Bhí beocht nua i gcraobhacha na gcúigí in 2025 ag na coimhlintí den scoth a bhí againn ó cheann ceann na tíre le mí anuas ach cuirfear tús leis an gcéad chéim eile sa séasúr inniu agus muid tagtha chomh fada le ‘sraith Chraobh na hÉireann’, mar a thugtar air.
Ní hé chuile dhuine atá meallta ag córas na ngrúpaí agus 24 le himirt chun fáil réidh le ceithre fhoireann agus ar ndóigh beidh leagan amach nua eile againn an bhliain seo chugainn. I séasúr atá chomh giorraithe, bíonn na seachtainí seo beagáinín fadálach agus é soiléir go maith i bhformhór na ngrúpaí cé a bheidh i mbaol agus cé nach mbeidh. Tá maith agus olc an chórais le feiceáil i gcluichí an lae inniu.
I gCill Airne a chuirfear tús leo agus Ciarraí ag cur fáilte roimh Ros Comáin. Thug Corcaigh dúshlán ceart d’fhir na Ríochta i mbabhtaí leathcheannais na Mumhan ach bhí bua gan stró ag foireann Jack O’Connor ar chontae an Chláir sa gcluiche ceannais agus ba dheacair duit teacht ar aon duine a cheapann go mbeidh siad faoi bhrú sa ngrúpa seo agus cluichí eile i gcoinne na Mí agus Chorcaí arís le teacht.
Beidh O’Connor sásta go bhfuil an Conchúrach eile, Diarmuid O’Connor ar fáil arís agus é tagtha chuige féin ón ngortú gualainne a bhain dó sa tsraith. Tá O’Connor ainmnithe i lár na páirce do Chiarraí ach níl Paudie Clifford ainmnithe ar an bpainéal ar chor ar bith agus lucht tacaíochta Chiarraí ag súil nach mbeidh sé i bhfad ar iarraidh.
Tar éis dóibh a bheith chomh leamh sin in aghaidh na Gaillimhe an mhí seo caite, beidh feabhas ollmhór ag teastáil ó Ros Comáin chun tada a fháil ón gcluiche seo agus ní haon ionadh go bhfuil leath den fhoireann athraithe ag Davy Burke don chluiche seo. Tá tosaithe maithe acu, na deartháireacha Murtagh agus Ben O’Carroll ach go háirithe, ach bhí Enda Smith an-chiúin in aghaidh na Gaillimhe agus ní dhéanfaidh Ros Comáin mórán dá uireasa.
Tá na Gaillmhigh sa mbaile i gcluiche mór an deireadh seachtaine agus Áth Cliath ag teacht chucu i Staid an Phiarsaigh. Agus cluichí i gcoinne Ard Mhacha agus Dhoire le teacht, beidh an dá fhoireann ag iarraidh tús maith a chur leis an ngrúpa.
Bhuaigh foireann Phádraic Joyce a ceathrú craobh Chonnacht as a chéile cúpla seachtain ó shin agus tá cuma láidir go maith orthu i láthair na huaire. Dea-scéal é do na Gaillmhigh go bhfuil Shane Walsh ainmnithe ar an bhfoireann den chéad uair ó baineadh amach ag leath ama é i gcoinne Átha Cliath sa tsraith mí an Mhárta.
Bhuaigh Áth Cliath an cluiche sin i bPáirc an Chrócaigh le sé phointe ach ba é an scéal mór acusan go dtí seo i mbliana ná an chailliúint sin in aghaidh na Mí i mbabhtaí leathcheannais Laighean. Tá sé deacair foireann Dessie Farrell a mheas i láthair na huaire agus cé go bhfuil sé ríshoiléir go bhfuil siad tite siar ó d’éirigh Brian Fenton, James McCarthy agus na fathaigh eile as an imirt ag deireadh na bliana seo caite, tá imreoirí cumasacha acu go fóill. Níor éirigh le haon duine de chosantóirí maithe na Gaillimhe greim a choinneáil ar Con O’Callaghan sna cluichí idir na foirne le cúpla bliain anuas, mar shampla, ach buille é d’Áth Cliath nach bhfuil Seán Bugler tagtha chuige féin fós ó ghortú rúitín. Ba é Bugler sár-imreoir Átha Cliath le linn na sraithe agus aireoidh siad uathu é inniu.
Agus leithéidí Chormac Costello agus Colm Basquel sa líne lántosaithe, beidh deis ag Áth Cliath má éiríonn leo an liathróid a chur ina dtreo ach caithfidh siad seilbh a fháil uirthi ar dtús agus tá cuma níos fearr ar Ghaillimh i lár na páirce agus John Maher, Paul Conroy, Céin D’Arcy agus Cillian McDaid uile ag imirt ar fheabhas i mbliana. Údar misnigh do Ghaillimh é an bua a bhí acu i gcoinne Átha Cliath i mbabhtaí ceathrú ceannais na hÉireann anuraidh chomh maith agus bheidís céim mhór i dtreo na mbabhtaí céanna le bua tráthnóna.
Imreoidh fir Mhaigh Eo a gcéad chluiche ón gcailliúint i gcoinne na Gaillimhe i gcluiche ceannais Chonnacht amárach nuair a thiocfaidh an Cabhán go Caisleán an Bharraigh. Goillfidh sé fós ar Mhaigh Eo gur theip orthu a gcomharsana a chloí nuair a bhí deiseanna acu deireadh a chur le ceannas na nGaillmheach i gConnachta.
Beidh brú ar Kevin McStay agus a chuid imreoirí toradh maith a fháil inniu agus cluichí i gcoinne Dhún na nGall agus Thír Eoghain le teacht. Ní i gcónaí a éiríonn go maith le Maigh Eo sna cluichí seo agus ní drochfhoireann í ceann an Chabháin, cé nár tugadh taispeántas iontach i gcoinne Thír Eoghain. Seans go ndéanfaidh Maigh Eo obair chrua den chluiche ach ba cheart go dtiocfadh siad slán sa deireadh.
Tá an Clár agus an Dún ar phéire de na foirne is laige atá fágtha sa gcomórtas agus iad le bheith le chéile i Roinn 3 na sraithe an bhliain seo chugainn ach tá cluiche thar a bheith tábhachtach eatarthu amárach in Inis. Muineachán agus contae Lú atá leo i nGrúpa 3, rud a fhágann gurb é an cluiche seo an seans is mó a bheidh acu cluiche a bhuachan agus áit sa gcéad bhabhta eile a bhaint amach. Beidh na Cláirínigh ag súil le feabhas ón ngreadadh a fuair siad ó Chiarraí agus beidh sin ag teastáil chun an Dún, nár ghéill go bog i gcoinne Dhún na nGall, a shárú.
Craobh Shinsir Peile na hÉireann – Grúpa 2
Ciarraí v Ros Comáin – Staid an Ghearaltaigh, 14:30 (Beo at GAA+)
Craobh Shinsir Peile na hÉireann – Grúpa 4
Gaillimh v Áth Cliath – Staid an Phiarsaigh, 17:00 (Beo ar GAA+)
Dé Domhnaigh, 18 Bealtaine
Craobh Shinsir Peile na hÉireann – Grúpa 1
Maigh Eo v An Cabhán – Páirc Mhic Éil, 14:30
Craobh Shinsir Peile na hÉireann – Grúpa 3
An Clár v An Dún – Páirc Chíosóg, 14:00
Fág freagra ar 'Caithfidh na Gaillmhigh a bheith ar a mbuille chun Áth Cliath a choinneáil ó dhoras'