Bhain mé cáil amach as tuairisc theilifíse ar chluiche nach bhfaca mé oiread is cic amháin de

An 25 Meitheamh 1990 a bhí ann an lá  a raibh faitíos ar an náisiún anáil a tharraingt agus foireann na hÉireann ag tabhairt aghaidh ar an Rómáin I gCorn an Domhain

Bhain mé cáil amach as tuairisc theilifíse ar chluiche nach bhfaca mé oiread is cic amháin de

Bhí sé ina ardtráthnóna. Lá breá brothallach. Ní raibh duine ná deoraí ag corraí i gcathair na Gaillimhe. Bhí mé féin agus criú ceamara taobh amuigh de theach tábhairne ar an bhFaiche Mhór ag fanacht. Agus ag fanacht.

An 25 Meitheamh 1990 a bhí ann. I rith an tsamhraidh sin, agus gan aon obair sheasta agam, thairg mé oibriú in áit an sárthuairisceora Jim Fahy (RIP) don seomra nuachta in RTÉ le linn dó a bheith ar saoire. Sin a d’fhág i mo sheasamh mé an lá cinniúnach sin agus mé ag súil go dtarlódh rud éigin agus Éire ag imirt in aghaidh na Rómáine i gCorn an Domhain.

Ní raibh gíog as an lucht féachana sa bpub. Ba léir go raibh fad curtha leis an gcluiche. Am breise leathuair an chloig a bhí tugtha dóibh agus bhí an dá fhoireann ar comhchéim, gan scór ag ceachtar acu.

Ach ní raibh aon bhlúire eolais ag teacht chugam thairis sin. D’éirigh gach rud an-chiúin. Bhí a fhios agam go raibh an pub lán go béal. Gan mórán fáil ar fhóin phóca ag an am, ní raibh a fhios agam go raibh an cluiche ag brath anois ar chiceanna pionóis.

Ina dhiaidh sin a fuair mé amach go rabhadar ar comhchéim, ceithre chúl an fhoireann, agus gan ach dhá chic pionóis fágtha.

Deirtear gur thóg an t-imreoir Daniel Timofte ón Rómáin, cic a bhí sách lag agus shábháil Packie Bonnar an chic sin go caithréimeach. Agus cic pionóis amháin fágtha bhí seans amháin ag Éirinn dul thríd go dtí na cluichí ceathrú ceannais dá n-éireodh leo an cic deireanach seo a bhualadh isteach san eangach.

Faitíos ar an náisiún anáil a tharraingt.

An chéad nod a fuair mé go raibh éirithe le Dave O’Leary an t-éacht sin a dhéanamh nuair a tháinig tuile daoine amach de réab as an teach tábhairne agus iad ag damhsa agus ag liúradh ar an tsráid.

Bhí RTÉ ag iarraidh píosa don nuacht an tráthnóna céanna. Thosaigh mé ar ‘phíosa do cheamara’ os comhair an tslua ach ní raibh aon mhaith ann. Tá mise fós le cloisteáil ar an taifead ach bhí mé scuabtha ag an tonn tuile agus ba bheag nár chríochnaigh mé suas sa bhfuarán ina aice le Sean-Phádraic…

Bhain mé cáil amach an lá sin as tuairisc theilifíse a dhéanamh ar chluiche nach bhfaca mé oiread is cic amháin de.

Chuimhnigh mé ar an lá sin a d’athraigh treo Chorn an Domhain dúinne nuair a d’éirigh le foireann shinsir na hÉireann an cúrsa a athrú in 2025. Bhí an fhoireann in ísle brí agus gan mórán dóchais acu nuair a tharla an mhíorúilt. Anois, tá seans fós againn ar an gCorn in 2026.

Tugtar an chreidiúint go minic do na peileadóirí a fhaigheann na cúil, ach mar a tharla sa gcás thuasluaite, níorbh é éacht Troy Parrott amháin ba chúis leis an mbua. Sárchúl báire, Caoimhín Odhrán Kelleher a rinne a chion freisin le tamall anuas. Cé a cheap ag tús na bliana go sábhálfadh muid cúl ó bhuatais Christiano Ronaldo? Bhuel, ní raibh Ronaldo ag súil leis ar chuma ar bith.

Cé a cheap go mbeadh an oiread sin eolais agamsa faoi chúrsaí peile sa tír seo? Bhuel, is saol ar leith é an saol lena mbaineann an Corn Domhanda. Cuireann duine suim i rudaí fánacha a bhaineas leis. Beimid ar fad ag coinneáil súil ar Troy Parrott amach anseo. Beimid ag súil go gcoinneoidh sé a shláinte agus nach dtarlóidh tada dó. Beimid ag súil go n-éisteoidh sé le comhairle óna Mhamó. Nach bhfuil aithne againn orthu ar fad anois?

Agus aon uair a mbeidh siad ag imirt agus seans acu fós dul chun cinn a dhéanamh sa gCorn, bí cinnte go beidh mise i lár an tslua – os comhair na teilifíse ar a laghad – ag béicíl agus ag liúradh ar nós an tslua a bhí timpeall orm an lá sin ar an bhFaiche Mhór.

Fág freagra ar 'Bhain mé cáil amach as tuairisc theilifíse ar chluiche nach bhfaca mé oiread is cic amháin de'