‘Bearta nach bhfacthas riamh cheana do ghéarchéim nach bhfacthas riamh cheana’ – srianta nua fógartha ag an Taoiseach

Tá srianta nua fógartha ag an Rialtas chun dul i ngleic leis an ngéarchéim Covid-19, ina measc dúnadh bialanna agus siopaí a mheastar nach bhfuil riachtanach agus treoir do dhaoine gan a bheith in aon ghrúpa sóisialta ina mbeidh níos mó ná ceathrar

‘Bearta nach bhfacthas riamh cheana do ghéarchéim nach bhfacthas riamh cheana’ – srianta nua fógartha ag an Taoiseach

Tá iarrtha ag an Taoiseach ar dhaoine fanacht ag baile má fhéadann siad chor ar bith é agus srianta nua fógartha ag an Rialtas chun dul i ngleic leis an ngéarchéim Covid-19. Dúirt sé nach bhféadfaidh daoine an baile a fhágáil ach le dul ag obair, más gá sin, le dul ag siopadóireacht d’earraí atá riachtanach nó le ruainne aclaíochta a dhéanamh.

Dúirt sé nár chóir aon chuairt a thabhairt ar thithe daoine eile ná a bheith in aon ghrúpa sóisialta ina mbeidh níos mó ná ceathrar.

Caithfidh gach ionad miondíola nach ndíolann earraí atá riachtanach dúnadh agus ní bheidh cead ag aon bhialann ná caifé ach bia tabhair leat a chur ar fáil.

Na siopaí a bheidh ar oscailt caithfidh siad srian a choinneáil ar an líon custaiméirí ionas go gcloífear le rialacha  an scoite sóisialta nó fisiciúil.

Dúnfaidh gach amharclann, club agus gruaigeadóir chomh maith agus coinneoidh óstáin srian chomh maith agus is féidir leo ar an líon aíonna.

Dúirt an Taoiseach chomh maith nár chóir d’aon duine a bheith ag taisteal taobh istigh ná taobh amuigh d’Éirinn mura bhfuil fíorghá go deo leis. Cuirfear cosc ar thuras ar aon chrúslong a raibh fúithi teacht go hÉirinn.

Tá síneadh ama go dtí an 19 Aibreán curtha leis na srianta atá i bhfeidhm cheana féin.

“Creidimid gur gá dúinn níos mó a dhéanamh chun an cuar a chothromú. Ba chóir do dhaoine fanacht ag an mbaile más féidir in aon chor – seo an bealach is fearr le moill a chur le scaipeadh an víris,” a dúirt an Taoiseach.

Dúirt an Taoiseach go bhfuil súil aige go bhfágfaidh comhar na gcomharsan nach mbeidh gá le beartais dhiana thiarnúla chun a chinntiú go bhfuil daoine ag cloí leis na treoracha maidir leis an scoitheadh sóisialta.

D’fhógair sé chomh maith go mbeadh ospidéil phríobháideacha an stáit “ina n-ospidéil phoiblí go bunúsach” fad is a mhairfidh an ghéarchéim. Chuirfeadh na hospidéil phríobháideacha a gcuid áiseanna agus seirbhísí ar fáil saor in aisce agus chaithfí mar a chéile le hothair phríobháideacha agus othair phoiblí, arsa an Taoiseach.

Tá Liúntas Dífhostaíochta an Rialtais Phaindéim Covid-19 do dhaoine a chaill a gcuid oibre de bharr an víris le hardú ó €203 go €350 sa tseachtain..

Beidh daoine a bhí féinfhostaithe agus atá díomhaoin de bharr na haicíde i dteideal an liúntais seo chomh maith céanna.

Cheadaigh an Rialtas chomh maith go maoineodh an Rialtas scéim fóirdheontais faoina n-íocfadh an Rialtas 70% de thuarastal oibrithe suas go dtí €410 glan sa tseachtain. Is ionann sin agus €40,000 d’ioncam ag oibrí tar éis cánach.

Reáchtálfar an scéim seo ar feadh 12 seachtain ar dtús agus beidh cead a gcinn ag fostóirí airgead breise a chur leis más mian leo.

Tá an scéim seo ann le freastal ar na comhlachtaí sin atá buailte ag an gcúlú eacnamaíochta atá tarlaithe de bharr an choróinvíris.

Aon chomhlacht ar mian leis leas a bhaint as an scéim seo caithfidh 25% dá ghnó a bheith caillte aige agus fadhbanna airgeadais a bheith aige.

Fág freagra ar '‘Bearta nach bhfacthas riamh cheana do ghéarchéim nach bhfacthas riamh cheana’ – srianta nua fógartha ag an Taoiseach'