Feicfear i bPáirc na nGael a bhfuil foghlamtha ag Luimneach ó anuraidh

Is é an cluiche idir Luimneach agus Corcaigh ceann mór an deireadh seachtaine ach tá cluichí tábhachtacha eile ar siúl i gcraobhacha na Mumhan agus Laighean

Feicfear i bPáirc na nGael a bhfuil foghlamtha ag Luimneach ó anuraidh

Agus muid ag druidim i dtreo dheireadh an chluiche in Inis Dé Sathairn seo caite, tháinig an cluiche ar an bpáirc chéanna sa chéad bhabhta i gCraobh na Mumhan chun cuimhne. An lá sin, bhí an Clár ceithre chúl chun deiridh ar Chorcaigh ach d’éirigh leo teacht aniar chun an comhscór a bhaint amach.

In aghaidh Thiobraid Árann Dé Sathairn seo caite, bhíodar ceithre chúl chun deiridh arís ag leath ama agus an bhearna sin laghdaithe go maith acu sa dara leath. Shíl mé go mbeadh an bua arís ag na Cláirínigh ach d’éirigh le Tiobraid Árainn an fód a sheasamh agus an chuma ar an scéal anois go bhfuil sé beagnach cinnte go bhfágfaidh muid slán le seaimpíní na hÉireann roimh dheireadh mhí na Bealtaine agus an-seans ag Tiobraid Árainn teacht amach as Cúige Mumhan.

Is cinnte gur cois Sionainne tráthnóna amárach a bheidh cluiche mór an deireadh seachtaine seo. Tiocfaidh Corcaigh go Páirc na nGael i Luimneach agus iad lán de mhuinín i ndiaidh an bhua slachtmhar a bhí acu i gcoinne Thiobraid Árainn. Bhí a mbua slachtmhar féin ag fir Luimnigh in aghaidh Phort Láirge cúpla seachtain ó shin chomh maith agus ní bheidh aon easpa misnigh ag cur as dóibhsean ach oiread.

Bhí dhá chluiche iontacha idir Corcaigh agus Luimneach anuraidh agus tá seans ann go mbeidh trí cinn eile againn i mbliana. Tá sé deacair go leor a rá cé chomh maith is atá Corcaigh bunaithe ar an gcluiche deireanach amháin mar bhí buntáiste mór acu agus imreoir breise acu ón tús tar éis do Darragh McCarthy Thiobraid Árann a bheith curtha den pháirc.

Ar an taobh eile, tá sé éasca a rá go bhfuil Luimneach ag teacht chucu féin agus iad ag feabhsú mar fhoireann. Tá creatlach láidir acu idir na seanfhondúirí agus an fuinneamh an scil agus an ráta oibre ag teacht ó leithéidí Adam English, Shane O’Brien, Colin Coughlan agus Cathal O’Neill. Caithfidh gur fhoghlaim John Kiely agus Paul Kinnerk mórán ón dá chluiche a chaill siad in aghaidh Chorcaí anuraidh agus beidh siad ag iarraidh a bheith ullamh do pé teaicticí a bheidh ag na Corcaígh amárach.

Go dtí seo i Mumhain, is iad an dá fhoireann seo is fearr agus ní dóigh liom go bhfuil mórán eatarthu in aon chor. Is dócha go bhfuil sé róshimplí a rá go bhfuil an-chuid ag brath ar na cathanna idir Patrick Horgan, Alan Connolly agus Brian Hayes agus pé triúr a bhíonn á marcáil. Beidh mórán freisin ag brath ar thaispeántais Chian Lynch, Aaron Gillane, Shane O’Brien agus Kyle Hayes do Luimneach, mar a bheidh ar iarrachtaí Robert agus Eoin Downey, Seán O’Donoghue agus Declan Dalton do Chorcaigh.

Ag an bpointe seo anuraidh, bhí Corcaigh ag dul isteach sa chluiche seo agus iad ag iarraidh iad féin a choinneáil sa chomórtas agus cuma na mbogán orthu. Is beag atá idir na foirne anois dar leis na geallghlacadóirí agus brú níos mó ar Luimneach b’fhéidir agus an slua plódaithe isteach i bPáirc na nGael.

Táim ag súil le han-choimhlint i nDurlas freisin agus Port Láirge agus Tiobraid Árann ag tabhairt aghaidh ar a chéile. Tá gach rud athraithe le bua na dTiobraid Árannach ar an gClár agus tuigeann an dá chontae an tábhacht atá le pointe, ar a laghad, a fháil ón chluiche seo.

An deireadh seachtaine seo caite i gcúige Laighean, bhuaigh an Ghaillimh an cluiche is tábhachtaí agus Cathal Mannion ina ghaiscíoch scórála dóibh arís agus seacht gcúilín déag aimsithe aige, sé cinn ón imirt san áireamh.

Tá fear Áth Eascrach-Fothannach 30 bliain d’aois anois agus é ciaptha ag gortuithe le cúpla bliain anuas. Tháinig Mannion isteach mar ionadaí sa dara leath le linn an chluiche craoibhe i gcoinne Átha Cliath anuraidh ach ba léir go raibh sé fós ag streachailt le fadhb le teannán a ioscaide. Breathnaíonn sé go bhfuil plean na Gaillimhe anois ag brath go mór ar Mannion agus ba cheart go mbeadh siad rómhaith d’Aontroim i mBóthar na Trá inniu.

Sa bhaile a bheidh Loch Garman agus Uíbh Fhailí ag teacht ar cuairt agus bheadh súil agam go mbeadh an bua ag an bhfoireann baile sa chluiche sin chomh maith.

Geobhaimid léargas ceart ar Áth Cliath amárach agus fir na príomhchathrach ag dul síos go Páirc Uí Nualláin. Fuair muid ár gcéad radharc ar TJ Reid an tseachtain seo caite agus 2-9 aimsithe aige i gcoinne Uíbh Fhailí agus naoi mbliana déag anois caite aige le foireann shinsir na gCat. Déarfainn go mbeidh coimhlint mhaith againn agus cé go gceapaim go mbeidh an bua ag Cill Chainnigh, ní dóigh liom go mbeidh mórán eatarthu.

Dé Sathairn, 17 Bealtaine

Craobh Iomána Laighean

Gaillimh v Aontroim – Staid an Phiarsaigh, 14:30 (Beo ar GAA+)
Loch Garman v Uíbh Fhailí – Páirc Loch Garman, 17:00

Dé Domhnaigh, 18 Bealtaine

Craobh Iomána na Mumhan

Tiobraid Árann v Port Láirge – Staid Semple, 14:00 (Beo ar RTÉ)
Luimneach v Corcaigh – Páirc na nGael, 16:00 (Beo ar RTÉ)

Craobh Iomána Laighean

Cill Chainnigh v Áth Cliath – Páirc Uí Nualláin, 15:00 (Beo ar GAA+)

Fág freagra ar 'Feicfear i bPáirc na nGael a bhfuil foghlamtha ag Luimneach ó anuraidh'