Kneecap fós ar chlár fhéile Glastonbury

Beidh Kneecap ag casadh ar an West Holts Stage ag féile Glastonbury ag deireadh na míosa, an tríú stáitse is mó ag an bhféile

Kneecap fós ar chlár fhéile Glastonbury

Tá an banna ceoil Kneecap fós ar chlár fhéile Glastonbury, clár a fógraíodh ina iomláine inniu.

Cuireadh roinnt ceolchoirmeacha de chuid na rapálaithe as Béal Feirste ar ceal sa Bhreatain agus ar Mhór-Roinn na hEorpa le déanaí mar gheall ar sheasamh an ghrúpa ar cheist na Palaistíne agus an cás dlí atá á thógáil in aghaidh duine amháin de na ceoltóirí – Liam Óg Ó hAnnaidh.

Ach tá Kneecap ar an leagan deireanach den chlár á fógraíodh inniu.

Baineadh Kneecap de chlár na féile TRNSM, a bheidh ar siúl in Albain, agus lucht eagraithe na féile sin ag maíomh go raibh imní ar phóilíní na hAlban faoi chúrsaí sábháilteachta.

Beidh Kneecap ag casadh ar an West Holts Stage ag féile Glastonbury Dé Sathairn an 28 Meitheamh. Is é West Holts an tríú stáitse is mó a bhíonn ag Glastonbury agus spás lucht féachana ann do suas le 30,000 duine. Fógraíodh inniu go mbeidh an tÉireannach CMAT ar an Pyramid Stage, an stáitse is mó ag an bhféile.

D’fhógair an banna ceoil, arb as Iarthar Bhéal Feirste agus Doire iad, seó eile ar maidin freisin, ceolchoirm a bheidh ar siúl in Wembley Arena i gcathair Londan i mí Mheán Fómhair. Dúirt siad i dteachtaireacht ar na meáin shóisialta gur “sa bhearna bhaoil” a bheidh agus ceolchoirm á déanamh acu i Londain, mar a mbeidh Liam Óg Ó hAnnaidh ar a thriail níos deireanaí an mhí seo agus cion sceimhlitheoireachta curtha ina leith.

Maíonn Kneecap gurb í an cheolchoirm atá beartaithe do Wembley Arena, a bhfuil spás ann le haghaidh 12,500, an cheolchoirm is mó a bheidh acu taobh amuigh d’Éirinn.

Tá na ticéid ar díol inniu ar chainéal WhatsApp Kneecap óna 10 a chlog ar maidin agus ar díol go ginearálta Dé hAoine.

Cúisíodh Liam Óg Ó hAnnaidh an mhí seo caite faoi Acht Sceimhlitheoireachta na Breataine mar gheall ar eachtra a mhaítear a tharla os cionn bliain go leith ó shin in Londain. Tá sé curtha i leith Uí Annaidh gur thaispeáin sé bratach de chuid na heagraíochta Hezbollah ag an gceolchoirm i bpríomhchathair Shasana i mí na Samhna 2023.

Tá sé séanta ag Kneecap go dtacaíonn siad le Hezbollah ná le Hamas. Beidh Ó hAnnaidh sa chúirt i Londain ar an 18 Meitheamh, lá amháin roimh cheolchoirm de chuid an bhanna i bPáirc Fhionnradhairc i mBaile Átha Cliath.

Fág freagra ar 'Kneecap fós ar chlár fhéile Glastonbury'