‘Ba scannalach an rud é iarraidh ar imreoir gan Gaeilge a labhairt’ – Uachtarán CLG Aogán Ó Fearghail

Dúirt Uachtarán CLG gur cheart gradam a thabhairt d’aon fhoireann a labhraíonn Gaeilge ag cluiche CLG seachas iarraidh orthu éirí as

‘Ba scannalach an rud é iarraidh ar imreoir gan Gaeilge a labhairt’ – Uachtarán CLG Aogán Ó Fearghail

Dúirt Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Aogán Ó Fearghail, go bhfuil “díomá [air] féin go pearsanta” faoi na líomhaintí gur iarr réiteoir ar bhaill chumann peile Gaeltachta Béarla a labhairt ag cluiche a bhí á imirt i nGaeltacht na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo caite.

Ag labhairt dó le Nuacht TG4, dúirt Ó Fearghail gur “scannalach an rud é más fíor” gur iarr réiteoir de chuid Bhord Chontae na Gaillimhe ar oifigigh nó imreoirí de chuid CLG, Na Piarsaigh, éirí as a bheith ag Gaeilgeoireacht ag cluiche craoibhe i Ros an Mhíl Dé Sathairn.

“Tá suas le 1,000,000 ball i gCumann Lúthchleas Gael agus nuair a bhíonn ballraíocht chomh mór sin ann, tarlaíonn rudaí nár chóir agus nár cheart. Is botún mór a bhí ann más fíor é,” a dúirt sé.

Dúirt sé gur cheart gradam a thabhairt d’aon fhoireann a labhraíonn Gaeilge ag cluiche CLG seachas iarraidh orthu éirí as.

Dúirt sé gur faoi Bhord Chontae na Gaillimhe atá sé anois déileáil leis na líomhaintí gur iarr réiteoir ar bhaill an chumainn Gaeltachta gan Gaeilge a labhairt. Dúirt Ó Fearghail go raibh súil aige go réiteofaí an scéal gan mhoill.

Tháinig sé chun solais ar Nuacht an Iarthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag tús na seachtaine go bhfuil gearán déanta ag Na Piarsaigh faoin réiteoir a bhí i bhfeighil ar a gcluiche in aghaidh CLG Bóthar na Trá/Cnoc na Cathrach Dé Sathairn seo caite.

Edel Ní Chuireáin, Ceannaire of RTÉ Raidió na Gaeltachta,  Aogán Ó Fearghail, GAA President, and Áine Ní Churráin, presenter of Barrscéalta, pictured in the  RTÉ Raidió na Gaeltachta studio in Doirí Beaga in Donegal today where Aogán launched a special player award in memory of Séamus Mac Géidigh today on the Barrscéalta programme.
Edel Ní Chuireáin, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, Aogán Ó Fearghail, Uachtarán CLG, agus Áine Ní Churráin, i stiúideo RTÉ Raidió na Gaeltachta sna Doirí Beaga.

Bhí Ó Fearghail ag labhairt le Nuacht TG4 i nGaoth Dobhair, áit a raibh sé le gradam nua in ómós do Shéamus Mac Géidigh, an craoltóir Conallach a bhásaigh go tobann i mí Iúil, a sheoladh.

Bronnfar Gradam Shéamuis Mhic Géidigh ar an bpeileadóir is fearr i gCraobh Shinsir Peile Dhún na nGall gach bliain feasta. Iriseoirí spóirt an chontae a roghnóidh an buaiteoir.

Ba i stiúideo RTÉ Raidió na Gaeltachta i nDoirí Beaga, mar a raibh Séamus Mac Géidigh ina Bhainisteoir Réigiúin, a seoladh an gradam i gcuimhne an chraoltóra ar maidin.

Fág freagra ar '‘Ba scannalach an rud é iarraidh ar imreoir gan Gaeilge a labhairt’ – Uachtarán CLG Aogán Ó Fearghail'

  • Liam Ó hÉidhin

    Tá an meid a bhí le rá ag Uachtatan CLG go hiomlán i gceart. Sin an cúis a tháinig saol ar CLG. Búnaíodh sé ar son ár gcultar. Is cinnte go bhfuil ár gcluichí páirt dár gcultúr ach tá ár dteanga, faoi láthair agus beidh sí go deo na neor ndeor, an gné is mó agus is tábhachtaí dár gcultúr.

  • Aodhan: waste management

    Thig le CLG cuid mhor eile a dheanamh don teanga mar rogha teanga ar achan chraoladh Agus gaago. Beadh se eascai o thaobh technoliacht de.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    ‘Tá suas le 1,000,000 ball i gCumann Lúthchleas Gael agus nuair a bhíonn ballraíocht chomh mór sin ann, tarlaíonn rudaí nár chóir agus nár cheart.’

    An bhfuil polasaí Gaeilge ag an GAA? An bhfuil polasaí Gaeilge ag Páirc an Chrócaigh? A’ dtabharann an GAA cothrom na féinne don Ghaeilg ar a gcuid comharthaíocht? ar a gcuid poiblíocht? Tá LIDL anois ag tabhairt tacaíocht don ‘LGFA’ (Ladies Gaeilg Football Association) ach an bhfuil iomrá ar bith ar an leagan Gaeilg den eagraíocht sin?

    Cá mhéad suíomh gréasáin/idirlín atá ag an GAA agus an bhfuil Gaeilg ar bith ar ceann ar bith acu?

    Cad chuighe a bhfuil iriseoirí ag úsáid, agus ag scríobh, agus ag tabhairt poiblíocht don leagan Béarla d’ainmneacha fo-chumainn agus ainmneacha foirne contae? Nach bhfuil rial ag an GAA go n-úsáidfí an leagan Gaeilg i gcónaí?

    Cinnte ba cheart cluichí Gaeltachta bheith eagraithe agus imriste go hiomlán trí mheán na Gaeilge ach caidé ‘tharlaíonn nuair a bhíonn foireann ón Ghaeltacht ag imirt taobh amuigh den Ghaeltacht? Cá bhíonn an tacaíocht don Ghaeilg ag cluichí mar sin? Nó an mbíonn Béarla a bhrú ar chainteoirí Gaeilge ag réiteoirí, ag oifigí agus ag iriseoirí gan Ghaeilg?