Tugadh slán an cúigear a bhí ar bord an bháid Árannaigh an Iúda Naofa, a chuaigh go tóin poill ar maidin.
Thosaigh an Iuda Naofa, ar le Máirtín ’20’ Ó Conghaile as Inis Mór í, ag dul go tóin poill amach ó chósta Oileán Leodhais ag timpeall 11 am inniu.
Scaoileadh anuas de héileacaptar Gharda Chósta Steornabhagh caidéal tarrthála (salvage pump), ach bhí an oiread uisce tógtha ag an mbád faoin tráth sin go raibh sí tosaithe ag dul síos.

Aistríodh beirt de chriú an Iúda Naofa go bád Árannach eile, an Star of Hope, agus tugadh triúr go dtí Ospidéal na Western Isles, áit ar cuireadh cóir leighis orthu do hipiteirme.
Tuairiscítear gur chuaigh an Iúda Naofa i sáinn agus í 77 ciliméadar amach ó chósta an oileáin.
Dúirt duine de bhainisteoirí an Gharda Chósta Paul Tunstall go raibh “aimsir fhíorgharbh ann” agus go raibh an fharraige “an-suaite”.
Agus gaoth láidir aneas (fórsa 6) ann ba mhór “an gaisce” é an cúigear “a thabhairt slán chomh tapaidh sin agus an bád ag dul go tóin poill”.
Fág freagra ar 'Bád Árannach imithe go tóin poill – an cúigear a bhí ar bord tugtha slán'