‘Baile an gháis uibhe’ tugtha ag lucht aistriúcháin ar bhaile beag sa Bhreatain Bheag

Nuair a thug lucht riaracháin faoi ainm Trefynwy a scríobh chac siad ar na huibheacha agus bhuail galar an mhíchúraim iad

‘Baile an gháis uibhe’ tugtha ag lucht aistriúcháin ar bhaile beag sa Bhreatain Bheag

David T C Davies MP

Tá an phraiseach nó uibheacha lofa ar fud na mias i mbaile Trefynwy sa mBreatain Bheag agus daoine á gcur amú ag drochaistriúchán.

An té atá ag brath ar chomhartha bóthair nua le dul go dtí an baile sin, a dtugann lucht an Bhéarla Monmouth air, beidh mearbhall air mar deir an comhartha nua leis gur ‘baile an gháis uibhe’ [nó ‘twon egg gas] an t-ainm atá ar an mbaile.

An baile mór ar abhainn [afon] an Mynwy [Monnow ag dream an Bhéarla] a chiallaíonn ainm na háite, Trefynwy.

Ar an drochuair nuair a thug lucht riaracháin faoin ainm sin a scríobh chac siad ar na huibheacha –  bhuail galar an mhíchúraim iad faoin teanga dhúchais agus sháigh siad an consan ‘w’ istigh ina lár.

Is fánach an sciorradh consain a d’athródh ciall agus bhí an baile athbhaiste acu mar ‘bhaile an gháis uibhe’.

Ba é Andrew Ellis a chonaic an mheancóg litrithe ar dtús agus é ag taisteal ar an A449 agus a scaip é ar an meáin shóisialta.

Thug sé an t-ainm míchruinn nua faoi deara ar chomhartha ar bhóthar an A449 in aice leis le hacomhal Brynbuga [Usk i mBéarla] i Monmouthshire in oirdheisceart na Breataine Bige.

I ráiteas ó rialtas na Breataine Bige dúradh go raibh socruithe á ndéanamh leis an gcomhartha míchruinn.

Tharraing an t-ainm nua go leor plé ar na meáin shóisialta agus roinnt Breatnaiseoirí ag áitiú go bhféadfadh ‘ baile na n-uibheacha geala’ a bheith mar chiall leis an ainm nua chomh maith.

Botún ‘áiféiseach’ a thug David T C Davies, Feisire Caomhach an cheantair agus Rúnaí na Breataine Bige ar an bpraiseach.

Fág freagra ar '‘Baile an gháis uibhe’ tugtha ag lucht aistriúcháin ar bhaile beag sa Bhreatain Bheag'

  • WTF

    Is léir cé as atá an gás uibhe ag teacht!