Scannal in Ospidéal Ríoga Victoria a chuirfeadh fuadach faoin gcroí

De réir tuairisc nár foilsíodh fós nochtadh patrún iompraíochta doghlactha i measc dornán comhairleoirí sinsearacha, ach an bhfuil mí-iompar contúirteach in ospidéil eile freisin?

Scannal in Ospidéal Ríoga Victoria a chuirfeadh fuadach faoin gcroí

Bhain an scéal stangadh as daoine. Cá bhfios cé mhéad duine a cuireadh i mbaol? A bheidh i mbaol? Cultúr ‘gangaideach, nimhiúil a chruthaigh dainséar d’othair’ in aonad máinliachta croí Thuaisceart Éireann, de réir tuairisc ó chigirí.

Tugadh na hiniúchóirí neamhspleácha isteach chun iompar agus cleachtais san aonad cairdiach réigiúnach a scrúdú. Tá an t-aonad lonnaithe in Ospidéal Ríoga Victoria i mBéal Feirste, an RVH, faoi stiúir Iontaobhas Bhéal Feirste. Déantar suas le 1,000 obráid croí in aghaidh na bliana ann. Cuireadh an fiosrú ar bun nuair a cealaíodh obráidí toisc gur dhiúltaigh ceathrar máinlianna freastal ar na hobrádlanna nuair a chlis ar an gcaidreamh oibre le comhghleacaithe áirithe.

De réir na tuairisce nár foilsíodh fós ach a sceitheadh le UTV, nochtadh patrún iompraíochta doghlactha i measc dornán de na comhairleoirí sinsearacha. Thug suas le trí scór go leith den fhoireann eolas do na cigirí ar choinníoll nach neosfaí a n-ainmneacha. Chomh maith le teannas idir grúpaí dochtúirí líomhnaíodh gur caitheadh uirlisí máinliachta le linn obráidí agus gur tugadh íde béil d’altraí a d’fhulaing bulaíocht. Chinn na cigirí go raibh ócáidí ann nuair a cuireadh othair i mbaol nó nuair a rinneadh dochar dóibh de bharr mí-iompair; chinn siad freisin go raibh drogall ar an bhfoireann imní a chur in iúl don mbainistíocht.

Ar iarratas ó Diane Dodds, urlabhraí sláinte an DUP, gheall an tAire Sláinte in Stormont, Mike Nesbitt go bhfoilseofaí an tuairisc ach cuireadh moill ar a phlean mar nach mór comhairle dlí a fháil faoi anaithnideacht daoine a chaomhnú.

Dúirt Nesbitt, ceannaire an UUP, go raibh alltacht air faoin méid a bhí tagtha chun solais. Chuir sé a thuairim in iúl go tréan do chathaoirleach bhoird an Iontaobhais Sláinte. Éileoidh sé fianaise gach mí go mbeidh moltaí na gcigirí i dtaca le scothchleachtais á gcur i bhfeidhm.

Dúirt ceannairí an Iontaobhais go raibh an mí-iompar ‘náireach agus dochosanta’ ach go raibh tús curtha leis an obair cheartaitheach. Cé gur dhúirt na cigirí gur chontúirt d’othair é an cultúr gangaideach, mhaígh an tIontaobhas gur áit shábháilte d’othair é an t-aonad. Tharraing an Teachta Dodds aird ar an bhfianaise go raibh ceathrar comhairleoirí ‘ag obair ón mbaile’ ar an mbonn gur mhaígh siad nach mbeadh sé sábháilte ná folláin freastal ar an aonad san ospidéal. Ba léir, ar sí go raibh an t-atmaisféar nimhiúil, dainséarach agus gur chuir an bhainistíocht leis an mífheidhmiú.

Tá an chuma ar an scéal gur choimhlint chumhachta idir líon beag de na comhairleoirí a thug an chúis go cnámh na huillinne an uair seo ach maíonn ionadaithe ceardchumainn nach inné ná inniu a bhris drochiompar amach sna hospidéil. Dúirt an Royal College of Nursing go raibh an tuairisc scannalach agus uafásach ach nárbh iontas ar bith é. Dúirt ceardchumann eile, Unison, an rud céanna.

Dúirt Rita Devlin, Stiúrthóir an RCN, gur facthas mí-iompar, bulaíocht ó mháinlianna, 20, 30 nó 40 bliain ó shin ach go raibh sé millteanach go raibh sé fós ar siúl.

Bhí sé uafásach gur thug Iontaobhas Bhéal Feirste an chluas bhodhar do ghearáin le fada, ar sí. Dúirt sí freisin go raibh bulaíocht ar altraí ar siúl i ranna eile in ospidéil i mBéal Feirste freisin. Cliseadh ceannaireachta is ea é agus tiocfaidh a thuilleadh drochnuachta chun solais dar léi.

Seanscéal is ea an cultúr gránna, tíoránta seo, a deir Patricia McKeon, Unison. Níl sé teoranta don aonad cairdiach, d’aon ospidéal amháin ná d’Iontaobhas amháin, ar sí. Tá sé forleathan. Tá fianaise ag Unison, a dúirt sí, a chruthaíonn go bhfuil gearáin á ndéanamh ag baill – oibrithe sna línte tosaigh agus oibrithe cúltaca – le scór bliain faoi iompar roinnt cliniceoirí sinsearacha. Bhí líomhaintí faoi bhulaíocht agus ciapadh i measc na ngearán agus bhain go leor de le fuath ban agus ciníochas, dar le McKeon.

Fadhb dhúshlánach don Aire Nesbitt is ea í seo. Is léir go bhfuil i bhfad níos mó le fuascailt ná an scannal san aonad cairdiach. Tá ceisteanna le freagairt faoin fhad a thóg sé ar an Roinn a dhul i ngleic leis an scéal. Bunaíodh an fiosrú ar an aonad cairdiach leathbhliain ó shin ach níor labhair éinne leis na hoibrithe i ranna eile fós. Agus cathain a labhróidh iniúchóir le hothair?

Ní mór a rá go mbíonn formhór mór na n-othar a fhaigheann cóir leighis sna hospidéil an-sásta. Cloistear arís agus arís eile ‘tá an fhoireann ar fheabhas fiú má tá a gcoinníollacha oibre go huafásach’. Sin gan fhios a bheith ag daoine go mbíonn bulaíocht agus leatrom á bhfulaingt ag cuid den bhfoireann sin.

Ní nach ionadh, cothaíonn eolas den sórt a nocht an tuairisc seo faitíos agus mímhuinín. Ní leor briathra.

Fág freagra ar 'Scannal in Ospidéal Ríoga Victoria a chuirfeadh fuadach faoin gcroí'