Baol ann nach mbeidh grúpaí scoile in ann cuairt a thabhairt ar Phríosún Chill Mhaighneann i 2016 agus é ag cur thar maoil

‘Géarghá’ le córas nua-aimseartha le gur féidir glacadh le tuilleadh cuairteoirí ag Príosún Chill Mhaighneann

Kilmainham_1

Tá baol ann nach mbeidh grúpaí scoile in ann cuairt a thabhairt ar Phríosún Chill Mhaighneann an bhliain seo chugainn toisc ró-éileamh a bheith ar an séadchomhartha náisiúnta.

Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Simon Harris sa Dáil go bhféadfadh sé nach n-éireodh le gach grúpa scoile turas a chur in áirithe i bPríosún Chill Mhaighneann ar na laethanta a bheadh uathu mar gheall ar an éileamh mór a bhíonn ar a leithéid de thuras.

Tá scéim ag Oifig na nOibreacha Poiblí ina ligtear do scoileanna cuairt oideachais a thabhairt ar shéadchomharthaí náisiúnta saor in aisce. Tá Príosún Chill Mhaighneann, áit ar cuireadh ceannairí Éirí Amach na Cásca 1916 chun báis, ar cheann de na séadchomharthaí atá faoi scáth na scéime sin.

Dúirt an tAire gur minic a theastaíonn ó scoileanna cuairt a thabhairt ar na séadchomharthaí náisiúnta ag tréimhsí áirithe sa bhliain agus is dá bharr sin a bhíonn ró-éileamh ann.

Bhí Harris ag freagairt sraith ceisteanna ón Teachta Dála Timmy Dooley (FF) sa Dáil. D’fhiafraigh an Teachta Dooley den Aire faoin moill a bhíonn ar chuairteoirí agus iad ag fanacht le dul isteach chuig an bPríosún ar thaobh theas na cathrach agus faoi na pleananna atá ann síneadh a chur le huaireanta oscailte an phríosúin le linn na bliana 2016.

Bíonn an Príosún ar oscailt 362 lá sa bhliain agus tá sé ar cheann de na háiteanna atá á lua mar cheann scríbe ar an mbealach turasóireachta atá pleanáilte do Bhaile Átha Cliath darb ainm ‘Dubline’.

Táthar ag súil go meallfaidh an bealach a thuilleadh turasóirí fós chuig leithéidí Choláiste na Tríonóide, Barra an Teampaill, Caisleán Bhaile Átha Cliath agus Dún Uí Choileáin.

Ach thug an tAire le fios nach bhféadfadh an Príosún níos mó cuairteoirí a thógáil mar atá. Tá an bealach isteach an-chúng, a dúirt sé, agus ní féidir mórán daoine a chur isteach ann. Bíonn moill mhór ann ag an doras ar laethanta gnóthacha agus baineann sé sin d’eispéaras an chuairteora, a dúirt sé.

“There are, however, significant limits to what can be changed in building terms within a National Monument. Usually it is not feasible to adapt the spaces to better accommodate visitors. In the case of Kilmainham, it is clearly evident that a modern system of visitor management is needed externally in order to streamline the visitor flow, allow greater numbers to visit the site and offer better standards of comfort and convenience to members of the public,” a dúirt an tAire Harris.

Tá obair athchóirithe ar bun i láthair na huaire ar Theach Cúirte Chill Mhaighneann taobh thoir den Phríosún agus táthar ag súil go gcríochnófar an obair sin faoi Mhárta na bliana 2016. Dúirt an tAire Harris go bhfuil an Rialtas ag súil go mbeifear in ann cuairteoirí a bhainistiú ar bhealach a bheidh níos éifeachtaí sa spás nua atá á chruthú.

Anuas ar an athchóiriú ar an Teach Cúirte, tá sé i gceist ag Oifig na nOibreacha Poiblí áirithintí a chur ar fáil ar líne agus uaireanta oscailte an Phríosúin a shíneadh, go háirithe le linn an tsamhraidh.

Fág freagra ar 'Baol ann nach mbeidh grúpaí scoile in ann cuairt a thabhairt ar Phríosún Chill Mhaighneann i 2016 agus é ag cur thar maoil'