Beidh suim ar leith i gCorca Dhuibhne i gcluiche ceannais an AFL

Imreofar cluiche ceannais an AFL amárach agus foireann Mharc Uí Chonchúir an Daingin, Geelong Cats, ag tabhairt aghaidh ar na Sydney Swans

Beidh suim ar leith i gCorca Dhuibhne i gcluiche ceannais an AFL

Mark O'Connor. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Tá deireadh seachtaine mór ag peileadóirí an Daingin agus iad ag tabhairt aghaidh ar Chiarraí Thoir Dé Domhnaigh ach beidh cuid mhaith de muintir an bhaile agus Corca Dhuibhne trí chéile ag éirí go moch maidin Dé Sathairn chun súil a choinneáil ar chluiche eile ar an taobh eile den domhan.

Imreofar cluiche ceannais an AFL amárach agus foireann Mharc Uí Chonchúir ón nDaingean, Geelong Cats, ag tabhairt aghaidh ar na Sydney Swans.

Ciarraíoch eile, Tadhg Kennelly, an t-aon Éireannach a bhfuil Príomhroinn an AFL buaite aige, ach má éiríonn le Geelong amárach, tabharfaidh Ó Conchúir agus Zach Tuohy Laoise boinn leo.

Bhuaigh Ó Conchúir péire de Chraobhacha Mionúir na hÉireann le Ciarraí sular thug sé faoin pheil Astrálach i dtreo dheireadh 2016. Roghnaíodh é mar dhuine de cheannairí Geelong in 2020 ach bhain cúpla gortú dó i mbliana a fhágann nach mbeidh sé ag tosú sa chluiche ceannais.

Tá an-seans ann go bhfeicfear Ó Conchúir ar an bpáirc amárach, áfach. Ainmníodh mar ‘ionadaí leighis’ é sa bhua ar na Brisbane Lions sa bhabhta roimhe seo agus d’imir sé nach mór leath den chluiche sin tar éis dó teacht isteach in áit Max Holmes. Cé go bhfuil Holmes ainmnithe ar an bhfoireann don chluiche ceannais, tá amhras ann go fóill an bhfuil sé tagtha chuige féin go hiomlán.

Ní ainmnítear ach ionadaí leighis amháin agus meastar go bhfuil beirt eile, Sam Menegola agus Brandan Parfitt, san iomaíocht le Ó Conchúir don spota sin. Dúirt bainisteoir Geelong Chris Scott i rith na seachtaine gur mó seans go roghnófar Ó Conchúir mura mbeidh Holmes in ann imirt agus dúirt go raibh mí-ádh ceart ar fhear an Daingin nach raibh sé ainmnithe sa scuad le cúpla cluiche anuas. Ainmneofar cé a bheidh mar ionadaí leighis uair an chloig roimh thús an chluiche.

Lá mór é don Éireannach eile, Zach Tuohy, a bheidh ag imirt a 250ú cluiche AFL. Is é Jim Stynes an t-aon fhear ón tír seo a d’imir níos mó cluichí ná é agus tá cáil mhór bainte amach ag Tuohy san 11 bliain atá caite aige san Astráil. Bhí sé ag imirt le Carlton ar feadh sé bliana ach bhog sé go Geelong in 2017.

Bhí Tuohy agus Ó Conchúir mar chuid d’fhoireann Geelong a chaill sa chluiche ceannais in 2020 ach is iadsan rogha na coitiantachta in aghaidh na Sydney Swans i mbliana. Bhuaigh na Swans ar Geelong níos luaithe sa séasúr ach tá 15 cluiche as a chéile buaite ag na Cats agus bhí bua ollmhór acu ar na Brisbane Lions sa bhabhta deireanach, 120 in aghaidh 49.

Cuirfear tús leis an gcluiche ceannais ag 5.30rn, am na tíre seo, maidin Dé Sathairn agus beidh an cluiche le feiceáil beo ar BT Sport.

Fág freagra ar 'Beidh suim ar leith i gCorca Dhuibhne i gcluiche ceannais an AFL'