Deis imeasctha ‘á ceilt’ ar imircigh óga de dheasca díolúine na Gaeilge

Tá Coiste Oireachtais na Gaeilge chun iarraidh ar an Roinn Oideachais teacht os a gcomhair chun ceist na díolúine a phlé

Deis imeasctha ‘á ceilt’ ar imircigh óga de dheasca díolúine na Gaeilge

Séantar ar imircigh chun na hÉireann deis meascadh le daoine de dheasca chóras díolúine na Gaeilge,  a deirtear in aighneacht atá curtha faoi bhráid choiste Oireachtais na Gaeilge.

Déanann údar na haighneachta, an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, achainí ar an gcoiste Oireachtais cláir Ghaeilge a fhorbairt a thabharfadh deis d’inimircigh an Ghaeilge a fhoghlaim seachas díolúine iomlán a bhronnadh orthu.

Ba cheart go mbeadh a leithéid mar chuid d’aon pholasaí ionchuimsitheach oideachais, a deir Ó Duibhir, Leas-Déan, Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Bhí an tOllamh os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta an tseachtain seo, mar ar iarr sé ar bhaill an choiste deireadh a chur leis an gcóras díolúine nua a tugadh isteach Meán Fómhair seo caite.

Tá an Coiste chun iarraidh ar an Roinn Oideachais teacht os a gcomhair chun aighneacht Uí Dhuibhir agus ceist na díolúine a phlé.

Bíonn dhá phríomhchúis le díolúine a bhronnadh ar dhaltaí, toisc go mbíonn riachtanais speisialta oideachais acu nó toisc gur daltaí iad a fuair a gcuid oideachais lasmuigh den stát sula raibh siad 12 bliain d’aois.

Is minic a bhítear ag trácht ar ghnéithe den chéad chúis acusan, ach deir an tOllamh Ó Duibhir go bhfuil ceisteanna le cur chomh maith faoin dara cúis. 

“Nílim ag iarraidh Gaeilge a bhrú ar na daltaí seo atá ag dul i ngleic le foghlaim an Bhéarla den chéad uair. 

“Ach ní dóigh liom go bhfuil sé maith go leor nach ndéantar aon iarracht cúrsa oiriúnach Gaeilge a thairiscint, tar éis dóibh bunscileanna sa Bhéarla a bhaint amach.” 

Deir an tOllamh Ó Duibhir san aighneacht nach bhfuil “seoid” na Gaeilge á roinnt againn le pobal nua na tíre mar nach bhfuil rogha á tabhairt dóibh an Ghaeilge a fhoghlaim. 

“Faoi chóras sláintiúil imeasctha, bheadh na Gaeil ag foghlaim faoi theanga agus cultúr na n-inimirceach agus iad siúd ag foghlaim faoi theanga agus cultúr na tíre seo. 

“Ina áit sin, is córas comhshamhlaithe atá i bhfeidhm. Léiríonn sé dar liom an easpa luacha a leagaimid ar an nGaeilge agus ar ár gcultúr nach mbeimis ag súil go mbeadh spéis ag inimircigh an teanga a fhoghlaim. 

“Is léiriú é freisin ar an easpa stádais atá ag an nGaeilge i bhfírinne.”

I 1999 bhí díolúine ó staidéar na Gaeilge ag 2.5% de dhaltaí iar-bhunscoile, ach bíonn a leithéid ag os cionn 10% díobh le roinnt blianta anuas.

De réir na bhfigiúirí is déanaí, a foilsíodh ar Tuairisc.ie, tháinig ardú 11% ar líon na ndaoine a fuair díolúine ón nGaeilge de bharr deacrachtaí foghlama a bheith acu ó tugadh isteach an córas nua, córas a dúirt an Roinn Oideachais a dhéanfadh rud “annamh agus eisceachtúil” den díolúine.

Tháinig ardú 43% ar líon na ndaltaí iarbhunscoile a fuair díolúine de bharr míchumas foghlama le cúig bliana anuas.

Fág freagra ar 'Deis imeasctha ‘á ceilt’ ar imircigh óga de dheasca díolúine na Gaeilge'

  • Colm Ó Cearúil

    Aontáim le Phádraig maidir le seod na Ghaeilge a roinnt mar chuid de oideachais leathan páiste ar bith. Ansin, is ghá luach a chuid saothair a bhronnadh ar gach dalta scoile trí aitheantas chuí don Ghaeilge mar ábhar ag deireadh an chóras iar bhunscoile.