Beidh sé deacair méid áirithe den ‘chogadh cultúrtha’ a sheachaint nuair a dhíreofar ar chearta trasinscneacha

Níl muintir na hÉireann chomh hoibrithe faoi chúrsaí inscne is atá siad faoi chúrsaí inimirce ach tá fianaise áirithe ann go bhfuil bearna den chineál céanna idir meon an phobail agus meon Éire oifigiúil faoi na ceisteanna seo

Beidh sé deacair méid áirithe den ‘chogadh cultúrtha’ a sheachaint nuair a dhíreofar ar chearta trasinscneacha

D’fhreastail mé ar sheoladh an leabhair The End of the Gay Rights Revolution le Ronan McCrea le déanaí. Sheol duine de na pearsana is cáiliúla den eite liobrálach ar chlé in Éirinn, Fintan O’Toole, an leabhar ach ag an am céanna d’fhreastail an gníomhaí agus an tráchtaire inscne-chriticiúil Stella O’Malley ar an seoladh freisin. Nuair a fheiceann tú an bheirt acu siúd ag freastal ar sheoladh an leabhair chéanna, tá a fhios agat go bhfuil rud éigin spéisiúil ag tarlú.

Is í argóint McCrea go bhfuil an dul chun cinn drámatúil atá déanta ó thaobh cearta don phobal aerach lenár linn i mbaol ar chúinsí éagsúla, lena n-áirítear an nasc atá déanta ag grúpaí feachtasaíochta aeracha le ceisteanna nach mbíodh mar chuid dá mbunéilimh tráth den saol, ar nós cearta trasinscneacha.

Áitíonn McCrea go bhfuil an t-éileamh ó ghrúpaí radacacha ar níos mó agus níos mó athruithe ar bhun-nósanna na sochaí maidir le gnéas agus inscne ag cur na mbuanna atá bainte amach go dtí seo ó thaobh cearta aeracha i mbaol.

Nó chun é a rá ar shlí eile, más í an teachtaireacht a thugtar don mhórphobal ná ‘is ionann cearta tras agus cearta aeracha’ go bhfuil an baol ann go ndéarfaidh cuid mhór den phobal sin: ‘Bhuel maith go leor, caithfidh go gciallaíonn sé sin go bhfuil mé i gcoinne cearta aeracha…..’

Cuireann McCrea i gcuimhne do na léitheoirí gur ‘díoladh’ an reifreann faoi phósadh comhghnéis leis an mórphobal ar an mbonn nach athrú radacach a bhí ann agus nach rabhthas ach ag leathnú rochtain ar mhúnla fadbhunaithe an phósta go lánúineacha aeracha.

Bhí sé spéisiúil dom ar shlí amháin go ndúirt Fintan O’Toole rudaí ina chuid cainte ag an seoladh go bhfuilim cinnte go n-aontódh Stella O’Malley agus daoine a bhfuil tuairimí sóisialta coimeádacha acu leo.

Cé gur mhaígh sé gur rud maith ar an iomlán iad na buanna a bhí bainte amach ag an ngluaiseacht liobrálach in Éirinn agus an deireadh leis na srianta a chur an tsochaí san am a caitheadh ar mhná agus ar dhaoine aeracha, bhí sé lánsásta a admháil go raibh fadhbanna cruthaithe de bharr scriosadh na seansrianta agus na seanrialacha.

Luaigh sé an fhadhb gur ar mhná a thiteann an príomh-ualach cúram baile fós in ainneoin a saoirse nua san ionad oibre. Agus luaigh sé an gnéasú atá déanta ag an gcóras caipitlíoch ar pháistí, rud nach bhféadfadh tarlú gan na srianta traidisiúnta a bhaineann le cúrsaí gnéis a bheith scaoilte.

Bhí sé spéisiúil, áfach, nár luaigh sé cúrsaí trasinscneacha ar chor ar bith ina chuid cainte sa chomhthéacs seo in ainneoin an t-ábhar sin a bheith go sonrach ar an bpríomhshampla i leabhar McCrea. An é go raibh eagla air toisc chomh tocsaineach is atá an díospóireacht sin?

