Tús á chur ag 140,000 scoláire leis na scrúduithe stáit dara leibhéal inniu

Páipéar a hAon sa mBéarla an chéad scrúdú a bheidh roimh lucht na hArdteistiméireachta, Dé Luain seo chugainn a bheidh Páipéar a hAon sa nGaeilge

Tús á chur ag 140,000 scoláire leis na scrúduithe stáit dara leibhéal inniu

Cuirfidh 140,457 scoláire tús leis na scrúduithe stáit dara leibhéal inniu – idir an Ardteist thraidisiúnta, an Ardteist Fheidhmeach agus an tSraith Shóisearach.

Beidh na scrúduithe sin á reáchtáil in 800 ionad scrúdaithe fud fad na tíre.

Páipéar a hAon sa mBéarla an chéad scrúdú a bheidh roimh lucht na hArdteistiméireachta ar maidin inniu ag 9.30 am agus an Eacnamaíocht Bhaile a bheidh roimh chuid acu san iarnóin.

Béarla a bheidh ag an 74,313 scoláire a thabharfaidh faoi scrúduithe na Sraithe Sóisearaí maidin inniu agus oideachas reiligiúnach san iarnóin. Maidin amárach a bheidh an dá uair an chloig de scrúdú Gaeilge acu, T1 agus T2. Beidh scrúduithe na ndaltaí sóisearacha ag críochnú ar an Luan an 16 Meitheamh.

Lá Fhéile San Seán, an 24 Meitheamh, a bheidh na scrúduithe deireanacha Ardteiste ar siúl. Seapáinis, Araibis, oideachas reiligiúnach agus matamaitic fheidhmeach a chuirfidh críoch leis na scrúduithe do dhaltaí a roghnaigh aon cheann de na hábhair sin.

Dé Luain seo chugainn san iarnóin a bheidh Páipéar a hAon sa nGaeilge le déanamh agus an mhaidin dár gcionn a bheidh Páipéar a Dó rompu.

Ba chóir go mbeadh daltaí na bliana seo ag fáil a gcuid torthaí scrúduithe ar an Aoine, an 22 Lúnasa. Cúig lá ina dhiaidh sin, ag a 2.00 pm, Dé Céadaoin an 27 Lúnasa, a bheidh an chéad bhabhta tairiscintí á ndéanamh ag an Lár-Oifig Iontrála [CAO].

Ghuigh an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee agus an tAire Stáit atá freagrach as Oideachas Speisialta, Michael Moynihan, gach rath ar na daltaí agus chuireadar a mbuíochas in iúl dá gcuid múinteoirí.

Dúirt an tAire McEntee:

“Ba mhaith liom gach rath a ghuí ar na scoláirí uile ar fud na tíre a bheidh ag tosú a scrúduithe Ardteistiméireachta, Ardteistiméireachta Feidhmí nó Sraithe Sóisearaí inniu.  Is eol dom an méid oibre agus iarrachta atá curtha isteach agaibh cheana féin. Seo toradh na hoibre atá déanta agaibh le blianta fada anuas.

“Is féidir leis an tréimhse seo a bheith an-strusmhar. Mar sin, ba mhaith liom a mheabhrú do gach duine nach féidir libh ach bhur ndícheall a dhéanamh sna scrúduithe. Beimid go léir taobh thiar díbh sna seachtainí atá le teacht, agus tá a fhios agam, beag beann ar thoradh na scrúduithe seo, go mbeidh cuid mhór deiseanna iontacha i ndán do gach duine díbh.

“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt freisin don tacaíocht a fuair scoláirí óna bpobail scoile, óna múinteoirí agus, ar ndóigh, óna dtuismitheoirí agus óna gcaomhnóirí. Go raibh maith agaibh, agus guím gach rath oraibh go léir sna seachtainí atá le teacht.”

Dúirt an tAire Moynihan:

“Ba mhaith liom gach scoláire ar fud na hÉireann a bheidh ag tosú a scrúduithe inniu a mholadh, go háirithe scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Is eol dom cé chomh crua agus a d’oibrigh sibh go léir agus gach a bhfuil bainte amach agaibh go dtí seo.

“Is eol dom gur féidir leis an tréimhse scrúduithe a bheith strusmhar do scoláirí. Mar sin, tugaigí aire daoibh féin agus ná déanaigí dearmad go bhfuil cuid mhór conairí ann chuig an gcéad chéim eile in bhur saol. Seans nár smaoinigh sibh riamh faoi roinnt de na conairí sin. Níl a fhios agaibh cén uair a thiocfaidh deiseanna áirithe chun cinn nó cén chuma a bheidh orthu.

“Rachaidh na scileanna agus an t-eolas a ghnóthaigh sibh ar scoil chun tairbhe daoibh le linn na tréimhse scrúduithe agus ar feadh an tsaoil araon. Ba cheart go mbeadh sibh an-bhródúil asaibh féin.

Guím gach rath oraibh in bhur scrúduithe.”

Fág freagra ar 'Tús á chur ag 140,000 scoláire leis na scrúduithe stáit dara leibhéal inniu'