Na himreoirí ab fhearr agus na sárfhoirne ó Chomórtas Peile na Gaeltachta 2025

Seo iad rogha Tuairisc de na himreoirí ab fhearr ag Comórtas na bliana seo i Ráth Chairn

Na himreoirí ab fhearr agus na sárfhoirne ó Chomórtas Peile na Gaeltachta 2025
Oisín Martin ó Bhulf Tón ag imirt ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2025

Imreoir Chraobh Shinsir na bhFear – Oisín Martin (Bhulf Tón)

“Teacht aniar ná déanadh Lazarus féinig,” an cur síos a rinne Brian Tyers TG4 ar an ngaisce a rinne peileadóirí Bhulf Tón i gcluiche ceannais chraobh shinsir an Luain. Trí phointe dhéag chun deiridh a bhí fir na Mí agus ceathrú uaire fágtha sa gcluiche in aghaidh an Tearmainn ach d’éirigh leo an taoide a chasadh chun Corn an Aire a bhuachan den tríú huair riamh.

Tá moladh mór ag dul do roinnt mhaith imreoirí sna geansaithe corcra as an obair a rinneadar chun an teacht aniar sin a dhéanamh. Bhí Thomas O’Reilly ina cheannaire sa gcuid dheireanach den chluiche agus a thaithí léirithe go maith aige, mar a léirigh Fiachra Ward nuair ba ghá. Rinne Seán Penny, Eoin Donnegan agus Adam O’Neill obair mhór chomh maith chun deireadh a chur leis an gceannas a bhí ag an Tearmann i lár na páirce ach, an deireadh seachtaine ar fad, seans gurbh é Oisín Martin is mó a spreag Bhulf Tón.

Is ag trácht ar chúl Uí Mháirtín a bhí Tyers nuair a thagair sé don aiséirí agus críoch shnasta curtha ag Martin le gluaiseacht ina raibh ceannairí Bhulf Tón le feiceáil. Rinne Adam O’Neill cic amach de chuid an Tearmainn a bhriseadh go talamh, áit ar bhuaigh Thomas O’Reilly seilbh ar an liathróid. Tar éis go ndearnadh feall air, chuir O’Reilly pas álainn i dtreo Fhiachra Ward, a bhí chun tosaigh ar a fhear agus a thug pas ar an bpointe do Martin chun na foirne a chur ar comhscór le hiarracht lena chiotóg a chríochnaigh i gcoirnéal na heangaí.

Martin a chruthaigh an cúl a d’aimsigh Ward sé nóiméad níos túisce le ruathar iontach suas taobh na láimhe clé den pháirc agus d’aimsigh dhá phointe eile sa gcluiche. Ní sa gcluiche ceannais amháin a bhí tionchar Martin le feiceáil agus 1-3 aimsithe aige i gcluiche leathcheannais an Domhnaigh in aghaidh Chill na Martra agus a choisíocht, a neart agus a chumas peile léirithe go maith aige.

Andrea Trill ag imirt do Bhaile Chláir na Gaillimhe i gcluiche ceannais an Luain. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Imreoir Chraobh Shinsir na mBan – Andrea Trill (Baile Chláir na Gaillimhe)

Trí cinn de chluichí ceannais atá imeartha ag Andrea Trill ag Comórtas Peile na Gaeltachta agus ocht gcinn de chúil atá anois aimsithe ag naoscaire Bhaile Chláir na Gaillimhe. Agus í ag imirt le foireann shinsir na Gaillimhe le roinnt blianta anuas, tá a fhios ag madraí an bhaile céard atá uaithi nuair a fhaigheann sí seilbh na liathróide ach is beag a bhí cosantóirí Mhaigh Cuilinn, an Tearmainn ná an Chlocháin Léith in ann a dhéanamh chun í a stopadh le blianta beaga anuas.

Tá Trill thar a bheith sciobtha ach seans gurb é an bua is mó atá aici ná a bheith san áit cheart ag an am ceart. In ainneoin go raibh súil ghéar á coinneáil ag an gClochán Liath uirthi Dé Luain, ní aon uair amháin a d’éirigh léi ruainne spáis a aimsiú ar na cliatháin sular ghearr sí isteach chun an liathróid a fháil agus í a bhá san eangach.

Imreoir idirchontae freisin í Kate Slevin, a d’aimsigh 2-7 in aghaidh an Chlocháin Léith, agus cé go raibh an cluiche thart faoin am ar scóráil sí formhór a pointí, bhí scóranna den scoth ina measc. Tá moladh mór ag dul do lántosach na foirne, Deirdre Ní Bhraonáin, chomh maith. Bhí Ní Bhraonáin, iarimreoir de chuid na Gaillimhe, ina captaen ar Bhaile Chláir na Gaillimhe nuair a bhuadar in 2017 agus arís anuraidh agus cé nár ardaigh sí an cupán an uair seo, bhí baint mhór aici le bua na foirne agus neart de scóranna Bhaile Chláir cruthaithe aici.

