‘Ba ghránna an rud é ag Brandon Lewis dul siar ar an ngealltanas a thug sé maidir le reachtaíocht don Ghaeilge – Iar-Státrúnaí Thuaisceart Éireann

Deir Shaun Woodward go bhféadfadh cás na reachtaíochta Gaeilge baint d’údarás Oifig Thuaisceart Éireann ag tréimhse chinniúnach do Stormont 

‘Ba ghránna an rud é ag Brandon Lewis dul siar ar an ngealltanas a thug sé maidir le reachtaíocht don Ghaeilge – Iar-Státrúnaí Thuaisceart Éireann

Tá cáineadh láidir déanta ag iarStátrúnaí ar Thuaisceart Éireann ar Rialtas na Breataine as a dteip reachtaíocht don Ghaeilge a thabhairt isteach ó thuaidh.

Dúirt Shaun Woodward, a bhí ina Státrúnaí ó thuaidh idir 2007-2010, gur rud “gránna” [‘wicked’] é ag an té atá san oifig sin faoi láthair, Brandon Lewis, gealltanas a thabhairt go dtabharfaí an reachtaíocht isteach in Westminster agus ansin dul siar ar an ngealltanas céanna.

Agus é ag labhairt ar The Nolan Show ar BBC, dúirt Woodward go bhféadfadh an teip maidir leis an reachtaíocht don Ghaeilge baint d’údarás Oifig Thuaisceart Éireann ag tréimhse chinniúnach roimh thoghchán Stormont ann faoi cheann dhá mhí.

Gheall Rialtas na Breataine anuraidh go dtabharfaí an reachtaíocht isteach in Westminster roimh mhí Dheireadh Fómhair seo caite mura mbeadh an beart déanta in Stormont. Nuair nár tharla sin, gealladh i mbliana go dtabharfaí an reachtaíocht chultúir, féiniúlachta agus teanga isteach roimh thoghchán Stormont na Bealtaine ach dheimhnigh Státrúnaí Lewis an tseachtain seo nach dtarlóidh sin.

“Nuair a thugann tú gealltanas go ndéanfaidh tú rud, mar a rinne Brandon Lewis mí Dheireadh Fómhair seo caite…tá sé thar a bheith tábhachtach go gcomhlíonfadh tú an gealltanas sin,” a dúirt Woodward.

Ghéill sé nach mbeadh sé stuama an reachtaíocht a thabhairt isteach roimh thoghchán, ach dúirt Woordward nach bhféadfaí an mhoill a chosaint nuair a bhí “na míonna agus na míonna agus na míonna” ag Lewis leis an reachtaíocht a thabhairt isteach. Easpa tuisceana ar chúrsaí polaitíochta i dTuaisceart Éireann is cúis leis an teip, dar le Woodward.

“Amaideach, sin an t-aon fhocal a d’fhéadfaí a úsáid chun cur síos a dhéanamh ar an méid atá á dhéanamh.”

Dúirt Woodward go raibh ceist na reachtaíochta don Ghaeilge á plé ó thuaidh ar feadh na mblianta. Nuair a dúradh leis nár éirigh leis an scéal a réiteach é féin nuair a bhí sé ina Státrúnaí, dúirt Woodward go raibh an Feidhmeannas ar fionraí nuair a bhí sé féin sa ról. Níor tháinig Feidhmeannas Stormont le chéile ach ar feadh sé mhí sna trí bliana a chaith Woodward ina Státrúnaí.

“Ní dhearna mise riamh gealltanas a thabhairt go dtabharfaí rud éigin isteach amárach, mar dhea, mar a rinne an Státrúnaí anuraidh, agus ansin gan é sin a dhéanamh. Rud gránna amach is amach atá ansin,” a dúirt Woodward.

“Rud gránna atá ann mar go bhfuil tú ag tabhairt dóchas bréige do dhaoine agus ní rud maith é sin.”

Agus teipthe ar an Státrúnaí Lewis an gealltanas seo a choinneáil, mheas Woodward go bhfuil an baol ann nach gcreidfeadh aon dream a mbeadh le rá aige amach anseo.

“Beidh an chuma ar an scéal nach bhfuil tú le trust agus, freisin, nach bhfuil tú chomh cumasach sin. Fadhb mhór í sin agus bheadh sé ciallmhar don Státrúnaí í a aithint.”

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin an tseachtain seo gur chóir do Rialtas na Breataine seasamh lena bhfocal agus an reachtaíocht don Ghaeilge a thabhairt isteach.

“Gheall an Státrúnaí [Brandon Lewis] do Shinn Féin go dtabharfadh sé an reachtaíocht isteach i bParlaimint Westminster.

“I mo thuairimse caithfear an gheallúint sin a chomhlíonadh. Nuair a dhéantar socruithe ba cheart seasamh le d’fhocal,” a dúirt sé sa Dáil.

Fág freagra ar '‘Ba ghránna an rud é ag Brandon Lewis dul siar ar an ngealltanas a thug sé maidir le reachtaíocht don Ghaeilge – Iar-Státrúnaí Thuaisceart Éireann'