Tionscadal nua seolta le ‘beocht’ a chur sa Ghaeilge ‘lasmuigh de gheataí na scoile’

Comhthionscadal de chuid na Roinne Oideachais, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, agus Conradh na Gaeilge is ea an scéim ‘Foraois’

Tionscadal nua seolta le ‘beocht’ a chur sa Ghaeilge ‘lasmuigh de gheataí na scoile’

Tá tionscadal nua seolta ag an Aire Oideachais Helen McEntee le “beocht a chur sa Ghaeilge lasmuigh de gheataí na scoile”. Beidh cúig scoil, idir bhunscoileanna agus mheánscoileanna, páirteach sa scéim phíolótach, ‘Foraois’, a seoladh i nGaelscoil Cholmcille sa Chúlóg i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath inniu.

Is iad na scoileanna eile a bheidh páirteach sa scéim ná Gaelcholáiste Reachrann, Gaelscoil Ghráinne Mhaol, Gaelscoil Mhíde, agus Scoil Neasáin. Is i mBaile Átha Cliath atá na scoileanna lán-Ghaeilge sin ar fad.

Comhthionscadal de chuid na Roinne Oideachais, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, agus Conradh na Gaeilge is ea ‘Foraois’ agus tá bainisteoir á lorg ag Conradh na Gaeilge faoi láthair leis an scéim a reáchtáil.

“Díreoidh Foraois ar ghaelphobail a fhorbairt timpeall ar Ghaelscoileanna, ag cinntiú go bhfuil rogha clár agus cumann trí Ghaeilge ar fáil do pháistí lasmuigh de gheataí na scoile ina bpobail féin,” a deirtear i bhfógra Chonradh na Gaeilge.

Beidh ar bhainisteoir ‘Foraois’ tionscadail phobail agus óige “a phleanáil, a chomhordú, agus a chur i bhfeidhm” agus “comhpháirtíochtaí” a fhorbairt idir pobail na scoileanna atá páirteach sa gclár agus eagraíochtaí pobail agus seirbhísí eile ina dtimpeall.

Beifear ag súil go ndéanfaidh an bainisteoir taighde ar na “bearnaí seirbhíse agus ar riachtanais teanga” na bpobal agus tabhairt faoi na bearnaí sin a líonadh agus freastal ar na riachtanais. Beidh “scéimeanna nuálacha” i réimsí an spóirt, na n-ealaíon, agus na fostaíochta le forbairt freisin le labhairt na Gaeilge taobh amuigh den seomra ranga a spreagadh.

Deir an Roinn Oideachais gur aithníodh sa phróiseas comhairliúcháin a reáchtáladh mar chuid d’fhorbairt an pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht go raibh “níos mó deiseanna á lorg ag daoine óga” a bhí ag dul tríd an gcóras Gaelscolaíochta a gcuid Gaeilge a úsáid lasmuigh den seomra ranga.

“Tá sé i gceist leis an tionscadal ‘Foraois’ na deiseanna sin a chur ar fáil trí oibriú le scoileanna, daltaí, agus scoláirí chun clubanna, cumainn, agus cláir forbartha a bhunú a thacóidh le húsáid laethúil na Gaeilge.

“Cuirtear na síolta don cheangal fad saoil leis an nGaeilge tríd an oideachas lán-Ghaeilge – tá sé mar aidhm ag Foraois na struchtúir agus an tacaíocht a chur ar fáil ionas go bhfásann foraois bhisiúil as na síolta sin,” a dúradh i ráiteas na Roinne.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, go bhfuil “lúcháir” ar lucht na heagraíochta sin a bheith páirteach sa “tionscadal ceannródaíoch”.

‘Tá sé soiléir ó obair na gcomhairliúchán go bhfuil fonn agus cumas ag daoine óga an Ghaeilge a úsáid sa saol laethúil – ní hamháin sa seomra ranga ach sa phobal freisin. Tríd an tionscadal nua Foraois, táimid ag tógáil struchtúir a spreagfaidh úsáid nádúrtha, fad saoil na teanga i measc glúin nua cainteoirí.

“Tá an fhís seo ríthábhachtach d’athbheochan na Gaeilge agus don sprioc phobail atá á forbairt againn le chéile,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Tionscadal nua seolta le ‘beocht’ a chur sa Ghaeilge ‘lasmuigh de gheataí na scoile’'