Beirt as gach cúigear den tuairim gur chóir níos mó tacaíochta a chur ar fáil d’imircigh chun an Ghaeilge a fhoghlaim

Nuair a cuireadh an t-ábhar céanna faoi bhráid an phobail i bpobalbhreith eile a rinneadh do Chonradh na Gaeilge in 2020, 51% a bhí ar son tacú le hinimircigh an teanga a fhoghlaim

Beirt as gach cúigear den tuairim gur chóir níos mó tacaíochta a chur ar fáil d’imircigh chun an Ghaeilge a fhoghlaim

Níl ach beirt as gach cúigear den tuairim gur chóir don stát níos mó tacaíochta a chur ar fáil d’imircigh atá ina gcónaí in Éirinn chun an Ghaeilge a fhoghlaim.

De réir pobalbhreith nua a rinne Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge, 41%, nó beirt as gach cúigear, a d’aontaigh leis an ráiteas gur cheart don stát tacú níos mó le himircigh an Ghaeilge a fhoghlaim.

Nuair a cuireadh an t-ábhar céanna faoi bhráid an phobail i bpobalbhreith eile a rinneadh do Chonradh na Gaeilge in 2020, 51% a bhí ar son tacú le hinimircigh ó thaobh foghlaim na teanga de.

Tá ráite ag saineolaithe teanga roimhe seo go séantar an deis ar imircigh chun na hÉireann meascadh le daoine de dheasca chóras díolúine na Gaeilge.

In 2021 chuir an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, Stiúrthóir Sealbhú, ionad teangeolaíochta DCU, aighneacht faoi bhráid Choiste Oireachtais na Gaeilge, inar dúradh nach raibh “seoid” na Gaeilge á roinnt le pobal nua na tíre mar ba chóir.

“Faoi chóras sláintiúil imeasctha, bheadh na Gaeil ag foghlaim faoi theanga agus cultúr na n-inimirceach agus iad siúd ag foghlaim faoi theanga agus cultúr na tíre seo,” a dúirt an tOllamh Ó Duibhir.

“Ina áit sin, is córas comhshamhlaithe atá i bhfeidhm. Léiríonn sé dar liom an easpa luacha a leagaimid ar an nGaeilge agus ar ár gcultúr nach mbeimis ag súil go mbeadh spéis ag inimircigh an teanga a fhoghlaim.

“Is léiriú é freisin ar an easpa stádais atá ag an nGaeilge i bhfírinne.”

Chuir Conradh na Gaeilge a ndíomá in iúl an samhradh seo faoi áitiú an Aire Oideachais gur léiriú an fás ar líon na ndíolúintí ón nGaeilge a cheadaítear do dhaltaí “ar an tslí a bhfuil Éire ag athrú”.

Ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais i mí an Mheithimh luaigh an tAire Oideachais Norma Foley an inimirce i measc na gcúiseanna, dar léi, go bhfuil fás tagtha ar líon na ndíolúintí ón nGaeilge a bhíonn á gceadú i scoileanna an stáit.

I mí Feabhra, mhaígh Sinn Féin gur mó suim a bhí ag an Rialtas i gcosaint cúrsaí turasóireachta ná i gcosaint a thabhairt don Ghaeilge sa Ghaeltacht agus deis cheart a thabhairt do theifigh socrú isteach i bpobal na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Beirt as gach cúigear den tuairim gur chóir níos mó tacaíochta a chur ar fáil d’imircigh chun an Ghaeilge a fhoghlaim'

  • An Teanga bheo

    Beo san nGaeltacht nó sa tír ar dtús Beo go deo

  • Sorcha

    Grúpa beag atá laistiar de dhíolúine na Gaolainne. Scriosadóirí na teanga nach n-éistíonn ach lena n-aineolas féinig. Thar am a ndúshlán a thabhairt. Ag tochras ar a gceirtlín féinig agus iad ag saothrú i ngort na Gaolainne. Cóilíneachas ón taobh istigh ar bun acu….ní Céad Míle Fáilte roimh na nua ghaeil. Tuairisc.ie thar am agaibh FOI ar an ábhar agus lucht na díolúine a fhiosrú.

  • Seán ÓM

    Smaoineamh maith ag Sorcha ansin – is dócha go bhfuil neart plé “spéisiúl” déanta ag an Roinn Oideachais faoin ábhar seo agus bheadh mórán cáipéisí ar fáil faoi má chuireann sibh roinnt iarratas FOI isteach.