Rudaí bréana na créatúirí bochta.
Francaigh agus sciatháin orthu a thugann ana-chuid daoine orthu le déistin is le searbhas.
Caith aon tamall ag ithe do lóin is tú ag feitheamh le traein i stáisiún Heuston i mBleá Cliath agus beidh a fhios agat é. Bhainfeadh ceann acu an greim as do bhéal mar a mbeifeá a’ faire amach.
Chomh craosach le haon fhaoileán ocrach ar imeall na cathrach.
Chuala cuid mhaith agaibh trácht ar an bpíosa ceoil traidisiúnta ‘An colúr ar an ngeata’. Má chuardaíonn tú ar líne é, gheobhaidh tú 256 taifead de, ceann a théann siar chomh fada le réimeas an cheoltóra iomráitigh as Sligeach, Michael Coleman.
Saolaíodh Coleman in 1891 i gCnoc Ghráinne agus chaith formhór a shaoil i Nua-Eabhrac.
Bhí an t-ádh linn go raibh gléasanna taifeadta ceoil ag teacht ar an saol an uair sin agus go raibh deis ag Coleman a cheol agus a stíl shainiúil seinnte a chaomhnú. Cailleadh i Meiriceá é agus tá sé curtha i Nua-Eabhrac.
Ceoltóir iomráiteach eile a thug aitheantas don gColúr ar an nGeata ná Neillidh Boyle. Veidhleadóir draíochtúil a saolaíodh i Philadelphia in 1889. De bhunadh Conallach é, agus d’fhill sé lena mhuintir ar a bhfód dúchais sa Chlochán Liath in aois a 8 mbliana.
Chuir sé sin an colúr ar an mapa chomh maith.
Tá colúr aille againn, colúr cluana, colúr frithinge, colúr teachtaireachta, gan trácht ar cholúr toinne…
Ach cad chuige an chaint seo ar fad ar cholúir? arsa tusa.
Scéal a mheallann scéal.
Creid é nó ná creid, agus ní hé Lá na nAmadán atá againn ach oiread, ach léigh mé le déanaí gur chaith colúr suas le hocht mí fé ghlas ag póilíní thall san India! Ar an gcúis gur ceapadh gur colúr spiaireachta a bhí acu a cuireadh i ngéibheann é.
Gabhadh an créatúir bocht neamhbhreá i gcalafort Mumbai agus scríbhinní Síneacha greamaithe dá sciatháin.
Bhí fíor-dhrochamhras ar na húdaráis agus má bhí, chuireadar ‘i bpríosún’ é, ar feadh stáir mhór, faid a bhí fiosrúchán ar siúl acu.
Scaoileadar saor ar deireadh é gan aon chúis a chur air.
Ní hé sin an chéad uair de réir dealraimh a ghabh na húdaráis san India colúir a raibh drochamhras orthu fúthu.
Gabhadh ceann acu in 2016 ar a raibh greanta teachtaireacht bhagartha ar an bPríomh-Aire Narendra Modi.
Ar an dteorainn idir an India agus an Phacastáin a gabhadh eisean.
Rugadh ar cholúr eile leis go raibh fáinne ar a chois agus uimhir ghutháin agus seoladh greanta ar a chorp. Níor tugadh cead d’éinne cuairt a thabhairt ar an gcolúr bocht agus é fé ghlas.
Anois cé a déarfadh ná bíonn saol suimiúil aige colúir in áiteanna seachas in Éirinn, in ionad a bheith suite ar gheataí a’ feitheamh le ceoltóirí traidisiúnta iad a thabhairt amach ar an urlár a’ rince?
jpmorley0@gmail.com
Colúir rásaíochta atá fíor-luachmhar in áiteanna. Ní teachtaire an fhéich ón Áirc iad sin, beag a’ baol!