Beirt turasóirí tar éis bháis de bharr timpiste a tharla ag láthair thurasóireachta i gCiarraí

Tuairiscítear go raibh an bheirt Mheiriceánach ar thuras i dtrap capaill ar an gcosán sléibhe idir an láthair cháiliúil turasóireachta Teach Kate Kearney agus Bearna an Choimín

Beirt turasóirí tar éis bháis de bharr timpiste a tharla ag láthair thurasóireachta i gCiarraí

Tá beirt turasóirí tar éis bháis de bharr timpiste a tharla ag láthair thurasóireachta i gCiarraí níos túisce inniu. Tuairiscítear go raibh an bheirt Mheiriceánach ar thuras i dtrap capaill ar an gcosán sléibhe idir an láthair cháiliúil turasóireachta Teach Kate Kearney agus Bearna an Choimín.

Thart ar a dó a chlog inniu a cuireadh na Gardaí ar an eolas faoin timpiste seo. Tuigtear nár gortaíodh tiománaí an trap agus gur amhlaidh a baineadh scanradh as an gcapall agus gur rith sí chun scaoill.

Tá an bóthar in aice láimhe dúnta agus fiosrúchán ar siúl ag na Gardaí agus cúnamh iarrtha acu ar aon duine a bhí sa cheantar tráth na timpiste. Bhí Grúpa Tarrthála Sléibhe Chiarraí ag láthair na timpiste.

Fág freagra ar 'Beirt turasóirí tar éis bháis de bharr timpiste a tharla ag láthair thurasóireachta i gCiarraí'