Beto an buachaill agus an Ruarcach ag rith sa rás mór

Tá go leor daoine i bPáirtí Daonlathach SAM a bhfuil taithí níos mó ar Washington acu ná mar atá ag  Beto O’Rourke,  ach b’fhéidir nach aon dochar é sin

Beto an buachaill agus an Ruarcach ag rith sa rás mór

Iontas an n-iontas! Tá Beto O’Rourke lena ainm a scaoileadh chun cinn mar iarrthóir do thoghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe. Táthar ag súil leis an bhfógra seo ó na toghcháin lár téarma an geimhreadh seo caite, toghchán inar tharraing sé go leor leor airde air féin, cé nár éirigh leis sa deireadh.

Iarbhall de Thithe na Comhdhála é O’Rourke. Bhí sé ina ionadaí ó 2012 i leith ach shocraigh sé gan a ainm a chur chun cinn an geimhreadh seo caite. Iarracht faoin Seanad a roghnaigh  sé ina áit agus thug sé dúshlán Ted Cruz atá ina sheanadóir do Texas ó 2013. Tharraing sé aird na meán cumarsáide agus na tíre agus. thar aon ní eile, aird an pháirtí Dhaonlathaigh air féin le linn an fheachtais. Ba mhinic comparáidí á ndéanamh idir é féin agus an t-iarUachtarán Obama. Bhí dian-iomaíocht ann sa bhfeachtas agus ní raibh d’fharasbarr ag Cruz sa deireadh ach 1.6%.

Éacht ann féin a bhí sa bhfeachtas sin do O’Rourke nuair a chuimhnítear ar a dhílse agus atá Texas mar stát don Pháirtí Poblachtach. Iarcheoltóir le grúpa rac-cheoil in El Paso is ea é agus d’éirigh leis go leor de réalta an cheoil agus an spóirt a mhealladh ina threo. Cabhair mhór d’fheachtas dá leithéid tacaíocht a bheith ag duine ó leithéidí Beyoncé agus Lebron James.

Baineann an chuid is mó den fheachtasaíocht pholaitiúil sna Stát Aontaithe le hairgead agus cumas an iarrthóra airgead a chruinniú. D’éirigh le O’Rourke airgead mór a bhailiú le linn fheachtas an tSeanaid. Chuir sé ¢38 milliún i gceann a chéile sa ráithe dheiridh den fheachtas in aghaidh Cruz. Tá leid ansin go mbeidh buntáiste mór aige ar iarrthóirí eile má dhéanann sé an gaisce céanna arís maidir le bailiú airgid.

Fearacht Obama roinnt blianta ó shin, d’éirigh le O’Rourke gluaiseacht a bhunú mar thaca dó. Tá na mílte duine ag obair go deonach leis an bhfeachtas ‘Draft Beto’ agus tá go leor acu lonnaithe ar champais ollscoile. Bíonn an ghluaiseacht ag eagrú cóisirí tí i stáit éagsúla. Is é Nate Lerner comhbhunaitheoir na gluaiseachta agus uaidh seo amach beifear ag aistriú na n-acmhainní a bhí á gcaitheamh ar an ngluaiseacht a bhunú go dtí an feachtas uachtaránachta.

An cheist mhór sa bhfeachtas seo ná cén chaoi leis an bPáirtí Daonlathach a chur i láthair an phobail ar bhealach a mheallfaidh ar ais na Stáit a chaill an páirtí in 2016. Chuige sin beidh orthu prionsabail áirithe a ghéilleadh agus féach gur mhinic le O’Rourke tacú le reachtaíocht de chuid na bPoblachtach san am a caitheadh.

Tá an páirtí Daonlathach ag iarraidh na hathruithe ar dhearcadh agus ar chineál na mball atá acu a mheas faoi láthair. Is cóir cuimhneamh go dtacaíonn cuid mhaith de na hionadaithe nua atá ag an bpáirtí i dTeach na Comhdhála le Bernie Sanders agus a chuid polasaithe. Ar an eite eile den pháirtí a bheadh O’Rourke.

Go deimhin déarfadh roinnt nach bhfuil gaol ná dáimh ag O’Rourke leis an bpáirtí mar atá anois agus nach féidir aon chomparáid a dhéanamh idir é agus Obama. Is beag cruatan atá feicthe aige a déarfadh lucht a cháinte le hais an iar-uachtaráin.

Tá an oiread á gcur féin chun cinn anois d’ainmniúchán na nDaonlathach gur deacair a mheas cén deireadh a bheidh leis an scéal. Elizabeth Warren, Kamala Harris, Kirsten Gillibrand, Cory Booker, Tulsi Gabbard, Bernie Sanders, Julian Castro, Amy Klobucher – liosta le háireamh iad na daoine atá sa tóir ar an ainmniúchán. Agus anois tá O’Rourke ina measc.

Tá go leor acu níos sinsearaí ná an Ruarcach agus taithí níos faide acu ar Washington.

Ach b’fhéidir nach aon dochar é sin.

Rud amháin atá cinnte, beidh feachtas dearfach aige. Déanfaidh sé iarracht an tír a aontú, a deir sé féin. ‘Gabhfaidh mé ó cheann ceann na tíre agus éistfidh mé leis na daoine,’ a dúirt sé. Tá cuireadh tugtha aige do dhaoine a bheith páirteach ‘sa bhfeachtas is mó riamh’ i measc na cosmhuintire sna Stáit Aontaithe.

Seolfaidh sé a fheachtas in El Paso ar an 30 Márta. In Iowa a bheidh sé an tseachtain seo agus ar ndóigh is ansin i réamhthoghchán na nDaonlathach a gheofar an chéad éachtaint cheart ar a bhfuil i ndán don Ruarcach.

Fág freagra ar 'Beto an buachaill agus an Ruarcach ag rith sa rás mór'