Dheimhnigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le Tuairisc.ie inniu go bhfuil ‘beannacht an Taoisigh’ faighte ag an gcur chuige a d’fhógair Joe McHugh chun ‘tionscnamh polasaí’ a fhorbairt a d’fhoilseofaí in éineacht le reachtaíocht teanga in áit dul ar aghaidh le foilsiú an Bhille leasaithe i dtaobh Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Mar a tuairiscíodh ar Nuacht TG4 níos túisce i mbliana, scríobh an tAire McHugh chuig an Taoiseach ag iarraidh a bheannacht a fháil chun tús a chur leis an tionscnamh polasaí.
Tuairiscíodh ag an am fresin gur scríobh an tAire Stáit chuig Airí éagsúla Rialtais “chun dul i mbun plé leo” maidir le conas is féidir “seirbhísí i nGaeilge sa Ghaeltacht a fheabhsú”.
Eisíodh na litreacha sin ón Aire Stáit ar an 7 Iúil agus dúirt urlabhraí de chuid na Roinne Gaeltachta le Tuairisc.ie inné go bhfuil plé ar siúl ag “leibhéal oifigeach maidir le hábhar na litreacha”.
I measc na n-aidhmeanna atá ag an Aire Stáit, ba mhaith leis go méadófaí céatadán na ndaoine le Gaeilge ar ‘phainéil earcaíochta’ sa státseirbhís ó 6%, mar atá geallta faoi láthair, go 10% mar thús agus go 20% amach anseo.
Ní fios cén fhad a mhairfidh an plé leis na hAirí agus na ranna eile faoi mholtaí an Aire Stáit maidir le feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí i nGaeilge sa Ghaeltacht ná cén uair a fhoilseofar an leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.
Fág freagra ar '‘Beannacht an Taoisigh’ faighte do chur chuige Joe McHugh maidir le reachtaíocht teanga'