Beartaithe ag Seanadóir an Ghaeilge amháin a úsáid ina cuid oibre i dTeach Laighean

Tá rún ag an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee ó Fhianna Fáil labhairt i nGaeilge amháin agus í ag labhairt sa Seanad as seo amach agus í ag iarraidh polaiteoirí eile a spreagadh chun an teanga a úsáid níos minice

Beartaithe ag Seanadóir an Ghaeilge amháin a úsáid ina cuid oibre i dTeach Laighean

Tá sé i gceist ag ball amháin de Thithe an Oireachtais Gaeilge a cuid cainte i dTeach Laighean a dhéanamh i nGaeilge amháin feasta.

Tá rún ag an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee ó Fhianna Fáil labhairt i nGaeilge amháin agus í ag labhairt sa Seanad as seo amach agus í ag iarraidh Seanadóirí agus polaiteoirí eile a spreagadh chun an teanga a úsáid níos minice.

Is annamh a bhaintear úsáid as an nGaeilge chun ábhar nach mbaineann le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a phlé i dTithe an Oireachtais, ach deir Clifford-Lee, atá ina hurlabhraí sláinte ag a páirtí sa Seanad, go bhfuil sí chun í a labhairt an t-am ar fad, is cuma cé acu ag plé cúrsaí dlí agus cirt, cúrsaí sláinte, cúrsaí tithíochta nó cás na Gaeilge a bhíonn sí.

Tá Clifford-Lee ina ball de choiste stiúrtha sa Seanad atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn ansin agus mheas sí go raibh sé chomh maith di “beart a dhéanamh de réir a briathair” agus an teanga a úsáid níos minice ina cuid oibre féin.

An tseachtain seo caite a chuir Clifford-Lee tús lena cuid iarrachtaí agus í I mbun plé leis an Aire Dlí agus Cirt, Helen McEntee, ionad nua cúirte dlí teaghlaigh a fhorbairt i lár Bhaile Átha Cliath.

“Bhí muid [sa choiste stiúrtha] ag plé an bhféadfaí ceann de na hábhair i dtosach suí [commencement matters] a bheith i nGaeilge gach seachtain,” a deir Clifford-Lee le Tuairisc.

“Bhí ceann agam féin don mhaidin sin faoin ionad nua don chúirt dlí teaghlaigh agus dúirt mé, ‘Tá ceann agam anseo, nach bhfuil sé chomh maith dom tosú’. Chuir mé an cheist isteach i mBéarla ach ní raibh aon bhac ann i dtaobh m’óráid a dhéanamh i nGaeilge agus bhí an tAire in ann an córas ateangaireachta a úsáid.”

Deir Clifford-Lee gur chuir sí a plean Gaeilge a labhairt in iúl don Aire McEntee díreach roimh an bplé agus nach raibh aon fhadhb aici leis an phlean. Rinne Clifford-Lee a cuid cainte as Gaeilge agus d’fhreagair an tAire i mBéarla í, gan mórán dua.

An t-aon fadhb amháin a bhí ann ná nach raibh na cluasáin don chóras ateangaireachta fágtha amach agus bhí ar na huiséirí iad a fháil agus a roinnt ar bhaill an tí. Deir Clifford-Lee go raibh na cluasáin “fós fágtha sa chófra ó aimsir Covid”, rud a léiríonn cé chomh hannamh a bhaintear leas as an gcóras sa Seanad agus an “leisce” a bhíonn ar dhaoine é a úsáid, dar léi.

“Bíonn leisce ar dhaoine é a úsáid agus bíonn drogall ar dhaoine le Gaeilge iallach a chur ar dhaoine eile é a úsáid,” arsa an Seanadóir. “Bhíodh drogall ormsa é a úsáid mar nár theastaigh uaim brú a chur ar aon duine. Bhí leisce orm ach tá sé de dhualgas orm an Ghaeilge a úsáid ós rud é go bhfuil sí agam agus ba cheart go mbeadh sí in úsáid i bhfad níos minice agam.”

Léirigh anailís a rinne Tuairisc in 2018 nach raibh ach 0.5% de dhíospóireachtaí Dháil Éireann i nGaeilge agus gur fíor-annamh a bhíonn sí le cloisteáil seachas nuair a bhíonn cúrsaí teanga nó Gaeltachta á bplé.

Cé go mbíonn roinnt polaiteoirí sásta cúpla focal a rá agus iad ag mionchaint, deir Clifford-Lee nach leor sin amháin chun tacú leis an teanga.

“Feiceann tú go minic go mbíonn daoine sásta cúpla focal a úsáid ag tús óráide ach na pointí is suntasaí a dhéanamh i mBéarla. Níl aon mhaith ansin. Is béalghrá é don teanga agus ní chabhraíonn sé sin leis an chúis.”

Deir sí go bhfuil neart polaiteoirí ann a bhfuil Gaeilge acu ach go gcaithfear iad a spreagadh chun í a labhairt.

“Nuair a bhain mé mo shuíochán amach in 2016, bhí a fhios agam go raibh an rogha sin agam Gaeilge nó Béarla a úsáid ach ní raibh aon duine timpeall orm ag úsáid na Gaeilge, seachas cúpla focal, i ndáiríre, nó nuair a bhíodar ag plé faoi chúrsaí Gaeilge. Bhí an cultúr sin ann gan í a úsáid. Caithfidh muid fáil réidh leis an taboo sin agus daoine a mhealladh isteach.

“Nílim ag iarraidh brú a chur ar aon duine, nílim ag iarraidh náire a chur ar aon duine ach tá an Ghaeilge agam agus tá mé in ann í a úsáid i m’ionad oibre agus ba chóir go n-úsáidfeadh mé í dá bharr.”

Fág freagra ar 'Beartaithe ag Seanadóir an Ghaeilge amháin a úsáid ina cuid oibre i dTeach Laighean'

  • Seán ÓM

    Maith an bhean.
    Trua go deo gur rud “eisceachtúl” é seo.

  • Liam

    Moladh mór tuilte aici as sin. B’fhéidir go mbeidh sé de mhisneach ag tuilleadh polaiteoirí é sin a dhéanamh amach anseo.

  • Peadar Ó Rathaille

    Nach iontach é! B’iontach é más rud a nglac an Foirne hOireachtas le Ghaeilge agus iad a dhéanamh a hobair éagsúla leis ns coirpeanna phoiblí agus stáitseirbhíseacha uilig.

  • An tEisreachtach

    Tá sí le moladh as seo.
    Is mór an trua nach leanfadh ‘na tírghráthóirí móra’ Sinn Féin a heiseamláir sa Dáil.
    Tuigim go ndéantar an argóint nach ndéanfaidh ‘iriseoirí’ tuairisciú ar ráitis i nGaeilge, ach dá ndéanfadh dóthain TDanna ráitis thábhachta i nGaeilge, bheadh brú ar ‘na iriseoirí’ éirí as a leithcheal teanga.
    Tá córas ateangaireachta sa Dáil agus sa Seanad.

  • Colm Ó Cearúil

    Céim mhór chun thosaigh, mholadh is tacaíocht tuillte ag an Seanadóir Lorraine Clifford Lee.

  • Séamus Caomhánach

    Ardbhean Lorraine.Maith thú!
    Tosach an-mhaith déanta agat.Coinnigh ort!