Beirt le hainmniú ag an Rialtas don fholúntas do Choimisinéir Eorpach

Mairead McGuinness agus Andrew McDowell an bheirt atá á n-ainmniú ag an Rialtas don fholúntas atá ann ó d'éirigh Phil Hogan as a phost mar Choimisinéir Trádála

Beirt le hainmniú ag an Rialtas don fholúntas do Choimisinéir Eorpach

Tá an Leas-Uachtarán de chuid Pharlaimint na hEorpa Mairead McGuinness agus Andrew McDowell, stiúrthóir i mBanc Infheistíochta na hEorpa, an bheirt atá á n-ainmniú ag an Rialtas don fholúntas do Choimisinéir Eorpach.

Tá an folúntas ann ó d’éirigh Phil Hogan as i ndiaidh na conspóide faoi dhinnéar Chumann Ghailf an Oireachtais sa Chlochán agus cuairt an iarchoimisinéara ar Éirinn an mhí seo caite.

Bhí caint ann ar feadh tamaill go gcuirfí ainm an Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney chun cinn.

Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen a d’iarr ar an Rialtas beirt, fear agus bean, a mholadh don phost.

Feisire Eorpach de chuid Fhine Gael í Mairéad McGuinness do thoghlach an Láir Tíre-An Iarthuaiscirt agus toghadh chun Pharlaimint na hEorpa den chéad uair in 2002. Tá sé ina Céad-LeasUachtarán ar an bParlaimint.

Iarchomhairleoir de chuid Fhine Gael é Andrew McDowell.

Tá tugtha le fios ag feidhmeannas an Choimisiúin Eorpaigh go mbraithfidh an cúram a leagfar ar an gCoimisinéir ar bhuanna na beirte a ainmneofar. Tá amhras mór ann gurb é cúram na trádála a bheidh i gceist arís.

Fág freagra ar 'Beirt le hainmniú ag an Rialtas don fholúntas do Choimisinéir Eorpach'