Níl fáil ar thicéad don chéad chluiche idirchúige an séasúr seo idir Cúige Laighean agus Cúige Mumhan, cluiche a imreofar i bPáirc an Crócaigh, an staid sa mó sa tír, tráthnóna inniu.
Léiriú é sin seans ar chomh folláin is atá an cluiche idir na cúigí seo, agus ar an teannas agus an naimhdeas atá eatarthu freisin.
Roimh thús na coimhlinte dhá áit a bhí idir na foirne seo ar thábla an URC, Cúige Laighean ar a bharr le lánphointí agus Cúige Mumhan sa tríú háit, agus cluiche amháin as trí cinn caillte acu. Ní iontas dá bhrí sin gurb é Cúige Laighean rogha na n-údar, go háirithe ó d’éirigh leo foireann a bhí lán le himreoirí idirnáisiúnta a chur chun páirce an Satharn seo caite i gcoinne Benetton, réamhullmhúchán breá do chluiche an lae inniu.
Ní mórán iontais gur éirigh leis na Laighnigh an lá a thabhairt leo i gcoinne Benetton (35-5) ach ba é cur chuige fhoireann Leo Cullen an t-ábhar ba mhó cainte ach a raibh sé thart. Más féidir cur síos a dhéanamh ar imirt Chúige Laighean in aon fhocal amháin, ‘míthrócaireach’ an focal sin, mar a bhí siad ó thús deireadh, ag aimsiú ceithre úd sa gcéad tríocha nóiméad.
Bhí na Muimhnigh iad féin sách míthrócaireach agus iad ag cur na nOspreys ó dhoras (23- 0) sa mbáisteach throm i gCorcaigh.
Bhí an aimsir chomh dona le linn an chluiche sin gur dheacair a mheas ar éirigh le Cúige Mumhan réiteach ceart a dhéanamh do chluiche an lae inniu.
Is fiú a lua freisin gur cineál triail é an cluiche seo do na himreoirí atá ag súil le háit a fháil ar an bpainéal do chluichí Idirnáisiúnta an fhómhair. Cuimhnigh gur i gcoinne na nAll Blacks a bheas na hÉireannaigh ag imirt an chéad cheann de cheithre chluiche idirnáisiúnta an mhí seo chugainn. Is cinnte go mbeidh Andy Farrell ag coinneáil súil ghéar ar an gcluiche seo.
Maidir leis an gcluiche féin, tá Mumhain céasta ag imreoirí gortaithe, fágann sin go bhfuil mise ag tuar bua d’fhoireann Átha Cliath ach chomh maith leis sin tá mé ag tuar cluiche crua, fisiciúil, iomaíoch agus trodach. Ní haon iontas go mbeidh lucht féachana domhanda ag na himeachtaí i bPáirc an Crócaigh inniu.
Is i mBéal Feirste a bheas na hUltaigh agus na Connachtaigh ag tabhairt faoina chéile anocht. Tá foireann an bhaile faoi bhrú damanta is gan ach bua amháin as trí iarracht cláraithe acu go dtí seo. Fágann sin gur sa tríú háit déag ar an tábla atá Cúige Uladh, i bhfad taobh thiar de na Connachtaigh atá sa gceathrú háit. Caithfidh foireann an bhaile lag-iarrachtaí an dá chluiche san Afraic Theas a chur as a gcuimhne. Ghéill siad ochtó a dó (82) pointe agus níor aimsigh siad ach ceathracha a trí (43) pointe sa dá chluiche sin.
Malairt scéil atá ag na Connachtaigh, foireann atá ag cur an tús is fearr ariamh leis an séasúr seo.
Beidh an-choimhlint go deo againn anocht, agus tá drogall orm toradh a thuar. Bhí bua maith baile ag na hUltaigh ar Ghlaschú, curaidh an chomórtais ó anuraidh, i mBabhta 1. Is cinnte go mbeidh siad ar thóir na splaince sin arís.
Tá i bhfad níos mó ná bua, pointí agus áit ar thábla an URC i gceist leis an dá chluiche idirchúige seo.
Údar gleo ar an gcuid is lú de!
Fág freagra ar 'Bainfidh Cúige Laighean míthrócaireach buntáiste as deacrachtaí Chúige Mumhan'