Bainfidh Gaeil agus pobal na Gaeltachta uilig taitneamh as an leabhar seo…

Teanga, ceol, mórtas agus muintearas Ráth Chairn –  tá sin uilig agus go leor eile le fáil sa leabhar slachtmhar ‘An Dá Shaol’

Bainfidh Gaeil agus pobal na Gaeltachta uilig taitneamh as an leabhar seo…

An Dá Shaol
Pádraic Mac Donncha
Cló Iar-Chonnacht
€12

Ní bréag a rá go bhfaca pobal Ráth Chairn an dá shaol – an dream a d’fhág cladaí agus criathraigh Chonamara i 1935 agus a gclann agus clann a gclainne a chinntigh go bhfuil Gaeltacht bheo bhríomhar acu nach aon Ghaeltacht phluide í.

Is mór an spórt an leabhar seo agus bainfidh Gaeil agus pobal na Gaeltachta uilig taitneamh aisti, fiú iadsan nach santaíonn mórán léitheoireachta. Tá sí lán le dúchas, dea-chaint agus an nathaíocht a bhíodh ar bharr a ngoib ag ár sinsir agus a thuill an-mheas go deo don dream ag a raibh an bua sin.

Mar bharr smaise air sin uilig tá píosaí filíochta agus lúibíní ann a chum cumadóirí na Gaeltachta as gach cearn den tír, Máirtín s’acu féin ina measc. Chomh maith le prós snoite agus go leor de stair athréimniú na teanga, tá pictiúir, ginealas agus neart eachtraíochta againn ó 1935 go dtí an lá inniu.

Tá roinnt de bheathaisnéis an údair féin sa leabhar agus é ag tabhairt faoi shlí bheatha i dtionscal na fáilteoireachta mar fhreastalaí tithe ósta agus mar bhainisteoir óstáin. An tseanchomhairle don lucht freastail – bíodh meangadh ar do bhéal is cuma cén colg atá ort. Is maith an seans gur chuidigh an chomhairle sin le Pádraic agus é ina bhainisteoir ar Chomharchumann Ráth Chairn agus an chluas bhodhar agus an Béarla á fháil aige ó oifigigh stáit.

Is minic a rith sé liom gur sciob Ráth Chairn agus tailte méithe eile scoth na gceannairí pobail as an Iarthar sna 1930idí nuair is géar a theastaigh siad. Cruthúnas ar an teacht aniar agus an treallús a bhain leo forás Ráth Chairn sa lá inniu agus saíocht na sinsear ina steillbheatha ansin.

Is iomaí ábhar spéisiúil sa leabhar seo – an-chur síos ag an údar ar Ghaillimh i lár na seascaidí agus cearta sibhialta á lorg ar fud na tíre. Scéal nua domsa go raibh suim dá laghad ag Todd Andrews ná a shliocht sa nGaeilge ach féach go raibh seomra Gaelach bunaithe aige in óstán Chóras Iompar Éireann ar an bhFaiche Mhór. Pádraic agus Gaeilgeoirí eile ag obair ann agus iad ag ceol agus ag gabháil fhoinn don diaspóra.

Scéal maith againn freisin faoi oscailt na hArd-Eaglaise i nGaillimh agus an féasta san óstán. Cá bhfágfainn scéalta óstán an Chaisleáin mar a mbíodh Breandán Ó hEithir ina ardrí. I nGaillimh freisin bhí an Taibhdhearc agus maithe agus móruaisle na hollscoile agus na n-ealaíon ag tabhairt a n-aghaidh ar an bhFaiche Mhór agus neart le cloisteáil ag an té a raibh Gaeilge aige agus cluas air.

Nuacht domsa freisin a bhí in Eagras na Gaeltachta a raibh dúrúch ar an údar ag gabháil timpeall na tíre ag bunú cumann – eagras a nasc le Cearta Sibhialta na Gaeltachta ina dhiaidh sin agus a scaoileadh i ndearmad, ormsa ar aon nós. Is dóigh nárbh aon chuidiú don eagras go raibh dream as Baile Átha Cliath bainteach leis – geis ag dream san am.

Is mór i gceist an tsiúlóid as Ciarraí go Sráid Uí Chonaill in aghaidh dhúnadh Scoil Dhún Chaoin ach an raibh a fhios agat go ndearna Pádraic seo againne, é díreach ar ais ó mhí na meala agus é siúlta aige as Nás na Rí, ceápar damhsa ansin le cuid den ghoimh a bhaint as an teannas?

Cuirtear síos ar an bhfeachtas fada le tuilleadh talún a fháil do na comhluadair nach bhfuair ach 22 acra Gallda, sin 13 acra Gaelach, ó Choimisiún na Talún, rud a d’fhág gurbh í an bád bán céanna a bhí roimh an dream thoir agus a bhí roimh an dream a fágadh thiar le slí bheatha a shaothrú. Fág faoi Phádraic agus a bhean é a chuir fúthu gan chead i dteach folamh ar feadh naoi mí go bhfuair an pobal toradh éigin. Mise á rá leat má bhí an meangadh siúd air nárbh aon ribín réidh é ag lucht údaráis.

Ní fhéadfainn an inseacht a mhilleadh ort ach tá lán mála gáire i ndán duit dá dháiríre agus a bhí an obair. Amach i ndeireadh an leabhair cuireann Pádraic síos ar na forbairtí iontacha uilig a d’éirigh leis an bpobal seo a bhaint amach – áras pobail, páirc pheile, coláiste samhraidh, teach pobail, dhá scoil, córas uisce, tithe agus féilte a tharraingíonn daoine ó chuile cheard.

Tá tuiscint an domhain ag an údar ar dhúshláin na Gaeltachta agus a pobail agus is fiú go mór a léamh a fháil ar an leigheas.

An tsuáilce is mó a d’airigh mé fhéin, agus daltaí na hardchathrach liom i Ráth Chairn ag na deirí seachtaine, ná nádúr, croíúlacht agus soilíos an phobail agus an mórtas atá acu as a ndúchas – an teanga, an ceol, an damhsa agus an muintearas. Tá sin uilig agus go leor eile le fáil sa leabhar slachtmhar seo. An-mhargadh go deo ach ceannaigh go beo í mar beidh sciob sceab uirthi ag an Oireachtas agus tá sin ag gabháil di.

Fág freagra ar 'Bainfidh Gaeil agus pobal na Gaeltachta uilig taitneamh as an leabhar seo…'

  • Fearghas Mac Lochlainn

    Leabhar den scoth! Cur síos spéisiúil, spreagúil ar scéal Ráth Chairn agus ar scéal pearsanta Phádraig Chóil Neaine Pháidín Mac Donncha é féin. Tá léargas thar a bheith speisialta anseo ar scéal agus ar Stair Ráth Chairn agus é insithe ag duine de mhuintir na háite féin ina chuid focla féin. Is fear ceannródaíoch misniúil Pádraig a bhain amach cearta agus aitheantas Gaeltachta do Ráth Chairn. Tá chuile shórt sa leabhar seo. Tá Gaeilge bhreá nádúrthach inti. Tá saibhreas Gaeilge inti. Tá scéalta barrúla, scéalta suimiúla, agus scéalta spreagúla inti. Is furasta í a léamh ach ní furasta í a leagan uait! Is seoid cheart í an leabhar seo.