‘Ba chóir do Rialtas na Breataine seasamh lena bhfocal agus reachtaíocht don Ghaeilge a thabhairt isteach’ – An Taoiseach

Pléadh ceist na reachtaíochta teanga agus cultúir atá geallta don Tuaisceart i nDáil Éireann inniu

‘Ba chóir do Rialtas na Breataine seasamh lena bhfocal agus reachtaíocht don Ghaeilge a thabhairt isteach’ – An Taoiseach

Deir an Taoiseach gur chóir do Rialtas na Breataine beart de réir a mbriathair a dhéanamh agus reachtaíocht nua don Ghaeilge a thabhairt isteach in Westminster.

Bhí Micheál Martin ag caint sa Dáil faoin scéala nach bhfuil sé i gceist ag Rialtas na Breataine an reachtaíocht a thabhairt isteach roimh thoghchán Stormont, rud a gheall siad.

“Gheall an Státrúnaí [Brandon Lewis] do Shinn Féin go dtabharfadh sé an reachtaíocht isteach i bParlaimint Westminster.

“I mo thuairimse caithfear an gheallúint sin a chomhlíonadh. Nuair a dhéantar socruithe ba cheart seasamh le d’fhocal,” arsa an Taoiseach.

Gheall Rialtas na Breataine anuraidh go dtabharfaí an reachtaíocht isteach in Westminster roimh mhí Dheireadh Fómhair seo caite mura mbeadh an beart déanta in Stormont. Nuair nár tharla sin, gealladh i mbliana go dtabharfaí an reachtaíocht chultúir, féiniúlachta agus teanga isteach roimh thoghchán Stormont na Bealtaine.

Dúirt Martin go dtarlaíonn sé rómhinic go mbíonn páirtithe ag tarraingt siar as Feidhmeannas Stormont agus go gcliseann air.

Ní tharlaíonn a leithéid in Albain, áit a gcreidtear go mbíonn an rialtas“ag obair ar son an phobail”, ar sé.

Dúirt an Taoiseach nach bhféadfaí glacadh leis an dteip is déanaí in Stormont.

Bhí sé ag freagairt ceist ó cheannaire Aontú, Peadar Tóibín, le linn cheisteanna na gceannairí sa Dáil.

Dúirt Tóibín gur gealladh acht don Ghaeilge 15 bliain ó shin.

“Chuaigh Sinn Féin ar ais go dtí Stormont i mí Eanáir 2020, i ndiaidh dóibh é a tharraingt síos roimhe sin, toisc, a dúirt siad, go raibh acht Gaeilge faighte acu.

“Ach is léir ó mheascán de mhímhacántacht Rialtas na Breataine agus de shoineantacht Shinn Féin, gur cleasaíocht a bhí sa ghealltanas an t-am ar fad,” arsa ceannaire Aontú, Peadar Tóibín.

Aighneas faoi na teidil a bheadh ar choimisinéirí teanga an chúis is déanaí atá luaite ag Rialtas na Breataine leis an moill ar an reachtaíocht don Ghaeilge atá geallta don Tuaisceart.

Dheimhnigh Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Brandon Lewis, nach mbeadh an reachtaíocht á tabhairt isteach in Westminster roimh thoghchán Stormont mar a bhí geallta.

Dúirt sé gurb é an dris chosáin is mó roimh thabhairt isteach na reachtaíochta nua ná aighneas faoi theidil na gcoimisinéirí. Sa reachtaíocht atá geallta sa chomhaontú New Decade, New Approach, gealltar go gceapfaidh Céad-Aire agus LeasChéad-Aire Stormont beirt choimisinéirí – ceann don Ghaeilge agus ceann don Ultais agus don chultúr a bhaineann le “traidisiún na Breataine i dTuaisceart Éireann”.

 

 

Fág freagra ar '‘Ba chóir do Rialtas na Breataine seasamh lena bhfocal agus reachtaíocht don Ghaeilge a thabhairt isteach’ – An Taoiseach'

  • An Teanga Bheo

    Agus tug thusa votáil do na Eoraipaig na Breataine anois