Baile beag é Castdelldefels a bhfuil lorg na staire chuile áit ann

D’fhoghlaim ár gcolúnaí go leor faoi stair na hEorpa agus í ar cuairt ar bhaile ar an gcósta ó dheas de Bharcelona

Baile beag é Castdelldefels a bhfuil lorg na staire chuile áit ann

Baile beag ar an gcósta ó dheas de Bharcelona is ea Castdelldefels. Is ansin a d’fhanamar le linn na féile bád dragan le gairid.

Bhí sceitimíní orainn ag dul anonn toisc nár lig an phaindéim don chlub dul thar lear le ceithre bliana.

Roghnaíodh Castlelldefels mar ionad don fhéile toisc go bhfuil ‘canáil’ ann a tógadh go speisialta i gcomhair Chluichí Oilimpeacha Barcelona i 1992. Gach seans go raibh mo chomhcholúnaí, Mártan Ó Ciardha ann ar son RTÉ Raidió na Gaeltachta ag an am.

Bheadh an baile beag Castelldefels an-áisiúil d’aon duine a bheadh ag tabhairt cuairt ar Bharcelona toisc nach bhfuil siad i bhfad óna chéile, tá nasc bus agus traenach ann agus níl sé rófhada ón aerfort. Agus os a chionn sin ar fad, tá sé réasúnta saor le fanacht ann.

Baile beag deas, lorg na staire chuile áit ann, mar a bhíonn go minic sa Spáinn. Ach rud a thug mé faoi deara agus mé ar cuairt sa Spáinn leis na blianta go mbíonn cineál ‘ceo’ ann nuair a luaitear eachtraí staire. Luaitear an ‘cogadh’ nó ‘trioblóidí’ go minic sna míreanna eolais ag ionaid stairiúla, gan mórán eile cur síos.

Lá nó dhó tar éis na rásaí bád agus na foirne idirnáisiúnta, chomh maith le cuid mhaith dár ngrúpa féin, bailithe abhaile, thug mé cuairt ar an gcaisleán atá luaite leis an ainm ‘Castelldefels’.

Agus mé ag déanamh mo bhealaigh go mall suas an cnoc faoi theas na gréine, d’airigh mé glórtha na ngasúr beag a bhí ar thuras scoile agus iad ag bailiú bláthanna agus feithidí i measc na gcrann sa pháirc phoiblí.

D’fhan an chuimhne sin i mo chloigeann agus mé gaibhte isteach sa Chastell. Ba léir go raibh lucht stiúrtha an chaisleáin ag smaoineamh ar ghrúpaí scoile agus iad ag leagan amach an turas timpeall, chomh maith leis an tráchtaireacht sa treoir chluaise.

Bhí sé an-tarraingteach ar fad – ní raibh gá ar bith le cnaipí ná tada – bhí a fhios ag an treoir chluaise cá raibh tú agus tháinig an píosa tráchtaireachta cuí chugat chomh luath agus a shiúil tú isteach i seomra ar leith ann.

Bunaithe ar scéal na bhfoghlaithe mara a bhí an taispeántas ar fad.

Ar ndóigh thaitneodh sé sin le páistí a raibh taithí acu ar Pirates of the Caribbean agus scannáin eile atá bunaithe ar na foghlaithe mara.

Bhí físeáin réalaíocha ann ag tabhairt le fios go raibh tú ar bord loinge agus bhí seomraí feistithe cosúil le ‘seomraí’ na loinge. Bhí an t-urlár féin ‘beo’ sa mhéid is gur thosaigh sé ag luascadh anonn is anall amhail is go raibh stoirm ag bagairt.

D’fhoghlaim mé go leor faoi na foghlaithe – ní raibh a fhios agam go mbíodh an Mheánmhuir breac leo – iad ag teacht as chuile thír timpeall na mara sin. D’fhoghlaim mé go raibh difríocht idir ‘Corsair’ agus ‘Foghlaí Mara’. Is é an chaoi go mbíodh na Corsair fostaithe go neamhoifigiúil ag Rialtais nó Ríogachtaí éagsúla agus iad ag ionsaí longa ar son na dtíortha sin. Bhíodh saibhreas aisteach á iompar ag longa sna 16ú agus 17ú haois agus na mairnéalaigh ag tabhairt lastais luachmhara abhaile ó thíortha ar fud an domhain.

