Baile Átha Cliath sa chluiche ceannais den cheathrú bliain as a chéile agus Gaillimh curtha de dhroim seoil acu

TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: Ach oiread le go leor foirne eile ní raibh aon fhreagra ag Gaillimh tráthnóna ar fhoireann atá ag imirt ag leibhéal níos airde ná gach dream eile

Baile Átha Cliath sa chluiche ceannais den cheathrú bliain as a chéile agus Gaillimh curtha de dhroim seoil acu

Cluiche Leathcheannais na hÉireann, Áth Cliath 1-24 Gaillimh 2-12

Chonaic muid é seo cheana.

Tugadh dúshlán Átha Cliath ar feadh 45 nóiméad nó mar sin ach faoin am go raibh an cluiche thart, bhí a gcéilí comhraic curtha de dhroim seoil ag foireann Jim Gavin éasca go maith.

Ba do Ghaillimh a thug siad bata agus bóthar tráthnóna, ach níor chóir an oiread sin díomá a bheith ar Kevin Walsh. Thug siad drochthaispeántas ceart uathu in aghaidh Mhuineacháin an tseachtain seo caite ach tháinig siad ar ais go láidir inniu. Ach oiread le go leor foirne eile ní raibh ann ach nach raibh aon fhreagra acu ar fhoireann atá ag imirt ag leibhéal níos airde ná gach dream eile.

Bhí cosúlachtaí idir an cluiche seo agus cluiche ceannais na sraithe níos luaithe i mbliana. Thug Gaillimh neart le déanamh d’Áth Cliath sa chéad leath agus ní raibh ach dhá phointe eatarthu ag an mbriseadh. Beidh aiféala orthu gur chuir siad an oiread sin deiseanna amú sa chéad leath céanna.

Ard san aer.  Micheál Darragh McAuley, Baile Átha Cliath agus Peter Cooke. Pictiúr Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

B’fhéidir go mbeadh scéal eile ann dá mbeadh an cic éirice sin báite san eangach ag Éamonn Brannigan sa chéad leath nó dá n-éireodh leo níos mó den 28 deis scórála a chruthaigh siad le linn an chluiche a thapú, ach i ndáiríre bhí an chuma ar Áth Cliath nach raibh siad ach ag spochadh as na Gaillimhigh. Ní raibh aon fhreagra ag na Connachtaigh ar fhuinneamh, ar chruinneas ná ar chumas na mbuaiteoirí.

Níor aimsigh Gaillimh ach 1-5 sa dara leath agus bhí an cath caillte i bhfad sular aimsigh Shane Walsh an dara cúl dóibh am cúitimh. Bhí Áth Cliath i bhfad níos láidre ná a gcéilí comhraic i ndiaidh an bhrisidh agus bhí freagra, agus tuilleadh, acu ar gach scór a d’aimsigh Gaillimh sa dara leath.

Tar éis dóibh tréaniarracht a dhéanamh sa chéad leath, ba léir go raibh Gaillimh tugtha luath go maith sa dara leath agus is beag trócaire a bhí ag Áth Cliath dóibh. Tugadh ualach spáis do thosaithe Átha Cliath sa dara leath sin, agus bhain leithéidí Con O’Callaghan, Paul Mannion agus Cormac Costello, nuair a tháinig sé isteach, leas iomlán as an tsaoirse sin chun áit a bhaint amach i gcluiche ceannais na hÉireann den cheathrú bliain as a chéile.

Tabharfaidh taispeántas na Gaillimhe sa chéad leath dóchas dóibh, áfach. Ba iad Áth Cliath ab fhearr a chuir tús leis an gcluiche, agus iad trí phointe chun cinn i ndiaidh sé nóiméad a bhuíochas de chúilíní ó Paul Mannion agus Dean Rock (2), ach rinne Gaillimh teacht aniar maith agus fuair Damien Comer cúl san ochtú nóiméad.

