NOD DON EOLAÍ: Baictéir san ithir ag fás níos gasta le téamh an domhain

Beidh baictéir san ithir ag táirgeadh níos mó CO2 amach anseo agus ag cur leis an athrú aeráide

NOD DON EOLAÍ: Baictéir san ithir ag fás níos gasta le téamh an domhain

Tá níos mó carbóin i dtaisce san ithir ná mar atá san atmaisféar. Ach de réir taighde úir a foilsíodh an mhí seo, sceithfear cuid mhór den charbón seo san atmaisféir amach anseo. Níos mó riospráide i mbaictéir san ithir is cúis leis sin. Meastar go gcuirfidh sé seo leis an athrú aeráide agus leis an téamh domhanda. 

Baineann ainmhithe, plandaí, fungais agus cuid mhór de na baictéir úsáid as fuinneamh a tháirgtear nuair a dhóitear siúcra sna cealla. Imoibríonn ceimiceáin a thagann as siúcra agus an ocsaigin agus táirgtear fuinneamh, CO2 agus uisce. Riospráid a thugtar ar an imoibriú seo agus bíonn sé ar siúl chóir a bheith in achan chill i do chorp.

Scaoiltear an CO2 amach inár n-anáil díreach mar a ghlactar ocsaigin isteach le hanáil. Tá poill bheaga i nduilleoga na bplandaí a ghlacann ocsaigin isteach agus a scaoileann CO2 amach

Téann ocsaigin díreach isteach agus éalaíonn CO2 díreach amach as cealla beaga amhail baictéir.

Tá an ithir lán le baictéir, agus go leor créatúr eile. Is ann a bhíonn cuid mhór de na baictéir ag sú nítrigin agus ocsaigin isteach ón aer agus ag táirgeadh níotráite (NO3). 

Bíonn plandaí ag brath ar na baictéir seo mar fhoinse níotráite agus bíonn muide ag brath ar phlandaí fá choinne ar gcuid nítrigine fosta. Gan na baictéir sin ní bheadh próitéin, atá lán le nítrigin, in ár gcuid bia.

Tá an oiread sin baictéar san ithir nach bhfuil an chuid is mó díobh aitheanta go fóill. Bíonn riospráid ar bun ag an chuid is mó acu. Súnn siad ocsaigin isteach agus scaoileann siad CO2 san atmaisféar.

Tuigtear go mbíonn cuid mhór de na baictéir san ithir ag fás níos gaiste nuair a bhíonn sé níos teo. Le tamall anuas is léir go bhfuil aeráid an domhain ag athrú agus go bhfuil sé ag éirí níos teo de réir a chéile. B’fhéidir go bhfuil níos mó CO2 á eisiúint anois de bharr go bhfuil na baictéir ag fás níos gaiste agus níos mó riospráide ar bun acu ná mar a bhíodh.

Chuir na taighdeoirí an cheist: an bhfuil an líon CO2 a eisítear ón ithir ag méadú anois go bhfuil an aeráid níos teo ná mar a bhíodh. D’fhoilsigh siad a dtorthaí san iris eolaíochta Nature an mhí seo.

Tá sonraí faoin mhéad riospráide a tharlaíonn in ithir an domhain ar fáil ó bhí 1990 ann. Rinneadh anailís ar na sonraí seo agus fuarthas amach go bhfuil astaíochtaí CO2 ag méadú. I 1990 ba í an riospráid ba bhun le 54% den CO2 a thagadh amach as an ithir. Faoi 2014, 63% den CO2 a bhí i gceist.

Le bheith cinnte gur eisíodh níos mó CO2 in 2014 ná i 1990 chuardaigh siad tuilleadh eolais. Bhí sonraí ar fáil dóibh faoin méad riospráide a tharlaíonn in éiceachórais éagsúla ar fud an domhain. Fuair siad amach go bhfuil an riospráid a tharlaíonn le linn na hoíche – an tomhas is cruinne ar a leithéid – ag ardú ó bhí 1990 ann. Tá ról lárnach ag baictéir na hithreach sa riospráid seo.

Nuair a chuirtear é sin ar fad san áireamh, is léir go bhfuil an méad riospráide san ithir ag méadú le beagnach tríocha bliain anuas. Má tá an carbón ag éalú ón ithir, tá seans maith nach mbeidh an oiread sin carbóin in ithir an domhain amach anseo. Thiocfadh leis seo a bheith tubaisteach mar tá baint láidir idir an méad carbóin san ithir agus torthúlacht na hithreach ó thaobh na feirmeoireachta de.

Anuas air sin, taispeánann an taighde seo go mbíonn níos mó CO2 á tháirgeadh ag baictéir san ithir dá airde a bhíonn an teocht. De réir mar a tháirgtear níos mó CObeidh an domhain níos teo arís. Ciallaíonn sé sin go mbeidh tionchar ag riospráid na mbaictéar san ithir ar an leibhéal CO2 san atmaisféar agus ar an dtéamh domhanda amach anseo. 

– Tá Liam Dolan ina Ollamh Sherardian le luibheolaíocht in Ollscoil Oxford

Fág freagra ar 'NOD DON EOLAÍ: Baictéir san ithir ag fás níos gasta le téamh an domhain'