‘Bainisteoir lánaimseartha de dhíth ar Amharclann Ghaoth Dobhair’ – coiste na hamharclainne

Tá coiste na hamharclainne i mbun cainte faoi láthair le hÚdarás na Gaeltachta maidir le maoiniú a chur ar fáil duine a fhostú ar bhonn lánaimseartha le bainistíocht a dhéanamh ar an amharclann Ghaeltachta

‘Bainisteoir lánaimseartha de dhíth ar Amharclann Ghaoth Dobhair’ – coiste na hamharclainne

Tá Amharclann Ghaoth Dobhair le bainisteoir a cheapadh ar bhonn sealadach ar feadh dhá bhliain leis an amharclann athchóirithe Ghaeltachta a bhainistiú, má éiríonn leis an gcoiste maoiniú cuí a aimsiú.

Thug Pól Mac Cumhaill, cathaoirleach Choiste Amharclann Ghaoth Dobhair, le fios do Nuacht TG4 anocht go bhfuil comhráite ar bun ag an gcoiste le hÚdarás na Gaeltachta faoi láthair maidir  le bainisteoir a cheapadh.

Dúirt sé go bhfuil “tacaíocht bhliantúil” geallta ag Comhairle Chontae Dhún na nGall don amharclann as seo go ceann trí bliana. Dúirt sé freisin, áfach, gur “obair dheonach” atá ar bun ag an gcoiste agus go bhfuil “gá” anois le bainisteoir a fháil.

“I láthair na huaire tá muidinne ag déanamh na hoibre ar fad go deonach. Tá an bhainistíocht go maith faoi láthair ach creidim go bhfuil an oiread sin imeachtaí ar siúl againn go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh duine lánaimseartha ag plé leis.

“Beidh muid sa tóir ar dhuine fuinniúil, atá in ann margaíocht cheart a dhéanamh ar an ionad, a mbeidh tuiscint aige ar an bpobal agus a bheidh sásta an Ghaeilge agus cultúr na háite a chur chun cinn,” a dúirt Mac Cumhaill le Tuairisc.ie.

Dúirt sé freisin go bhfuil súil ag an gcoiste go mbeidh an té a cheapfar in ann díriú ar naisc a chruthú le heagrais eile ar nós TG4, RTÉ Raidió na Gaeltachta, scoileanna agus eagrais óige ar fud an chontae le tograí nua a thabhairt isteach san amharclann.

“Fuair muid litir ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall ag rá go mbeidh siad sásta tacaíocht agus maoiniú a chur ar fáil dúinn as seo go ceann cúpla bliain a chabhróidh go mór le costas reáchtála na hamharclainne, agus má éiríonn go maith leis na comhráite le hÚdarás na Gaeltachta, tá súil againn go mbeidh an maoiniú ar fáil bainisteoir lánaimseartha a fhostú ar feadh cúpla bliain fosta,” a dúirt sé.

Tá clár na míosa seo chugainn leagtha amach ag coiste na hamharclainne agus súil acu go leor cuairteoirí a mhealladh chuig an ionaid i gcaitheamh Lúnasa le himeachtaí ar nós Loinneog Lúnasa, Aonach Tailteann, agus oíche ómóis do Phádraig Ó Dúgáin ó Altan a bhásaigh níos luaithe i mbliana.

Dúirt Mac Cumhaill le Tuairisc.ie gur éirigh “thar barr” le clár na míosa seo, go háirithe an campa samhraidh drámaíochta a cuireadh ar fáil d’óige Ghaoth Dobhair.

Athosclaíodh Amharclann Ghaoth Dobhair den chéad uair ó bhí 2007 ann i mí Mhárta na bliana seo. Dúnadh an amharclann tuairim is deich mbliana ó shin ar chúinsí sláinte agus sábháilteachta agus bhí an chomplacht ‘Aisteoirí Ghaoth Dobhair’ gan aon cheannáras ó shin.

Fág freagra ar '‘Bainisteoir lánaimseartha de dhíth ar Amharclann Ghaoth Dobhair’ – coiste na hamharclainne'