Pobal agus teifigh na Gaeltachta fágtha in áit na leathphingine ag an Rialtas – Sinn Féin

Deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin gur gá an tionchar sochtheangeolaíoch atá ag lonnú teifeach ón Úcráin sa Ghaeltacht a mheas chun gur féidir tacú leo socrú isteach i gceart sa phobal

Pobal agus teifigh na Gaeltachta fágtha in áit na leathphingine ag an Rialtas – Sinn Féin

Tá níos mó suim ag an Rialtas i gcosaint cúrsaí turasóireachta ná i gcosaint a thabhairt don Ghaeilge sa Ghaeltacht agus deis cheart a thabhairt do theifigh socrú isteach i bpobal na Gaeltachta.

Sin a bhí le rá ag Sinn Féin tar éis d’Aire Stáit na Gaeltachta a thabhairt le fios le gairid nach raibh aon scagadh á dhéanamh ar an tionchar sochtheangeolaíoch a bhaineann le lonnú teifeach ón Úcráin i gceantair Ghaeltachta.

Mar fhreagra ar cheist ó urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, faoin tionchar sochtheangeolaíoch agus geilleagrach a bheidh ag teifigh ón Úcráin a lonnú sa Ghaeltacht, dúirt an tAire Stáit O’Donovan nach raibh aon staidéar déanta ar chás na teanga. Luaigh sé ina fhreagra, áfach, an scéal go bhfuil eolas á bhailiú maidir le conas is féidir an tionchar a bheidh ag teacht na dteifeach ar lóistín do thurasóirí a mhaolú.

Dúirt Ó Snodaigh gur cheart an t-eolas faoin tionchar teanga a bhailiú chun a chinntiú gur féidir leis na hÚcránaigh páirt iomlán a ghlacadh i saol na gceantar ina bhfuil siad lonnaithe.

Measann sé go bhfuil an Ghaeltacht fágtha “in áit na leathphingine” arís agus neamhaird déanta ar an nGaeilge.

“Tá díomá orm faoi fhreagra an Aire Stáit,” a dúirt Ó Snodaigh le Tuairisc. “Tá cás na Gaeltachta in áit na leathphingine in ainneoin na géarchéime sochtheangeolaíocha, agus ní den chéad uair é.”

Dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh lóistín ann do thurasóirí atá ag iarraidh cuairt a thabhairt ar an nGaeltacht an samhradh seo, ach go bhfuil sé tábhachtach tacaíocht a thabhairt freisin do na teifigh socrú isteach i saol na Gaeltachta.

“Léiriú is ea é ar thosaíochtaí na Roinne agus an rialtais nuair atá siad lánsásta anailís a dhéanamh ar an tionchar ar thurasóireacht, ach nach raibh sé riamh i gceist acu, agus níl fós, an tionchar ar inmharthanacht na Gaeltachta a scrúdú.

“Tá bliain iomlán imithe ó thosaigh an cogadh uafásach san Úcráin, agus mar sin bhí a lán ama ag an Roinn go dtí seo pleananna a ullmhú chun a chinntiú go mbeadh na teifigh atá lonnaithe sa Ghaeltacht in ann páirt iomlán a ghlacadh sa phobal Gaeltachta,” a dúirt Ó Snodaigh.

“Más féidir tacú le hearnáil na turasóireachta agus cur chuige taighdebhunaithe a úsáid ansin, níl aon leithscéal nach féidir a bheith chomh dáiríre céanna maidir le pobal na Gaeltachta agus lánpháirtíocht na dteifeach iontu.”

Dúirt an tAire Stáit Patrick O’Donovan sa Dáil nach raibh aon fhaisnéis ar fáil maidir le tionchar teangeolaíoch ná geilleagrach lonnú teifeach i gceantair Ghaeltachta agus gur faoin Roinn Oideachais a bhí sé tacaíocht a chur ar fáil do scoileanna Gaeltachta a bhfuil teifigh cláraithe iontu.

Maidir le ceist na turasóireachta, dúirt an tAire Stáit: “Tá m’oifigigh i dteagmháil le raon Ranna Rialtais, le hionchur ó chomhghleacaithe i bhFáilte Éireann, maidir leis an mbealach is fearr chun na tionchair fhéideartha ar an éiceachóras turasóireachta níos leithne a bhaineann le húsáid fhadtéarmach lóistín turasóireachta a mhaolú.”

Dúirt an tAire Stáit go raibh anailís á déanamh ar “na bailte nó na ceantair sin is mó a bhfuil tionchar acu ina leith seo”, agus an bhéim á cur go háirithe ar na “scileanna earnála atá i mbaol agus na gnólachtaí is mó atá ag fulaingt de bharr easpa lóistín turasóireachta”. Dúirt sé go mbeadh Roinn na Gaeltachta ag plé an scéil arís amach anseo.

Dúirt O’Donovan go raibh an tAire Catherine Martin i mbun cumarsáide go rialta lena comhghleacaithe sa Rialtas maidir leis an cheist seo agus imní curtha in iúl aici maidir leis an “éifeacht fhadtéarmach” a d’fhéadfadh a bheith ag an soláthar lóistín do theifigh ar an earnáil turasóireachta.

Fág freagra ar 'Pobal agus teifigh na Gaeltachta fágtha in áit na leathphingine ag an Rialtas – Sinn Féin'

  • jpmorley0@gmail.com

    Tá’s agam agus briseann sé mo chroí é rá: rinneadh an-lagú ar labhairt na Gaeilge nuair a tógadh dhá eastát tithíochta i mBaile ‘n Fheirtéaraigh gan coinníoll teanga ar bith a chur i bhfeidhm. Tá an rannóg tithíochta de chuid CC Chiarraí lonnaithe i Ráth Easa i gCiarraí thuaidh. Is ‘Rathass’ (‘h’ iomrallach?) é sin i mBéarla. Aon dream nó aon chine atá sásta sceanairt oifigiúil mar sin a dhéanamh ar logainm álainn arb é a n-áit oibre laethúil í chomh maith, cén mhaith a bheith leo? Níl aon dul faoin spéir go mbeadh na donáin bhochta ón Úcráin srl chomh namhdach céanna don teanga.

  • An tEisreachtach

    Duine ar bith a bhfuil tuiscint aige/aici ar a bhfuil ar bun ó thaobh teangeolaíochta sa nGaeltacht, tá a fhios aige/aici gur dochar a dhéanfar di inimircigh as tír ar bith a chur inti. B’fhéidir gur ‘coirsmaointeoireacht’ é sin, ach is é an fhírinne é.
    Béarla a bheas ó na hinimircigh – seachas fíor-chorrdhuine acu – agus cruthóidh sé sin tuilleadh laghdú ar an nGaeilge sa gcomhrá poiblí, agus tuilleadh éilimh ar sheirbhísí i mBéarla.
    Níl sa tráchtaireacht Dála thuas ach seafóid. Ní gá aon taighde; is léir gur dochar a bheas ann.
    Ba chóir go dtuigfeadh an Snodach é sin, ach, ar ndóigh, tapóidh Sinn Féin gach deis ar bith faoin spéir le scéal mór tuí a dhéanamh as gach ní.
    Maidir leis an óinseach sin O’Donovan, is díth céille é an focal ‘taighde’ a chur in aon abairt lena ainm.