Beagnach €500,000 ceadaithe d’fhorbairt cé Ghaeltachta 10 mbliana ó shin agus gan ceadúnas faighte fós

Idir 2001-2008 cheadaigh Roinn na Gaeltachta beagnach leathmhilliún euro do Chomhairle Chontae Dhún na nGall d’fhorbairt Ché na Reannaí ag Athphort ar oileán Árainn Mhór, ach níl tús curtha leis an obair fós

Beagnach €500,000 ceadaithe d’fhorbairt cé Ghaeltachta 10 mbliana ó shin agus gan ceadúnas faighte fós

Thug Roinn na Gaeltachta beagnach leathmhilliún euro do Chomhaire Chontae Dhún na nGall idir 2001-2008 chun tús a chur leis an bpróiseas maidir le feabhas a chur ar Ché na Reannaí ag Athphort ar oileán Árainn Mhór, ach níl ceadúnas urthrá chuige sin faighte fós ag an gComhairle.

Idir 2001-2006, cheadaigh Roinn na Gaeltachta €217,666 don Chomhairle chun réamhthuarascáil a ullmhú maidir le forbairt na cé ar an oileán Gaeltachta agus sa bhliain 2008 ceadaíodh €240,185 eile don Chomhairle don fhorbairt.

Íocadh an dara deontas sin le Comhairle Chontae Dhún na nGall chun innealtóirí comhairleacha a cheapadh don tionscadal agus chun próiseas tairisceana a chur ar bun don fhorbairt. Thug Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh le fios sa Dáil gur ghá ceadúnas urthrá a fháil chomh maith i leith an deontais forbartha a bronnadh ar an gComhairle in 2008.

Ach deich mbliana ina dhiaidh sin, níl an ceadúnas sin faighte go fóill ag an gComhairle.

Agus ceist Dála a chuir an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Pat The Cope Ó Gallchóir air á fhreagairt ag an Aire Stáit, dúirt sé go bhfuil tuilleadh suirbhéanna le déanamh mar chuid den iarratas ar an gceadúnas sin “ach go bhfuil costas ard ag baint leis na suirbhéanna sin”. 

Dúirt McHugh go mbeadh Roinn na Gaeltachta sásta aon iarratas ar mhaoiniú ón gComhairle maidir le costas na suirbhéanna a mheas.

“Má fhaigheann mo Roinn iarratas ar chúnamh ón gComhairle Contae chun cuidiú leo íoc as na costais sin, déanfar é a mheas chomh báúil agus is féidir, ag cur san áireamh na n-acmhainní atá ar fáil d’fhorbairt na n-oileán agus na n-éileamh éagsúla ar na hacmhainní sin,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh.

Fág freagra ar 'Beagnach €500,000 ceadaithe d’fhorbairt cé Ghaeltachta 10 mbliana ó shin agus gan ceadúnas faighte fós'