Bailiúchan cuimhní cinn faoi iarUachtarán an Chonartha le seoladh sna Forbacha amárach

Tá cuimhní cairde agus gaolta Nollaig Uí Ghadhra bailithe ag iníon an iar-uachtaráin, Máirín Ní Ghadhra, sa leabhar ‘Nollaig Ó Gadhra: Cuimhní Cinn’ a sheolfar amárach na Forbacha

Bailiúchan cuimhní cinn faoi iarUachtarán an Chonartha le seoladh sna Forbacha amárach

Seolfar Nollaig Ó Gadhra: Cuimhní Cairde, bailiúchán aistí ó chairde iarUachtarán Chonradh na Gaeilge a bhásaigh beagnach deich mbliana ó shin, sna Forbacha amárach.

Iriseoir, léachtóir, staraí agus díograiseoir teanga a bhí i Nollaig Ó Gadhra, Luimníoch a lonnaigh agus a thóg a chlann i nGaeltacht na Gaillimhe.

Tá cuimhní a chairde agus a ghaolta bailithe ag a iníon, Máirín Ní Ghadhra, craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, sa leabhar nua a sheolfaidh an tAire Stáit Seán Kyne in Óstán Chois Fharraige san oíche amárach.

Chaith Ó Gadhra sealanna ina iriseoir le RTÉ agus leis an nuachtán Inniu. D’oibrigh sé freisin le Fáilte an Iarthair agus i nGaeltarra Éireann sular thosaigh sé ag léachtóireacht i gCeardcholáiste Réigiúnach na Gaillimhe.

Scríobh sé beathaisnéisí ar Mahatma Gandhi, Éamonn Iognáid Rís, John Boyle O’Reilly, agus Richard J. Daley. Bhí suim ar leith aige leis an stair a bhain le bunú an Stáit agus cúrsaí polaitíochta ó shin agus scríobh sé Ríocht Roinnte agus Guth an Phobail bunaithe ar an taighde sin. Foilsíodh iliomad alt, léacht agus paimfléad leis i rith a shaoil freisin.

Chuir sé spéis sa Ghaeilge ó bhí sé ar bunscoil i Luimneach agus chaith sé a shaol leis an nGaeilge. Bhí sé páirteach san fheachtas ar son stáisiún teilifíse Gaeilge sna 1980idí agus 1990idí agus bhí sé ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge tráth ar tugadh stádas oifigiúil don Ghaeilge mar theanga de chuid an Aontais Eorpaigh.

Dúirt Máirín Ní Ghadhra, a íníon agus eagarthóir an leabhair nua, gur theastaigh uaithi an leabhar a chur le chéile sula ndearnadh “dearmad ar go leor den obair a bhí déanta aige agus na scéalta a bhí ag a chairde”.

“Tá an leabhar á chur le chéile le cúpla bliain. Roinnt ócáidí a raibh mé acu, labhraíodh faoi rudaí ar chuir sé spéis iontu nó rudaí a raibh baint acu leo agus chonaic mé go raibh a ainm á ligean i ndearmad,” a dúirt sí le Tuairisc.ie.

Dúirt sí gur moladh beathaisnéis a scríobh ach go raibh “an t-uafás oibre” i gceist leis sin ach go raibh súil aici go dtabharfadh mac léinn ollscoile faoina leithéid amach anseo.

“Chuir mé liosta daoine le chéile a n-oibríodh sé leo nó  ar chairde leis iad nó a raibh aithne éigin acu air, agus d’iarr mé orthu a gcuimhní cinn faoi a scríobh. Rinne mé iarracht réimse chomh leathan agus a d’fhéadfainn a fháil, daoine a raibh aithne phearsanta nó aithne oibre acu air.

“Tá aistí sa leabhar faoina shaol pearsanta, faoin obair ghairmiúil agus an obair dheonach a rinne sé agus faoi na rudaí ar chuir sé spéis mhór iontu, cúrsaí an Tuaiscirt agus an Ghaeilge agus rudaí eile,” a dúirt Ní Ghadhra.

Dúirt sí go bhfaca sí, tríd an obair a rinne sí ar an leabhar, an “méid oibre” a rinne a hathair agus a “dhiongbháilte” is a bhí sé.

“Tharraingíodh sé aird ar rudaí a bhí neamhghnách, ach rudaí ar shíl sé gur cheart aird a thabhairt orthu, nó gurbh fhiú aird a thabhairt orthu. B’fhéidir nach ngabhfadh sé i bhfeidhm ach ar dhuine nó beirt faoi rud faoi leith ach bhí an méid sin tábhachtach dó.

“Bhí sé páirteach i go leor rudaí, an feachtas ar son na Gaeilge sna Aontas Eorpach nuair a bhí sé ina uachtarán ar an gConradh, agus an feachtas ar son TnaG mar a thugtaí air ag an am,” a dúirt sí.

Cé gur thaitin sé le Ní Ghadhra a bheith ag obair ar an leabhar, dúirt sí “nach obair an-deas” é a bheith ag plé le leabhar faoi dhuine nach maireann agus go raibh sé uaigneach in amanna agus í ag cur eagar ar na haistí. Dúirt sí go bhfuil sí sásta, áfach, nach ndéanfar dearmad ar oidhreacht a hathar.

Seolfar an leabhar in Óstán Chois Fharraige amárach ag 7.00.