Sheol Ciarán Duggan pas iontach isteach i dtreo na cearnóige agus cé go raibh Philly McMahon, James McCarthy agus Stephen Cluxton uilig timpeall, d’éirigh le Comer an liathróid a chur isteach san eangach lena dhorn.

Fuair Shane Walsh scór deas ón gcliathán ar dheis ansin rud a d’fhág go raibh na Gaillimhigh chun cinn ar churaidh na hÉireann.

Cúl ag Shane Walsh do Ghaillimh ag deireadh an chluiche. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Cé gur chuir cúilín ó Brian Howard Áth Cliath ar comhscór, tugadh deis iontach do Ghaillimh bearna a chur idir na foirne agus Comer lárnach san imirt arís.

Bhuaigh an lántosach cic éirice ach d’éirigh le Stephen Cluxton iarracht Éamonn Brannigan a shábháil agus bhí deis ghlórmhar caillte ag Gaillimh.

Ghlac Áth Cliath ceannas ar an gcluiche ina dhiaidh sin agus chuaigh siad trí phointe chun cinn, 0-7 in aghaidh 0-4. Mar sin féin, bhí Gaillimh fós ag cruthú deacrachtaí dóibh. D’aimsigh Ian Burke agus Shane Walsh (2) cúilíní a d’fhág ar comhscór iad ach buaileadh buille mór orthu go luath ina dhiaidh nuair a d’éalaigh Niall Scully isteach thar líne chosanta na Gaillimhe chun cúl a chruthú do Con O’Callaghan.

Ba láidre an Ghaillimh arís ar feadh tamaill ina dhiaidh sin agus d’fhág scóranna ó Shane Walsh agus Johnny Heaney nach raibh ach dhá phointe idir na foirne ag leath ama, 1-9 in aghaidh 1-7. Is in olcas a chuaigh rudaí dóibh ina dhiaidh sin agus léirigh Áth Cliath arís gurb iad sárfhoireann na linne.

 

Gaillimh: R Lavelle; D Kyne, S Ó Ceallaigh, E Kerin; C Sweeney, G Bradshaw, S Kelly; C Duggan, T Flynn (0-1); S Walsh (1-5, 0-3 ó chiceanna saora), S Armstrong, J Heaney (0-1); I Burke (0-2), D Comer (1-1), E Brannigan. Fir Ionaid: M Daly (0-1) in áit S Armstrong (46 nóim), P Cooke in áit E Brannigan (50 nóim), G O’Donnell (0-1) in áit C Sweeney (55 nóim), A Varley in áit J Heaney (58 nóim), K Molloy in áit E Kerin (65 nóim), J Duane in áit G Bradshaw (67 nóim).

Áth Cliath: S Cluxton; E Murchan, P McMahon, J Cooper; J Small, C O’Sullivan, M McCaffrey; B Fenton (0-3), J McCarthy; N Scully, C Kilkenny (0-3), B Howard (0-1); C O’Callaghan (1-2), D Rock (0-5, 0-4 ó chiceanna saora), P Mannion (0-4). Fir Ionaid: M Fitzsimons in áit C O’Sullivan (27 nóim), C Costello (0-3, 0-1 ó chiceanna saora) in áit N Scully (43 nóim), K McManamon (0-2) in áit D Rock (55 nóim), M MacAuley in áit E Murchan (57 nóim), D Daly in áit J Small (65 nóim), P Flynn (0-1) in áit (J McCaffrey (67 nóim).

Réiteoir: Barry Cassidy

Fág freagra ar 'Baile Átha Cliath sa chluiche ceannais den cheathrú bliain as a chéile agus Gaillimh curtha de dhroim seoil acu'

  • Carraig

    An fiú breathnú ar an gcluiche ceannais i bhfianaise an taispeántais seo? Bromaichíní teaspúla gioblacha (i gcead do cheachtar acu) in aghaidh na gcapall ráis?