Bealtaine seo chugainn ‘an uair ceart’ don chéad olltoghchán eile – an Taoiseach

Dá nglacfaí le moladh an Taoisigh gur i mí na Bealtaine a reáchtálfaí an chéad olltoghchán eile, chaithfí ceithre cinn d’fhothoghcháin a reáchtáil idir seo agus sin

Bealtaine seo chugainn ‘an uair ceart’ don chéad olltoghchán eile – an Taoiseach

Ba cheart gur i mí na Bealtaine seo chugainn a bheadh an chéad olltoghchán eile sa tír seo, dar leis an Taoiseach Leo Varadkar.

Thug sé le fios ag cruinniú de bhaill Oireachtais Fhine Gael i gCorcaigh inniu gur Bealtaine 2020 ‘an uair cheart’ don chéad olltoghchán eile.

Dá nglacfaí leis an moladh sin bheadh Rialtas nua i mbun na tíre ‘go héasca’ roimh shos samhaidh na Dála, a dúirt sé.

Bheadh an margadh faoin mBreatimeacht déanta faoi Bhealtaine nó bheadh an chuid ba mheasa d’iarmhairtí an Bhreatimeacht gan mhargadh curtha di ag an tír, dar leis. Ghlac sé leis, áfach, gur deacair a bheith cinnte de spriocanna ama fad is a bhaineann sé leis an mBreatimeacht.

Thug an Tánaiste Simon Coveney le fios in agallamh ar Raidió RTÉ ag am lóin inniu gur scríobh an Taoiseach chuig ceannaire Fhianna Fail ‘roinnt mhaith míosa ó shin’ ag moladh gur sa Samhradh seo chugainn, i mBealtaine nó Meitheamh, a bheadh an t-olltoghchán. Dúirt sé gur iarr an Taoiseach an uair sin ar cheannaire an fhreasúra am a cheadú don Rialtas le leas na tíre a dhéanamh maidir le pleanáil don Bhreatimeacht.

Tá Rialtas mionlaigh Fhine Gael ag brath ar thacaíocht Fhianna Fail le fanacht i gcumhacht trí mhargadh soláthair agus muiníne idir na páirtithe.

Dá nglacfaí le moladh an Taoisigh gur i mí na Bealtaine a reáchtálfaí an chéad olltoghchán eile, chaithfí ceithre cinn d’fhothoghcháin a reáchtáil idir seo agus sin. Eascraíonn na fothoghcháin as folúntais Dála de bharr teachtaí Dála a bheith tofa anois ina mbaill de Pharlaimint na hEorpa. Ní mór fothoghchán a reáchtáil laistigh de shé mhí ón uair go dtagann folúntas Dála chun cinn.

Dúirt Leo Varadkar nach bhféadfadh Fine Gael a bheith ag súil ach le ceann amháin de na ceithre shuíochán sin a bhuachan ach go bhféadfaidís an bua a bheith acu sa chéad olltoghchán eile agus filleadh ar Thithe an Rialtais den tríú huair as a chéile, rud nach raibh déanta ag an bpáirtí sin riamh roimhe seo.

Bhí an Taoiseach ag caint le hionadaithe parlaiminteach a pháirtí atá cruinnithe i gCorcaigh agus iad ag ullmhú don chéad seisiún Dála eile a thosóidh an tseachtain seo chugainn.

Fág freagra ar 'Bealtaine seo chugainn ‘an uair ceart’ don chéad olltoghchán eile – an Taoiseach'