Báidín beag rang scoile in Connecticut ag déanamh ar Chiarraí an turas seo

Tá iarrtha ag múinteoir scoile i Meiriceá ar mhuintir Chiarraí agus Chorcaí súil a choinneáil ar an gcladach leis an mbád a sheol a rang ó Connecticut a aimsiú

Báidín beag rang scoile in Connecticut ag déanamh ar Chiarraí an turas seo

Méabh Ní Ghionnáin leis an mbád a d'aimsigh sí anuraidh.

Tá súil ag daltaí scoile i Meiriceá a chuir báidín beag trasna an Atlantaigh go Gaeltacht na Gaillimhe anuraidh an t-éacht céanna a dhéanamh i mbliana.

Mí Mheán Fómhair seo caite, d’aimsigh Méabh Ní Ghionnáin an báidín a chuir Kaitlyn Dow, dalta scoile i Waterford High School in Connecticut, san fharraige i Stáit Aontaithe Mheiriceá mar chuid de thogra scoile inar fhiosraigh daltaí na scoile an taoide agus an ghaoth.

Tugadh an báidín ar ais go Meiriceá níos luaithe i mbliana agus rinne an múinteoir eolaíochta Mike O’Connor an togra céanna arís le rang nua daltaí. Tá an báidín ag déanamh ar an tír seo arís agus súil ag na daltaí gur ar chósta an iardheiscirt a thiocfaidh sí i dtír an geábh seo.

Tá iarrtha ag O’Connor ar dhaoine atá ina gcónaí i gcontaetha Chiarraí agus Chorcaí súil ghéar a choinneáil ar an gcladach agus ar an bhfarraige sna seachtainí amach romhainn.

Tháinig Kaitlyn Dow, a sheol báidín na bliana seo caite, go hÉirinn i mí Feabhra na bliana seo agus thug cuairt ar Mhéabh Ní Ghionnáin i gConamara. Chuaigh an Meiriceánach óg ar cuairt ar scoil Mhéabh agus ar a grúpa gasóg. Chas sí le hionadaithe ó Institiúid na Mara i nGaillimh freisin.

Is féidir turas an bháidín i mbliana a leanacht ar an suíomh seo.

Dhá bhliain ó shin, tháinig an báidín beag Red Storm, a sheol daltaí scoile i Maine, i dtír in Árainn Mhór amach ó chósta Dhún na nGall tar éis a bealach a dhéanamh trasna na farraige móire.

Ba iad Mánas Ó Luathairí agus a dheartháir Conall a d’aimsigh an bád. Bhí an bheirt deartháireacha ag obair i gColáiste Árainn Mhór ar an oileán Gaeltachta agus grúpa Gaeilgeoirí amuigh leo nuair a tháinig siad uirthi.

Cuireadh an bád chun farraige ag Georges Bank i Maine sna Stáit Aontaithe ar an 6 Feabhra 2015. Mar chuid de thogra scoile a cuireadh chun farraige í agus ar bord bhí méaróg chuimhne agus rianaire a choinnigh cuntas ar aistear an bháid. Tháinig sí i dtír in Éirinn ar 31 Iúil 2015.

Fág freagra ar 'Báidín beag rang scoile in Connecticut ag déanamh ar Chiarraí an turas seo'