Aighneas faoi theidil coimisinéirí nua ina bhac roimh reachtaíocht don Ghaeilge

Meastar go bhfuil easaontas ann faoi éileamh a bheith á dhéanamh go dtabharfaí an Coimisinéir Briotanach ar dhuine de na coimisinéirí atá geallta sa chomhaontú 'New Decade, New Approach'

Aighneas faoi theidil coimisinéirí nua ina bhac roimh reachtaíocht don Ghaeilge

Brandon Lewis, Státrúnaí an Tuaiscirt

Aighneas faoi na teidil a bheadh ar choimisinéirí teanga an chúis is déanaí atá luaite ag Rialtas na Breataine leis an moill ar an reachtaíocht don Ghaeilge atá geallta don Tuaisceart.

Dheimhnigh Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Brandon Lewis, nach mbeadh an reachtaíocht á tabhairt isteach in Westminster roimh thoghchán Stormont mar a bhí geallta.

Dúirt sé gurb é an dris chosáin is mó roimh thabhairt isteach na reachtaíochta nua ná aighneas faoi theidil na gcoimisinéirí. Sa reachtaíocht atá geallta sa chomhaontú New Decade, New Approach, gealltar go gceapfaidh Céad-Aire agus LeasChéad-Aire Stormont beirt choimisinéirí – ceann don Ghaeilge agus ceann don Ultais agus don chultúr a bhaineann le “traidisiún na Breataine i dTuaisceart Éireann”.

Pléadh ceist na reachtaíochta le Brandon Lewis ag cruinniú de choiste Thuaisceart Éireann Pharlaimint Westminster tráthnóna inné.

Cuireadh ceist ar Lewis an amhlaidh go raibh easaontas ann faoi éileamh a bheith á dhéanamh go dtabharfaí an Coimisinéir Briotanach ar dhuine de na coimisinéirí, ach dhiúltaigh an Státrúnaí an méid sin a dheimhniú.

Dúirt sé chomh maith nach mbeadh sé “ceart ná cóir” an reachtaíocht a thabhairt isteach “aimsir thoghcháin”.

Gheall Rialtas na Breataine anuraidh go dtabharfaí an reachtaíocht isteach in Westminster roimh mhí Dheireadh Fómhair seo caite mura mbeadh an beart déanta in Stormont. Nuair nár tharla sin, gealladh i mbliana go dtabharfaí an reachtaíocht chultúir, féiniúlachta agus teanga isteach roimh thoghchán Stormont na Bealtaine.

Dúirt Conradh na Gaeilge go raibh “díomá mhór” ach nach raibh aon “iontas” orthu nach raibh sé i gceist ag Rialtas na Breataine an gealltanas is déanaí dá gcuid faoi chearta teanga a chomhlíonadh.

 “Má thosaíonn tú ag déanamh cuntais ó Chomhaontú Chill Rímhinn, bhí níos mó ná 16 bliain acu chun é seo a dhéanamh,” arsa Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin.

 “Ag gach pointe, ghlac siad an cinneadh gan tosaíocht a thabhairt don reachtaíocht, nó chun moill bhreise a chur léi ar mhaithe lena gclár polaitiúil féin.

“Níl iontas orainn. Dúirt muid leo arís agus arís eile go dtiocfadh an cheist aníos arís i rith an fheachtais toghchánaíochta agus go mbeadh sí fós mar chroícheist gan réiteach.”

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge, go raibh sé “iomlán réasúnta agus dlisteanach bheith ag súil go gcomhlíonfaidh rialtais dhaonlathacha a ngealltanais agus go gcloífeadh siad lena spriocdhátaí féin”.

“Tá dualgas orainn bheith ionraic agus macánta faoin mhéid atá ag dul ar aghaidh. Ná cuirimis fiacail ann. Is ionann an feall is déanaí ar chearta teanga ó Rialtas na Breataine agus masla millteanach ar phobal na Gaeilge.”

Dúirt Sinn Féin gur “sárú tromchúiseach” ar chomhaontú a bhí i gceist le teip na dTóraithe an reachtaíocht don Ghaeilge a rith.

Dúirt Leas-Uachtarán Shinn Féin, Michelle O’Neill, go raibh dualgas ar Rialtas na Breataine an reachtaíocht a thabhairt isteach.

Dúirt ceannaire an SDLP, Colum Eastwood, go raibh sé “amaideach a dhóthain muinín a chur iontu [Rialtas na Breataine]  an chéad lá”.

Mhaígh Rialtas na Breataine an tseachtain seo caite go raibh moill curtha ar an reachtaíocht don Ghaeilge ó thuaidh de bharr “cúrsaí domhanda”.

Dúirt Conor Burns MP, aire stáit in Oifig Thuaiscirt Éireann, nach mbeadh sé ar chumas Rialtas na Breataine an reachtaíocht chultúir, féiniúlachta agus teanga a thabhairt isteach in Westminster roimh thoghchán Stormont mí Bealtaine mar a gealladh.

I litir chuig an bhfeisire Simon Hoare, cathaoirleach Choiste Chúrsaí Thuaisceart Éireann, dúirt Burns nach mbeadh an t-am ann an reachtaíocht a thabhairt isteach in Westminster roimh an toghchán toisc go raibh ábhair eile le plé, reachtaíocht faoin Úcráin ina measc.

 

Fág freagra ar 'Aighneas faoi theidil coimisinéirí nua ina bhac roimh reachtaíocht don Ghaeilge'