Is iondúil gur ar Lá Fhéile Stiofáin a bhíonn na cluichí móra idir chúige á n-imirt ach ó tharla gur thit Lá Nollag i lár seachtaine, ar an gCéadaoin, i mbliana, ní gá aon athrú a dhéanamh ar chlár imeartha an URC rud a chiallaíonn go mbeidh cluichí Bhabhta 9 á n-imirt ar an Aoine agus ar an Satharn, mar is iondúil.
Thug sé sin scíth lá breise tar éis dinnéar mór na Nollag d’imreoirí Chúige Mumhan agus Cúige Laighean a bheas ag tabhairt faoina chéile ar Pháirc Thuamhan anocht. Níl aon dabht gurb é an cluiche seo an choimhlint is mó idir clubanna rugbaí na hÉireann agus más tada é tá an iomaíocht níos tréine ná ariamh i mbliana.
Is iomaí cúis atá leis an naimhdeas agus an nimh atá idir na foirne seo faoi láthair. Ach an oiread le chuile fhoireann eile san URC tá éad ar na Muimhnigh freisin maidir le corr-iarracht Laighean an séasúr seo, gan oiread agus cluiche amháin caillte acu in aon chomórtas. Cuir san áireamh freisin gur sa séú háit ar thábla an chomórtais atá Cúige Mumhan, i bhfad siar ón mbarr.
Ní hamháin sin ach thug Cúige Laighean greadadh 26 -12 do na Muimhnigh ag tús Dheireadh Fómhair seo caite agus iad ag imirt i bPáirc an Chrócaigh. Chas na foirne seo ar a chéile 113 uair roimhe seo, bhí an láimh an uachtar ag Cúige Laighean i dtrí scór agus trí chluiche agus ag Cúige Mumhan ceathracha cúig uair.
Bhíodar cothrom faoi chúig.
Ní dóigh liomsa go dtiocfaidh aon athrú ar an staitistic sin anocht, fiú agus Cúige Mumhan ar a bhfód féin. Beidh na Muimhnigh ag snámh in aghaidh easa anocht.
Níl sé chomh héasca céanna breith roimh ré a thabhairt ar thoradh chluiche an lae amárach idir Cúige Chonnacht agus iad sa mbaile i gcoinne Chúige Uladh. Chaill an fhoireann seo i mBabhta 8 ach lena gceart a thabhairt don dá fhoireann thug siad taispeántas dearfach agus iomaíoch, fiú má bhí an caighdeán imeartha sách íseal.
Tá na foirne cothrom le ocht bpointe déag an taobh aimsithe go dtí seo sa gcomórtas ach tá na Connachtaigh áit amháin chun cinn sa deichiú háit ar an tábla. Sea, ní scarann tada na foirne seo, seachas an buntáiste baile atá ag foireann na Gaillimhe. Nach mór an trua nach mbeidh mórán de lucht leanúna Chonnacht in ann freastal ar an gcluiche de bharr an obair thógála atá ar bun ar an mBóthar Beag?
Mar sin féin, tá mise sásta bua, ar éigean, a thuar do Chonnachta ach ní bheadh sé de mhisneach agam mórán airgid a chur síos.
Fág freagra ar 'Beidh na Muimhnigh ag snámh in aghaidh easa anocht'