‘Ba chóir go ndéanfadh pas nua ceiliúradh ar chultúr Gaelach na hÉireann’

Seolfar suirbhé amárach ina mbeidh deis ag daoine a gcuid tuairimí a chur in iúl faoin dearadh ba mhaith leo a fheiceáil ar na pasanna nua

‘Ba chóir go ndéanfadh pas nua ceiliúradh ar chultúr Gaelach na hÉireann’

Tá Conradh na Gaeilge ag moladh go ndéanfaí ceiliúradh ar “oidhreacht dhúchasach Ghaelach” na tíre san athdhearadh atá le déanamh ar phasanna na hÉireann.

Seo an chéad uair le deich mbliana a bhfuil athdhearadh beartaithe ar phasanna na hÉireann agus tá sé “tábhachtach” go mbeadh an Ghaeilge “feiceálach” ar an phas nua, a deir an Conradh.

Seoladh suirbhé inné ina bhfuil deis ag daoine a gcuid tuairimí a chur in iúl faoin dearadh ba mhaith leo a fheiceáil ar na pasanna nua.

Beidh rogha ag daoine an suirbhé a dhéanamh i nGaeilge nó i mBéarla agus beidh tuairimí daoine á lorg faoin téama ‘flóra agus fána na hÉireann’, ceann de na téamaí atá á mheas ag foireann deartha sa Roinn Gnóthaí Eachtracha faoi láthair.

“Tá plé á dhéanamh ar chúrsaí bitheolaíochta agus dúlra na hÉireann mar sin tá sé tábhachtach go mbeadh na leaganacha dúchasacha Gaeilge le feiceáil ar an phas nua,” a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn.

Molann an tÚdarás Eitlíochta Sibhialta go ndéantar uasdátú ar na gnéithe sábháilteachta a bhaineann leis an phas gach tréimhse 7-10 mbliana.

‘Cultúr agus stair na hÉireann’ an téama a roghnaíodh don dearadh atá le feiceáil ar an phas reatha, a seoladh in 2013.

Fág freagra ar '‘Ba chóir go ndéanfadh pas nua ceiliúradh ar chultúr Gaelach na hÉireann’'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Airgead amú a bheadh ann, fiú más é airgead na Bruiséile féin é. Ní bheadh ann ach go mbeadh sé ag cur leis an gcur i gcéill agus le ‘hinfheictheacht’ na Gaeilge, an galar sin atá briste amach go láidir ar na saolta seo. Ní gá an Ghaeilge a labhairt ná a chloisteáil, más féidir í a fheiceáil. Tá ré an phóstaerachais agus na suaitheantas buailte linn. An dtugann sibh faoi deara nach féidir tagairt in alt don Ghaeilge níos mó sna meáin gan pictiúr den chomhartha ‘An Ghaeltacht’ a bheith leis? Ní bheadh i ndearadh an phas seo atá á mholadh ach suaitheantas lag eile den chur i gcéill.

  • An Teanga Bheo

    Vote le pas Éireannach in ait ar bith cén fáth Eorpach muid ar fad beart dé réir ár mbriathar

  • jpmorley0@gmail.com

    Cén locht atá air faoi mar atá? Tá an-chuid Gaeilge ann cheana, an rud is annanh is iontach… agus é déanta, ealaíonta, cuidsúlach go maith. Rud fíorannamh freisin! Is maith le heachtrannaigh go mór é, an méid acu ar labhair mise leo ar aon nós. Státsheirbhísigh suite ar a mbundúin ramhra ag iarraidh teacht ar bhealaí chun airgead ‘a chaitheamh’ agus obair a chruthú dóibh féin is ea an ‘beartas’ diomailteach seo….ceann eile acu! Óir is iad atá inniúil ar ár gcuid airgid a chur amú agus a dhiomailt. Sampla eile:
    Cuireann an tAE airgead as cuimse amú gach aon bhliain nuair a aistríonn siad an Pharlaimint, cip is meanaithí, ó dheas go Strasbourg. Flít ollmhór leoraithe ag luchtú gach a bhfuil sa Pharlaimint (an chistin gona háraistí féin fiú) chun tabhairt faoin mbóthar mór fada ó dheas. Gan trácht ar eitiltí, tacsaithe, óstáin, costaisí eile …is eile…agus bíonn an scannal seo ar siúl gach re mí! Cén lorg carbóin a fhágann an méid sin go léir ar an aerái, gan gíocs as aon duine mar gheall air. Sampla eile; Cara liom a thug cuairt ar cheaintín de chuid an AE sa Bhruiséal a dúirt liom gur chuir an méid bia a fágadh GAN ithe ar na boird alltacht agus múisiam air. Agus ní cineál bia den dara grád é sin geallaim duit. (Dúirt sé gur fágadh lear mór naipcíní NÁR úsáideadh ar na boird agus ar an úrlár freisin). Sea, ní bhraitheann an teann an t-ocrach. Fág an pas mar atá agus tugtar an t-airgead a shábhálfar do na bochtáin. Ró-dheacair, ró-chasta, ró-shóisialach?

  • Seán ÓM

    Is breá leis na hÉireannaigh-Bearloirí pasanna cosúil le cárta poist agus píosaí beaga Gaeilge scríofa a úsáid anseo agus ansiúd mar chomhartha na heigsuileachta …. seachas a bheith ag glacadh leis an éagsúlacht féin (labhairt na Gaeilge mar shampla).

    Tá an siombal – an comhartha éagsúlachta – níos tábhachtaí dóibh ná an rud atá siombalaithe – an éagsúlacht féin – is léir.

  • Odí Ní Chéilleachair

    Cinnte ba cheart go mbeadh an Ghaelainn feiceálach ar an bpas. Ba cheart go mbeadh an chláirseach féin feiceálach, uirlis dhúchasach na hÉireann. Níl sé soiléir an bhfuil sí le baint de agus an bhfuil rud éigin eile ar nós frog nó pilibín (an t-éan!) le cur ina háit.