Agus mé ag déanamh mo bhealaigh timpeall an chaisleáin agus ag iarraidh fanacht slán ó na mairnéalaigh fíochmhara i ngach seomra, tháinig mé ar an séipéal. Bhí sé ina chuid den chaisleán ach tógadh ar dtús é sa 10ú haois agus athchóiríodh é in imeacht na mblianta.

Ag an bpointe sin, chlis mo threoir chluaise agus níor chuala mé aon tráchtaireacht faoina raibh le feiceáil sa séipéal.

Chuir mé suim sna léaráidí agus na sceitseanna pinn luaidhe a bhí tarraingthe ar na ballaí ann. Ba léir go raibh baint éigin acu le cogadh, le daoine a bheith i ngéibheann, le huaigneas, b’fhéidir. Bhí cuid díobh an-mhaith ar fad – pictiúir den chaisleán féin ach go háirithe. Bhí portráidí ann freisin de dhaoine mór le rá a raibh baint acu leis an réabhlóideachas sa Spáinn.

Bhí pictiúr amháin a léirigh an t-uaigneas ar bhealach an-chumhachtach – dhá mhada ar a gcosa deiridh ag breathnú amach trí fhuinneog príosúin.

Cérbh iad an dream a tharraing na pictiúir? Bhí mo chluasáin bodhar. D’fhiafraigh mé den chailín ag an deasc fáilte.

‘Sea, príosúnaigh a rinne na pictiúir sin,’ a dúirt sí. ‘Bhí daoine as go leor tíortha eachtrannacha i bpríosún sa séipéal le linn an Chogaidh,’ a d’inis sí dom.

Ach ba bheag eile eolas a bhí sí in ann a thabhairt dom. Níorbh iad lucht Franco a chuir sa bpríosún iad, ach a gceannairí féin, sa Bhriogáid Idirnáisiúnta.

Le linn Chogadh na gCarad sa Spáinn, cogadh a bhí thar a bheith fíochmhar agus fuilteach, liostáil thart ar 50,000 ‘saighdiúir’ eachtrannach sa mBriogáid sin chun Poblacht na Spáinne a chosaint.

Bhí slua Éireannach ina measc siúd – daoine ar nós Frank Ryan agus Mick O’Riordan a bhain cáil amach san am sin.

Ach bhí rialtas amháin ann a thacaigh go láidir leis an mBriogáid Idirnáisiúnta – Rialtas an Aontais Shóivéadaigh. Fuair dream a thacaigh leis na Sóivéadaigh smacht ar an mBriogáid Idirnáisiúnta agus bhí an-tionchar acu orthu agus ar an gcaoi ar throid siad in aghaidh fhórsaí Franco.

Ba é an ceannaire André Marty, Francach agus Cumannach, a bhunaigh an ‘príosún’ i gCastelldefels agus ceann eile i Montjiuc i mBarcelona. Agus úsáideadh na príosúin sin chun saighdiúirí ón mBriogáid Idirnáisiúnta a smachtú.

Cad a bhí déanta as bealach acu? Dream a chuaigh as a gconlán féin chun na Spáinne agus an Phoblacht ansin a chosaint. Cén sórt coir a rinne siad?

Bhí sé sa gcaint gur maraíodh suas le 60 príosúnach i gCastelldefels ach níl aon pháipéir ná dindiúirí a bhaineann leis an tréimhse phríosúnachta sin fanta sa Spáinn.

An t-aon leid a bheadh ag duine ná go raibh daoine á ruaigeadh as éadan as Páirtí na gCumannach sa Rúis agus á gcaitheamh isteach sna Gulaig (má bhí an t-ádh orthu) i lár na dtríochaidí. Murar aontaigh duine le Stalin agus a pholasaithe, nó má bhí amhras fút, díbríodh tú. ‘An Scéin Mhór’ a tugadh ar an tréimhse sin.

Is léir anois go raibh cogadh eile ar siúl le linn Chogadh na gCarad, agus bhí an cogadh sin á throid idir na Cumannaigh agus an dream a cheap go raibh siad ar an taobh céanna leo in aghaidh Franco.

Agus cá bhfuil na comhaid agus na doiciméid a bhaineann leis an tréimhse sin i gCaisleán Castdelldefels?

I gcófra daingean éicint i Moscó.

Ní fhoghlaimeoidh na gasúir a bhí fós ag piocadh bláthanna mórán faoin stair sin.

Fág freagra ar 'Baile beag é Castdelldefels a bhfuil lorg na staire chuile áit ann'