Baile Chláir na Gaillimhe spreagtha ag gaiscí Trill agus Slevin agus Niamh Ní Bhaoill ina laoch do Naomh Columba

Cúig chúl a d’aimsigh Andrea Trill agus Kate Slevin eatarthu i mbua Bhaile Chláir na Gaillimhe i gcluiche ceannais sinsir na mBan i Ráth Chairn agus 1-9 a d’aimsigh Niamh Ní Bhaoill i gcluiche mór na sóisear

Baile Chláir na Gaillimhe spreagtha ag gaiscí Trill agus Slevin agus Niamh Ní Bhaoill ina laoch do Naomh Columba

Pictiúr: Joe Conlon

Tá greim coinnithe ag Baile Chláir na Gaillimhe ar Chraobh Shinsir na mBan ag Comórtas Peile na Gaeltachta agus iad rómhaith don Chlochán Liath i gcluiche ceannais an Luain i Ráth Chairn.

Foireann láidir a bhí tugtha aniar leo ag Baile Chláir agus neart imreoirí le taithí idirchontae acu agus ba í an taithí sin is mó a chinntigh gur acu a bheadh an bua in aghaidh fhoireann óg an Chlocháin Léith.

Beirt iad Andrea Trill agus Kate Slevin atá mar chuid d’fhoireann shinsir na Gaillimhe i láthair na huaire agus bhí baint mhór acu le bua an lae inniu.

Cúig bliana déag a bhí Trill nuair a scóráil sí trí chúl do Bhaile Chláir sa gcluiche ceannais i dTuar Mhic Éadaigh in 2017 agus d’éirigh léi an gaisce céanna a dhéanamh sa Mhí i mbliana agus bua cuimsitheach 6-13 in aghaidh 4-6 ag a foireann.

Bhí Slevin gach pioc chomh maith le Trill agus 2-7 aimsithe aici faoin am gur séideadh an fheadóg dheireanach, an chéad chúl sa chluiche ina measc.

Bhí na foirne cothrom ar phointe an taobh nuair a tháinig an cúl sin. Bhuail iarracht ó Chiara Ní Chearnaigh bun an phosta agus bhí Slevin san áit cheart chun an liathróid a chur isteach san eangach. Ón gcic amach, bhuaigh Baile Chláir seilbh na liathróide arís agus chruthaigh pasanna tapa idir Deirdre Ní Bhraonáin, Slevin agus Cianna Ní Riada deis do Andrea Trill gearradh isteach ó thaobh na láimhe clé agus rinne sí iarracht eile a lascadh sa gcúl chun Baile Chláir a chur 2-1 in aghaidh 0-1 chun tosaigh.

Cé nár scóráil sí sa gcluiche, bhí tionchar Dheirdre Uí Bhraonáin an-suntasach agus í lárnach i ngach uile rud maith a rinne Baile Chláir. Ba í a bhuaigh seilbh na liathróide sa 20ú nóiméad agus ba í a thosaigh an ghluaiseacht a chríochnaigh le cúl eile do Trill. Ní Bhraonáin a bhris tríd arís chun cúl eile a chruthú sa 31ú nóiméad. Ciara Ní Chearnaigh a fuair an cúl an uair seo, scór a d’fhág go raibh Baile Chláir 4-3 in aghaidh 0-2 chun cinn ag leath ama.

D’aimsigh Mia O’Donnell cúl don Chlochán Liath cúig nóiméad isteach sa dara leath chun beagán dóchais a thabhairt do na Conallaigh ach d’aimsigh Trill a tríú cúl go luath ina dhiaidh sin agus an deis cruthaithe arís ag Deirdre Ní Bhraonáin.

Scóráil Rianna Nic Riada cúl eile don Chlochán Liath ó chic saor ach is beag seans ar theacht aniar a bhí ag a foireann faoin am sin agus bhí an séú cúl aimsithe ag Baile Chláir sara fada. Chuaigh cic amach de chuid an Chlocháin Léith ar strae agus Kate Slevin ag tapú na deise leis an dara cúl a fháil.

Ba í Sophia Nic Suibhne an Chlocháin Léith a d’aimsigh an cúl is fearr a scóráladh sa gcluiche nuair a scaoil sí urchar go barr na heangaí agus ceathrú uaire fágtha. D’éirigh le Patrice Ní Bhaoil ceann eile a fháil chun an bhearna a laghdú go naoi bpointe ach d’aimsigh Kate Slevin gach ceann de na chúig phointe deireanach a d’aimsigh Baile Chláir chun an bhearna mhór idir na foirne a léiriú.

Foireann bhuacach Naomh Columba

Cluiche aontaobhach eile a bhí sa gceann i gcraobh shóisir na mban agus Naomh Columba róláidir do Bhulf Tón agus bua 21 pointe mná Ghleann Cholm Cille sa deireadh, 2-23 in aghaidh 0-8.

Naomh Columba ab fhearr a chuir tús leis an gcluiche agus iad imithe chun tosaigh le pointí ó Leah Nic Ruairí agus Jennifer Nic an Bhaird, ach ghlac Naomh Columba ceannas ar chúrsaí ina dhiaidh sin agus clann Uí Bhaoill lárnach sa dea-imirt sin.

Chuir pointí ó Claire Byrne agus Laoise McGinley Naomh Columba ar ais ar comhscór agus chuir ceann eile ó Ailbhe Doherty chun cinn iad sular chuir Niamh Ní Bhaoill agus Leeza Cunningham leis an mbearna.

Bhí Ní Bhaoill ina laoch as sin go deireadh agus trí phointe eile aimisthe aici roimh dheireadh an chéad leatha chun Naomh Columba a fhágáil 0-9 in aghaidh 0-4 chun tosaigh, ach bhí a deirfiúr Laura Ní Bhaoill an-mhaith chomh maith agus scata deiseanna cruthaithe aici dá comrádaithe.

Laura agus Niamh a d’aimsigh an chéad dá scór sa dara leath agus faoin am go bhfuair an lántosach Claire Byrne an chéad chúl sa chluiche, bhí deireadh le haon chaint ar choimhlint cheart.

Tháinig an dara cúl leath bealaigh tríd an dara leath agus beagán den ádh ar Niamh Ní Bhaoill gur chríochnaigh a hiarracht san eangach. Ach bhí an t-ádh sin tuillte aici agus taispeántas den scoth tugtha aici. 1-9 a bhí aimsithe aici faoin am go raibh deireadh déanta.

Fág freagra ar 'Baile Chláir na Gaillimhe spreagtha ag gaiscí Trill agus Slevin agus Niamh Ní Bhaoill ina laoch do Naomh Columba'