Údar spéise freisin nár luaigh McCrea aon tuairim phearsanta ar son ná i gcoinne na gceisteanna is conspóidí maidir leis an trasinscneachas ina leabhar – ar nós ar chóir blocálaithe caithreachais a thabhairt do daoine faoi aois nó ar chóir ceadú do mhná trasinscneacha páirt a ghlacadh i spórt na mban.

Ba í a argóint, go díreach, gur bhotún a bhí ann na ceisteanna sin a bheith ceangailte le cearta daoine aeracha.

Ní nuacht é do léitheoirí Tuairisc go bhfuil Fianna Fáil agus Fine Gael araon ag bogadh i dtreo seasamh níos déine maidir leis an inimirce agus ní haon rún cén fáth.

Léiríonn pobalbhreitheanna go bhfuil tromlach mór den phobal á iarraidh seo, mar shampla, de réir pobalbhreith san Irish Times mí Bealtaine 2024, dúirt 64% den dream a ceistíodh go raibh polasaí tearmainn níos dúnta uathu agus dúirt 73% gur chóir don Rialtas níos mó a dhéanamh chun iarrthóirí tearmainn ar diúltaíodh dá n-iarratais a dhíbirt as an tír.

Ní raibh mórpháirtí ar bith ag déanamh freastal ar an sciar sin den phobal agus ar nós uisce ag sruthlú isteach i bpoll, luath nó mall do líonfadh fórsa polaitiúil éigin an folús.

Níl muintir na hÉireann chomh hoibrithe faoi chúrsaí inscne is atá siad faoi chúrsaí inimirce, ach tá fianaise áirithe ann go bhfuil bearna den chineál céanna idir meon an phobail agus meon Éire oifigiúil faoi na ceisteanna seo.

Léirigh pobalbhreith Newstalk / Amárach Research mí na Samhna 2023 gur shíl 51% gur chóir do dhaoine úsáid a bhaint as leithris nó spásanna inscne a mheaitseálann a ngnéas nuair a saolaíodh iad agus nár shíl ach 25% gur chóir do dhaoine úsáid a bhaint as áiseanna a mheaitseálann a bhféiniúlacht inscne faoi láthair.

Bhí 40% i gcoinne mná trasinscneacha a bheith ag glacadh páirt i spórt na mban agus dúirt 33% ‘go mbraitheann sé ar an spórt’. Maidir le cúram inscne do dhaoine faoi aois, bhí 49% i gcoinne rochtain a bheith ar bhlocálaithe caithreachais agus 31% i bhfabhar na rochtana sin le toiliú tuismitheora.

Ní raibh mé ábalta teacht ar aon suirbhé ó shin nach raibh coimisiúnaithe ag eagraíocht abhcóidíochta. Ach léiríonn suirbhéanna ó thíortha an iarthair i gcoitinne go bhfuil an claonadh le roinnt blianta anuas ag dul i dtreo tuairimí níos criticiúla faoi chúrsaí trasinscneacha, agus níl aon chúis agam a chreidiúnt nach bhfuil an rud céanna ag tarlú in Éirinn.

Luath nó mall líonfar an spás polaitiúil seo agus más aon leid an méid a tharla le cúrsaí inimirce, ní fhágfaidh Fianna Fáil agus Fine Gael, ná b’fhéidir fiú Sinn Féin, an spás seo do dhreamanna atá níos faide ar dheis.

Agus díreach mar atá á dhéanamh acu le cúrsaí inimirce, déanfaidh siad iarracht gan é a dhéanamh ar shlí chomh gríosaitheach agus chomh nimhneach le Donald Trump i Meiriceá. Ach beidh sé deacair méid áirithe den ‘chogadh cultúrtha’ a sheachaint.

Tá sé deacair a shamhlú ag an bpointe seo go dtarraingeofaí cearta daoine aeracha isteach sa choimhlint seo sa tír seo. Ach is léir ó leabhar Ronan McCrea go bhfuil an fhéidearthacht sin ag baint codladh na hoíche cheana féin do bhaill áirithe den phobal aerach.

Fág freagra ar 'Beidh sé deacair méid áirithe den ‘chogadh cultúrtha’ a sheachaint nuair a dhíreofar ar chearta trasinscneacha'