Beannacht Bhanríon na Breataine tugtha do bhille an Bhreatimeachta

Fágann an t-aontú ríoga go bhfuil cead anois ag Theresa May fógra oifigiúil a thabhairt d’údaráis na Bruiséile go bhfuil sé i gceist ag an mBreatain an tAontas Eorpach a fhágáil

Beannacht Bhanríon na Breataine tugtha do bhille an Bhreatimeachta

Tá aontú ríoga tugtha ag Banríon na Breataine don bhille a cheadaíonn don Phríomh-Aire Theresa May tús a chur le cainteanna maidir leis an Aontas Eorpach a fhágáil.

Glacadh leis an mbille i bParlaimint Westminster agus i dTeach na dTiarnaí Dé Luain.

Ba sa Pharlaimint a d’fhógair an Spéicéir John Bercow go raibh beannacht na banríona faighte ag an mbille Breatimeachta agus spreag a fhógra gártha molta i measc feisirí coimeádacha.

Fágann an t-aontú ríoga go bhfuil cead anois ag Theresa May fógra oifigiúil a thabhairt d’údaráis na Bruiséile go bhfuil sé i gceist ag an mBreatain an tAontas Eorpach a fhágáil.

Tá ráite ag May go dtabharfaidh sí feidhm d’Alt 50 roimh dheireadh na míosa chun tús a chur le próiseas an Bhreataimeachta. Beidh tréimhse idirbheartaíochta dhá bhliain ann ina dhiaidh sin.

Ní dócha go gcuirfidh May tús leis an bpróiseas an tseachtain seo chugainn toisc go bhfuil cruinniú mullaigh ar siúl san Aontas Eorpach.

Fág freagra ar 'Beannacht Bhanríon na Breataine tugtha do bhille an Bhreatimeachta'