Baile Gunnair ar thairseach na staire i bPort Láirge

Ta 47 cluiche as a chéile buaite ag Baile Gunnair agus is beag seans go gcuirfidh Cnoc Síon stop leo amárach

Baile Gunnair ar thairseach na staire i bPort Láirge

Dessie Hutchinson le Cian Wadding. Pictiúr: INPHO/Tom Maher

Bhuaileas le Déiseach cúpla seachtain ó shin, fear a raibh tuairimí láidre aige faoi chúrsaí iomána i bPort Láirge agus gach ar bhain leis an gcluiche. Agus é ag fágáil slán agam luaigh sé ainm imreora agus dúirt liom a bheith ag faire amach dó. B’in Patrick FitzGerald.

D’imir an fear óg seo i gCorn an Artaigh agus le mionúir na nDéise anuraidh agus ainmníodh é ar fhoireann mionúir ESB na bliana. Mar a tharla tá ainmneacha cuid mhaith dá chomrádaithe i mbéal an phobail i bPort Láirge cheana féin agus a chlub Baile Gunnair ar tí gaisce stairiúil eile a dhéanamh amárach nuair a théann siad chun páirce i gcoinne an tsean-namhad. Cnoc Síon. ‘Monaplacht’ an focal a d’úsáid mé an tseachtain seo caite agus mé ag tagairt do sheaimpíní na tíre Baile Gunnair, a bhfuil seans acu a naoú craobh as a chéile a bhuachan amárach. Ach tá na seaimpíní ag tabhairt aire do Patrick FitzGerald agus é á choimeád slán ón mbrú oiread agus is féidir. Tá siad fós á úsáid mar ionadaí ar an bhfoireann láidir iomráiteach seo, cé go bhfuil an-mheas ar fad air sa chontae.

Beidh TG4 ag taispeáint an chluiche ceannais stairiúil  ó Phort Láirge, cluiche a thabharfaidh léargas dúinn ar neart sheaimpíní na tíre. Ta 47 cluiche as a chéile buaite anois ag an bhfoireann shinsir agus tá scata imreoirí eile ann mar thacaíocht do na sinsir. Tá foireann shóisir agus idirmheánach an chlub i gcluichí ceannais an chontae freisin. Sin club láidir duit.

An fhoireann shinsir is mó a tharraingíonn aird gan dabht. Tá na coirn go léir buaite acu lena gcur chuige cúramach córasach. Smaoinigh ar chúl an bhua i gcluiche ceannais na hÉireann níos luaithe i mbliana .B’in sampla d’fhoireann ag cloí lena gcóras go dtí go séidtear an fheadóg dheiridh.

Ach céard faoi Chnoc Síon? Bhuel is féidir a rá go bhfuil siad seasmhach ina gcuid imeartha agus áit bainte amach acu na babhtaí leathcheannais gach bliain le ceithre bliana anuas. Dar ndóigh tá Austin Gleeson acu, fear a bhfuil sé de chumas ann rudaí iontacha a dhéanamh. Tá naoi gcraobh i ndiaidh a chéile buaite ag Cnoc Síon sa am a caitheadh, mar atá ag Erin’s Own. Déarfainn nár mhaith le Cnoc Síon Baile Gunnair a ligint isteach sa ghrúpa speisialta sin. Ach an bhfuil foireann maith go leor acu chun an beart a dhéanamh agus Baile Gunnair a chur dá mbuille? Nach í sin an cheist mhór? Ceapann an uile dhuine seachas lucht leanta dílis Chnoc Síon nach bhfuil aon seans acu agus údar mór iontais a bheidh ann mura mbeidh Baile Gunnair ag ceiliúradh arís.

Beidh an tsraith Underdogs ar ais ar an scáileán an Déardaoin beag seo agus foireann nua iomána á cur le chéile le tabhairt faoi fhoireann idirchontae. Cúpla mí ó shin fuaireas cuireadh ó Adare Productions dul isteach leo mar bhainisteoir ar an bhfoireann nua seo do thuras Underdogs 2022. Chuir cúpla céad imreoir ó gach cearn den tír isteach ar an gcomórtas, roghnaíodh níos mó ná céad acu do na cluichí trialacha. Tar éis trí lá fhada phioc mé féin agus na roghnóirí, Claire O’Connor ó Loch Garman agus Jamie Wall ó Chorcaigh tuairim is 30 imreoir chun dul ar thuras na nUnderdogs 2022.

Deineadh cuid maith de na cláir a thaifeadadh i gceithre dheireadh seachtaine.

Thosnaigh an spórt le Campa in Ionad Teicneolaíochta Átha Luain i mí an Mheithimh. Thosnaigh an t-aicsean go luath maidin Dé hAoine agus chríochnaigh sé ag 6pm ar an Domhnach, agus ag a 9pm a chríochnaigh an obair an dá lá eile. I ndiaidh dom an clár seo a dhéanamh is mó go mór an meas atá agam ar  chomhlachtaí mar Adare Productions (a bhí thar barr) agus ar na ceamaradóirí agus lucht fuaime agus eile a dhéanann na cláir.

Ní aon chuid den tsraith feicthe agam fós ach tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh as an aicsean agus as na scéalta pearsanta a bheidh mar chuid mhór di.

Fág freagra ar 'Baile Gunnair ar thairseach na staire i bPort Láirge'