Beochan do pháistí agus clár faisnéise faoi Frank Aiken i measc na gclár nua Gaeilge atá á maoiniú ag Scáileán Thuaisceart Éireann

Fógraíodh maoiniú do 18 tionscadal faoin gCiste Craoltóireachta Gaeilge

Beochan do pháistí agus clár faisnéise faoi Frank Aiken i measc na gclár nua Gaeilge atá á maoiniú ag Scáileán Thuaisceart Éireann

Tá clár beochana, clár faisnéise faoi Frank Aiken, agus sraith faoi Chumann Lúthchleas Gael i measc na dtograí atá le maoiniú faoin gCiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann.

Fógraíodh maoiniú do 18 dtionscadal san iomlán.

I measc na gclár atá le maoiniú faoi chiste 2021, tá an clár beochana Lí Bán leis an údar aitheanta Máire Zepf, clár a bheidh á léiriú ag an gcomhlacht Paper Owl Films, a léirigh an scannán beochana aitheanta Sol.

Déanfaidh Lí Bán athinsint ar bhunús miotaseolaíoch Loch nEathach agus beidh sé le craoladh ar TG4, S4C agus BBC Alba.

Sa chlár faisnéise Frank Aiken: An Díchuimhne atá le craoladh ar TG4, déanfaidh an Dr Síobhra Aiken, fionnó an réabhlóidí agus an pholaiteora, an pháirt a bhí ag a muintir féin sa tréimhse réabhlóideach in Éirinn a fhiosrú.

Beidh deis ag lucht CLG foghlaim faoi na páirceanna cúige CLG is mó le rá agus is mó urraim in An Talamh Naofa, le Below the Radar, sraith a bheidh le feiceáil ar TG4.

Tá maoiniú faighte ag BBC Two NI don séú sraith de An Focal Scoir, an tsraith cainte agus plé a bhíonn á cur i láthair ag Máire Bhreathnach.

Tá maoiniú faighte ag Dearcán Media chun dhá chlár a dhéanamh. Sa chlár Tumtha, déanfaidh Pauline Scanlon stair na ‘gcoláistí ullmhúcháin’ in Éirinn a scrúdú agus pléifidh Iarsmaí na hIarsmalainne leis an dóigh a bhfuil athscrúdú á dhéanamh ag iarsmalanna na hÉireann agus na Breataine ar bhailiúcháin a bhaineann leis an impireacht.

Bronnadh maoiniú ar Raidió Fáilte freisin chun a scéim oiliúna agus craoltóireachta a chur ar siúl don deichiú bliain as a chéile.

Fág freagra ar 'Beochan do pháistí agus clár faisnéise faoi Frank Aiken i measc na gclár nua Gaeilge atá á maoiniú ag Scáileán Thuaisceart Éireann'