Féin agus SDLP, na páirtithe atá tiomanta d’Éirinn aontaithe/Éire nua. Ba shuarach an mhaise é ag poblachtánaithe (Éireannacha) a bheith ag maíomh gur Éire aontaithe a bhí á mholadh aige dar leis an LeasChéad-Aire. Cheistigh aontachtaithe eile arbh amhlaidh nár thuig lucht an athaontaithe greann nó an raibh ag éirí chomh holc sin leo ina bhfeachtas go mbeidís ag iarraidh buntáiste a bhaint as magadh.
Ba é breithiúnas Shinn Féin – fógartha sula raibh deis ag Little-Pengelly beag is fiú a dhéanamh de chaint an Uachtaráin – go raibh an méid a dúirt sé ag teacht le dearcadh atá coiteann i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Dúirt an SDLP gur léirigh an eachtra cé chomh hamaideach is a bhí sé ag Aontachtaithe a bheith ag sodar i ndiaidh Trump.
Ó thaobh na nAontachtach deir Emma Little-Pengelly, thar ceann an DUP, agus Jon Burrows, ceannaire an UUP, go raibh siadsan gnóthach in Washington ar mhaithe le pobal Thuaisceart Éireann murab ionann agus an dream a d’fhan sa bhaile. Bhíodh dianfheachtas sa tóir ar infheisteoirí ar siúl tráth le linn na cuairte ar Washington le haghaidh lá ‘le Pádraig ach faoin réimeas reatha níl an gort sin chomh torthúil is a bhíodh. Cé is moite de bhriseadh taitneamhach a bheith aige leis na Gaeil n’fheadar cén aird a bhí ag Trump ar ghnóthaí an Tuaiscirt; má bhí suim aige sa scéal ariamh, caolseans go raibh i mbliana i bhfianaise na cogaíochta san Iaráin agus sa Mheánoirthear ar fad.
Bainfidh SF agus DUP in Stormont cúpla lá eile as an iomarbhá faoi cé a rinne a dhualgas, seans. Tá an caidreamh eatarthu ag dul in olcas go seasta. Is ionann gnáthpholaitíocht in Stormont anois agus an dá pháirtí sin ag baint plaiceanna as a chéile, frustrachas Alliance ag géarú agus an freasúra oifigiúil, an SDLP, ag fáil an chluas bhodhar den chuid is mó.
Tá géarghá le gníomhartha seachas galamaisíocht. Liosta le háireamh iad ‘na tosaíochtaí’ nach bhfuil bainte amach, Páirc Mhic Easmuinn, bóthar an A5 agus glanadh Loch nEathach, gan ach beagán a lua. Maidir leis an ngéarchéim is deireanaí níor cluineadh aon phlean chun an t-airgead a cheadaigh an Bhreatain a dháileadh ar dhaoine atá buailte go dona ag costas breosla don teas lárnach. Cé gur suarach an tsuim an £17 milliún a faomhadh bhí Sinn Féin agus an DUP ag sáraíocht ar a chéile faoin roinn rialtais a bheadh freagrach as scéim a dhearadh agus a chur i bhfeidhm.
Bheadh a fhios ag páiste gur ghnó don chomh-aireacht ar fad é tarraingt le chéile agus a chinntiú go ndáilfear an chabhair orthu sin is measa atá buailte. Níl áit dá dtéann daoine ar an aimsir seo nach gcloisfear scéalta faoi sheandaoine atá ag fanacht sa leaba mar nach bhfuil teas acu nó daoine atá ag brath ar bhéilí sna bancanna bia mar nach bhfuil siad in acmhainn beatha agus beagán teasa a bheith acu. Tá sé seo ag tarlú tráth a bhfuil ardú pá £14,000 sa bhliain le fáil an mhí seo chugainn ag na Teachtaí Tionóil in Stormont.
Bí ag caint ar chodarsnacht.
WTF
‘Cumasc’ de shórt eile a bhí i gceist aige, b’fhéidir.
Greann Trump i dtaca le mná.