‘Ba mhaith liom rud beag Gaeilge Inis Oírr a mhúineadh do mhuintir na hInse!’ – Oifigeach Pleanála Teanga nua i gcontae an Chláir

MacDara Ó Conaola as Inis Oírr atá ceaptha ina Oifigeach Pleanála Teanga in Inis i gcontae an Chláir

‘Ba mhaith liom rud beag Gaeilge Inis Oírr a mhúineadh do mhuintir na hInse!’ – Oifigeach Pleanála Teanga nua i gcontae an Chláir

Tá MacDara Ó Conaola as Inis Oírr ceaptha ina Oifigeach Pleanála Teanga in Inis i gcontae an Chláir. Tá Inis aitheanta mar Líonra Gaeilge anois agus beidh MacDara Ó Conaola lonnaithe in oifigí An Clár as Gaeilge. An ról atá aige ná an Ghaeilge a chur chun cinn ó lá go lá. 

“Tá mé thar a bheith sásta agus ríméadach gur roghnaigh coiste An Clár as Gaeilge mar Oifigeach Pleanála Teanga do Bhaile na hInse mé,” a deir MacDara Ó Conaola agus é ag labhairt le Tuairisc. 

“Tá mé ag súil go mór an Plean Teanga a chur i bhfeidhm i réimsí cosúil le deiseanna foghlama taobh amuigh den Chóras Oideachais a fhorbairt agus tuilleadh seirbhísí don Óige agus tacaíocht teaghlaigh a chur ar fáil.”

Ba mhaith le Ó Conaola dul chun cinn a dhéanamh freisin ó thaobh na Gaeilge san earnáil ghnó agus tráchtála agus beidh sé ag obair chomh maith i gcomhar le heagraíochtaí agus grúpaí pobail, leis na hÚdaráis Áitiúla, le lucht seirbhísí poiblí agus pleanála, leis na meáin chumarsáide agus le lucht seirbhísí sóisialta agus caitheamh aimsire. 

“Tá sé i gceist agam úsáid na Gaeilge i measc an phobail i gcoitinne a spreagadh,” ar sé. “Agus rud beag Gaeilge Inis Oírr a mhúineadh do mhuintir na hInse, agus an ceangal idir an dá áit a threisiú!”

Deir Ó Conaola go bhfuil ‘an-fháilte go deo’ curtha roimhe an tseachtain seo uilig ó thosaigh sé Dé Máirt seo caite. 

“Agus tá an-tsuim ag gnáthmhuintir na hInse sa teanga, rud atá an-tábhachtach le cabhrú linn, lenár bhfís dhearfach a chur i bhfeidhm,” ar sé. “Cabhraíonn sé freisin gurb as Co. an Chláir mo shin-sin-seanmháthair! Ar ais ar mo dhúchas!”

Chuir Cathaoirleach An Clár as Gaeilge, Dónal Ó hAiniféin, fáilte roimh Ó Conaola go hInis freisin agus dúirt go bhfuil an-chuid oibre déanta chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa cheantar le 40 bliain anuas. 

“Seo todhchaí fhorbairt na Gaeilge in Inis agus i gContae an Chláir,” ar sé. “Tá dualgas orainn go léir páirt a ghlacadh ar bhealach éigin sa phróiseas pleanála a bheidh á dhéanamh ag MacDara.”

Fág freagra ar '‘Ba mhaith liom rud beag Gaeilge Inis Oírr a mhúineadh do mhuintir na hInse!’ – Oifigeach Pleanála Teanga nua i gcontae an Chláir'

  • Mañana

    Gníomh seachas PR cliste atá ag teastáil in Inis. Beidh an tOifigeach Pleanála nua deirtear, ‘.. ag obair chomh maith i gcomhar… leis na hÚdaráis Áitiúla’. Mholfainn mar sin go dtósófar ag doras tosaigh an Chláir as Gaeilge féin. Tá bosca bruscar in situ ag leac an doras ann leis na blianta blianta leis na litreacha LITTER scríofa air faoi dhó. Ní dhearna an Chláir as Gaeilge aon iarrathcht riamh go mbeadh na litreacha Bruscar a bheith scríofa air fiú agus Comhairleoir Contae a bheith fostaithe san oifig acu! Is leor nod.

  • Mañana

    Gníomh seachas PR cliste atá uainn in Inis. Beidh an tOifigeach Pleanála nua deirtear, ‘.. ag obair chomh maith i gcomhar… leis na hÚdaráis Áitiúla’. Mholfainn mar sin go dtósófar ag doras tosaigh an Chláir as Gaeilge féin. Tá bosca bruscar in situ ag leac an doras ann leis na blianta blianta leis na litreacha LITTER scríofa air faoi dhó. Ní dhearna an Chláir as Gaeilge aon iarrathcht riamh go mbeadh na litreacha Bruscar a bheith scríofa air fiú agus Comhairleoir Contae a bheith fostaithe san oifig acu! Is leor nod don eolach.

  • Colm o Cathasaigj

    Ard-fhear. Go n-éirí go geal leat.

  • Peadar Ó Rathaille

    Iontach a fheiceáil – caithim a adhmháil le chuile am a chur mé fiosrú isteach ar Comhairle Chontae an Chláir, déantar sár-iarracht ag na Stáit Seirbhísigh an Ghaeilge a úsáid liom. An Chláir Abú!