Sarah Ní Loingsigh, Naomh Anna, agus Rachel Nic Suibhne ó Ghaeil Fhánada. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Imreoir Chraobh Idirmheánach na mBan – Sarah Ní Loingsigh (Naomh Anna)

Bhí tionchar na n-imreoirí idirchontae le feiceáil sa gcomórtas idirmheánach chomh maith agus Naomh Anna ag tabhairt an chupáin siar abhaile leo. Coimhlint ghéar a bhí idir iad féin agus Gaeil Fhánada sa gcluiche ceannais ach ba í Sarah Ní Loingsigh a d’aimsigh an scór cinniúnach gar don deireadh chun bua aon phointe amháin a thabhairt do Naomh Anna.

Is thiar mar lánchúlaí a chaith Ní Loingsigh cuid mhaith den chluiche agus í ag coinneáil súil ar lántosach Ghaeil Fhánada, Hannah Shiels, cúram a d’éirigh léi a dhéanamh, ach bogadh Ní Loingsigh suas an pháirc agus a taithí ag teastáil chun teacht aniar a spreagadh agus arís, d’éirigh léi. Ceithre phointe a d’aimsigh Naomh Anna sa dara leath agus ba í Ní Loingsigh a d’aimsigh péire acu agus a thug an pas chun an deis a chruthú don phéire eile.

Ríona Ní Fhlatharta a d’aimsigh an dá scór eile sin, péire de na trí cinn a d’aimsigh sí ar an Domhnach agus obair mhór déanta aici chomh maith chun Naomh Anna a thabhairt ar ais sa gcluiche, mar a rinne Barbara agus Mairéad Ní Loingsigh.

Ben Corkery ag imirt do Chlann na nGael in aghaidh Chill Chomáin. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Imreoir Chraobh Shóisir na bhFear – Ben Corkery (Clann na nGael)

Is as a neart agus a méid a bhíodh cáil ar pheileadóirí móra na Mí ach bhí duine de na himreoirí ba lú ar fhoireann Chlann na nGael ar dhuine de na himreoirí ba thábhachtaí deireadh seachtaine stairiúil don chumann. Ní haon fhathach é Ben Corkery ach bhí sé ina rí ar pháirc na himeartha i gcaitheamh an deireadh seachtaine.

Bhí Corkery mar chuid d’fhoireann Faoi 20 na Mí a chuaigh chomh fada le cluiche ceannais Laighean i mbliana agus bhí an scil agus an misneach atá aige le feiceáil aon uair a bhfuair sé seilbh ar an liathróid. 1-3 a d’aimsigh Corkery sa gcluiche leathcheannais in aghaidh Chill Chomáin, dream a dhíbir Clann na nGael ón gComórtas Peile faoi dhó le blianta beaga anuas, agus ceithre phointe eile a fuair sé i gcluiche ceannais an Luain. Foireann mhaith atá ag Clann na nGael ach tá mianach in Uí Chorcora nach bhfuil i mórán eile.

Fathach cinnte is ea Daragh Griffin i lár na páirce agus an-deireadh seachtaine curtha de chomh maith, mar a bhí a chol ceathrair Eoin i gcúl Chlann na nGael. Bhí Thomas Doyle ar fheabhas chomh maith, mar a bhí Cormac Smith agus sé phointe aimsithe aige sa sárthaispeántas a tugadh sa gcluiche ceannais.

Conor Ó Gallachóir ó RTÉ Raidió na Gaeltachta ag bronnadh gradam Laoch na hImeartha ar Niamh Ní Bhaoill ó Naomh Columba

Imreoir Chraobh Shóisir na mBan – Niamh Ní Bhaoill

Bhí clann Uí Bhaoill lárnach i mbua Naomh Columba i Ráth Chairn ag an deireadh seachtaine agus cé go raibh baint mhór ag Alanna agus Laura leis an ngaisce a rinneadh, níl aon amhras ann ach gurb í Niamh an naomh do mhná Ghleann Cholm Cille.

Am breise a bhí ag teastáil uathu Dé Sathairn chun an ceann is fearr a fháil ar Ghráinne Mhaol na Gaillimhe ach rinneadar sin le cabhair dhá chúl ó Ní Bhaoill agus ocht gcinn de phointí a scóráil sí sa gcluiche leathcheannais agus bua gan choinne faighte ag Naomh Columba ar fhoireann na háite, Clann na nGael, a bhuaigh an chraobh shóisir anuraidh.

Sa gcluiche ceannais, bhí Ní Bhaoill agus Naomh Columba i bhfad rómhaith do Bhulf Tón agus gaisce scórála eile déanta ag an leatosach agus 1-9 faighte aici.

Sárfhoireann na bhFear ag Tuairisc

Sárfhoireann na mBan ag Tuairisc

Fág freagra ar 'Na himreoirí ab fhearr agus na sárfhoirne ó Chomórtas Peile na Gaeltachta 2025'