Tá dhá bhealach chun meáchan a chailleadh. Is féidir níos lú calraí a ithe, nó is féidir na calraí a dhó ag déanamh aclaíochta. De réir taighde nua a foilsíodh ar na mallaibh san iris Nature, tá bealach eile ann chun calraí a dhó. Thángthas ar cheimiceán faoi leith – sucsainít – a rialaíonn an dóigh a dhónn lucha calraí. Tá seans ann go bhfeidhmíonn sucsainít sa duine fosta, ach ní fios dúinn sin go fóill.
Nuair a itheann muid barraíocht calraí táirgtear saill i gcealla faoi leith san fhíochán saille. Tá dhá shaghas fíochán saille ann. Bíonn fíochán saille bán nó fíochán donn sa chorp s’againne agus in ainmhithe eile. Tá i bhfad níos mó fíochán saille donn ag ainmhithe beaga cosúil leis na lucha.
Tá na hainmhithe seo ag brath go mór ar fhíochán saille donn chun iad a choinneáil teo.
Is foinse teasa é an fíochán saille donn. Dóitear calraí ann agus táirgtear teas ann.
Bíonn lucha ag brath ar fhíochán saille chun teas a sholáthar dóibh i lár an gheimhridh. Ní bhíonn ainmhithe móra, cosúil linn féin, ag brath ar an teas a tháirgtear i bhfíochán saille donn.
Chun fáil amach cad é a rialaíonn an dóigh chun calraí a dhó san fhíochán saille donn, rinneadh anailís ar na ceimiceáin a tháirgtear san cealla sin agus na hainmhithe seo amuigh san fhuacht.
Thángthas ar shucsainít. Bíonn níos mó sucsainíte i bhfíochán saille donn in ainmhithe a bhíonn san fhuacht ná mar a bhíonn in ainmhithe a bhíonn sa teas. Anuas air sin, bíonn níos mó sucsainíte i bhfuil na n-ainmhithe atá san fhuacht.
Chun fáil amach cad iad na cealla i gcorp na luiche ina dtéann an tsucsainít, cuireadh lipid radaighníomach ar shucsainít agus instealladh sna lucha é. I ndiaidh cúpla uair an chloig thángthas ar an lipid radaighníomhach i bhfíochán saille donn.
Meastar go bhfuil an tsucsainít ag teacht as na matáin agus ag dul fhad leis an fhíochán donn. Ansin, úsáidtear é chun calraí a dhó agus teas a tháirgeadh.
Más féidir le sucsainít calraí a dhó, ba cheart go mbeadh lucha a itheann sucsainít ábalta níos mó calraí a dhó ná na lucha nach mbíonn fáil acu ar shucsainít. Má bhíonn na lucha seo ag ithe a lán calraí bheifí ag súil go mbeadh na lucha a fhaigheann sucsainít níos éadroime ná ainmhithe nach mbíonn sucsainít acu.
Chun fáil amach an raibh baint ag sucsainít leis an dóigh a dhóitear calraí sna lucha, tugadh uisce ina raibh sucsainít do lucha agus uisce gan sucsainít do lucha eile. Bhí an dá ghrúpa ar aiste bia lán calraí.
Chuir na lucha a bhí ag ól uisce agus ag ithe a lán calraí meáchan orthu. Ach bhí na lucha a a d’ól an t-uisce ina raibh sucsainít ann i bhfad níos éadroime. Ciallaíonn sé seo go rialaíonn sucsainít an méid calraí a dhónn lucha.
Tá sé soiléir nach gcuireann lucha an oiread sin meáchain orthu má itheann siad sucsainít, fiú má bhíonn siad ag ithe a lán calraí.
Ní fios go fóill an bhfeidhmíonn sucsainít sa dóigh chéanna in ainmhithe eile, cosúil linn féin. Tá taighde faoi lán seoil chun fáil amach an mbeadh an tionchar céanna ag sucsainít ar chorp an duine agus a bhíonn ar chorp na luiche.
Fág freagra ar 'Bealach eile aimsithe ag lucht taighde chun calraí a dhó'